I ndiaidh do Mike Nesbitt fógra a thabhairt go raibh sé i gceist aige éirí as mar cheannaire an UUP, tá an páirtí ag cuardach ceannaire le treoir a thabhairt dóibh, go háirithe ó tharla go bhfuil siad ag streachailt i dtoghcháin le fada an lá.
Ghlac Nesbitt leis an ról mar cheannaire an pháirtí don dara huair i mí Lúnasa 2024. Ceapadh é ina Aire Sláinte san Fheidhmeannas athbhunaithe níos luaithe as bhliain sin chomh maith, rud a chuir an-bhrú ar an cheannasaíocht sin ón chéad lá.
Seo an cúigiú hathrú ceannasaíochta a bheas ann ó thosaigh Nesbittsa ról an chéad uair nuair a bhí an bua aige ar John McCallister siar in 2012. Má théann Jon Burrows agus Robbie Butler in iomaíocht lena chéile, seo an chéad chomórtas ceannasaíochta a bheas ag an UUP ó shin chomh maith.
…tá Butler níos liobrálaí ar cheisteanna sóisialta agus is dócha go mbeadh sé mar sprioc aige an páirtí a dhéanamh níos nua-aimseartha.
Níl ach 9 MLA ag an UUP i dTionól Chnoc an Anfa faoi láthair agus tá an páirtí ag streachailt féiniúlacht a fhorbairt dóibh féin le blianta fada anuas. Cé go bhfuil siad measartha leanúnach ag 12% sna pobalbhreitheanna le linn tréimhse ina bhfuil céatadán gach páirtí eile san Fheidhmeannas ag titim píosa, tá obair ollmhór roimh an pháirtí tógáil ar an vóta atá acu, tuilleadh suíochán a bhaint amach sa Chomhthionól agus cur leis an suíochán amháin atá acu ar bhord an Fheidhmeannais.
READ MORE
Beidh ról dúshlánach ag cibé duine a n-éireoidh leo agus ceisteanna móra maidir le struchtúr an pháirtí, líon na mball, ról na mban agus straitéis toghchánaíochta le freagairt acu. Beidh le feiceáil an leor an tréimhse ama seo idir anois agus an chéad toghcháin tionóil eile in 2027 chun dul i ngleic leis na deacrachtaí seo agus tionchar an pháirtí a láidriú.
An t-ainm is coitianta a chloistear faoi láthair ná John Burrows. Iarphóilín sinsearach. Níor chláraigh sé leis an pháirtí go dtí 2025 agus níl ach roinnt míonna caite aige ina ról nua mar Chomhalta Tionóil (CTR). Sin ráite, ón samhradh seo caite tá sé i ndiaidh ainm mór a chruthú do féin sna meáin agus tuairimí láidre a léiriú ar go leor ceisteanna.
D’fhógair Burrows go hoifigiúil an tseachtain seo caite go raibh sé i gceist aige an cheannasaíocht a lorg, in ainneoin a laghad ama atá caite aige i saol na polaitíochta go dtí seo. Is léir go bhfuil Burrows an-láidir mar aontachtóir ar an éite dheas, ag tabhairt dhúshlán Shinn Féin agus Pháirtí an Chomhghuaillíochta ag Cnoc an Anfa agus ar líne go leanúnach. Dá mbeadh ról an cheannaire aige, is dócha go ndéanfadh sé iarracht vótálaithe a mhealladh ón DUP agus ón TUV, in áit lámha a shíneadh amach ina dtreo nach gcaitheann vóta faoi láthair nó a thacaíonn le Páirtí na Comhghuaillíochta ag am toghcháin.
Bua mór a bhí ann d’fheachtas Burrows nuair a bhí sé in ann a fhógairt go raibh tacaíocht faighte aige ón CTR as Contae Fhear Manach, Diane Armstrong. Ceaptar go mbeidh tionchar as cuimse ag Diane ar an rás seo. Ní hamháin gurb í an t-aon bhean atá ag an UUP sa Chomhthionól faoi láthair - agus aithnítear go bhfuil deacrachtaí móra ag an pháirtí mná a mhealladh le déanaí - ach tá cuid mhór de bhallraíocht an pháirtí lonnaithe i gContae Fhear Manach agus beidh tacaíocht uaithi iontach tábhachtach dóibh.
Cé gurb iad baill an pháirtí a dhéanfaidh an cinneadh maidir leis an cheannasaíocht úr, síltear go bhfuil tacaíocht na bpolaiteoirí sa Chomhthionól féin ag dul i dtreo eile agus go leor CTRanna ag iarraidh an leascheannaire reatha, Robbie Butler, a spreagadh lena ainm a chur chun tosaigh chomh maith.
Mar CTR i nGleann an Lagáin ó 2016, tá an-taithí agus tuiscint ag Butler ar an pháirtí faoin am seo agus ar an dúshlán a bheadh roimh an cheannaire úr. Bhí ainm Butler luaite leis an ról faoi dhó cheana féin nuair a tháinig an folúntas aníos roimhe seo.
Tá stíl Robbie Butler an-éagsúil ó Burrows. Mar pholaiteoir a tháinig isteach sa pháirtí le linn cheannasaíocht Doug Beattie, tá Butler níos liobrálaí ar cheisteanna sóisialta agus is dócha go mbeadh sé mar sprioc aige an páirtí a dhéanamh níos nua-aimseartha. Cé go bhfuil sé iontach láidir ar cheist an aontais, tá an chuma air go mbeadh sé níos straitéisí maidir le comhoibriú le páirtithe eile ar ábhair nach mbaineann le ceisteanna bunreachtúla.
Bheadh dúshlán mór roimh Butler sa rás mar gheall nach mbíonn mórán foinn ar bhaill an pháirtí tabhairt faoi athruithe ar an chur chuige nó ar an staid reatha, rud a bhí soiléir nuair a rinne an t-iar-cheannaire Doug Beattie iarracht amhlaidh a dhéanamh.
Eagrófar cruinniú ginearálta urghnách chun comharba Mike Nesbitt a cheapadh ar an 31 Eanáir. Cibé duine a mbeidh an bua acu, glacfaidh siad le ceannasaíocht ar pháirtí atá ag streachailt le fada an lá, atá lag sa chomhthionól, agus nach bhfuil mórán fuinnimh i measc an phobail ina leith. Beidh tionchar ag an duine seo ar thírdhreach na bpáirtithe aontachtacha ar fad ag am atá siad ag troid chun féiniúlacht dá gcuid féin a láidriú i measc na vótálaithe.












