Tacaíocht láidir do sheirbhísí óige Gaeilge

Cuireann cumainn, eagrais, agus ionaid óige scéimeanna agus imeachtaí trí Ghaeilge ar fáil.

Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, Conchúr Ó Muadaigh, gur léirigh torthaí an tsuirbhé go dtuigeann an pobal an tábhacht a bhaineann le seirbhísí óige do thodhchaí na teanga. Grianghraf: iStock/Getty
Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, Conchúr Ó Muadaigh, gur léirigh torthaí an tsuirbhé go dtuigeann an pobal an tábhacht a bhaineann le seirbhísí óige do thodhchaí na teanga. Grianghraf: iStock/Getty

Léiríonn suirbhé nua go bhfuil tromlach mór daoine sa Phoblacht agus líon suntasach ó Thuaidh i bhfabhar tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do sheirbhísí óige Gaeilge.

Ó dheas, bhí 61% den phobal a ghlac páirt sa suirbhé de chuid Ireland Thinks, a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge, i bhfabhar breis seirbhísí, bhí 15% ina gcoinne agus bhí 23% neodrach nó gan tuairim.

Sa Tuaisceart, is 48% a bhí i bhfabhar na ceiste, 41% ina coinne agus bhí 11% neodrach nó gan tuairim.

Cuireann cumainn, eagrais, agus ionaid óige ar nós Ógras agus Fóram na nÓg scéimeanna, deiseanna forbartha agus imeachtaí trí Ghaeilge ar fáil, rud a neartaíonn agus a spreagann líonraí teanga i measc an aosa óig.

Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, Conchúr Ó Muadaigh, gur léirigh torthaí an tsuirbhé go dtuigeann an pobal an tábhacht a bhaineann le seirbhísí óige do thodhchaí na teanga.

Dúirt sé: “Léiríonn na torthaí seo go soiléir go n-aithníonn daoine, ó thuaidh agus ó dheas, an tábhacht a bhaineann le tacaíocht cheart a thabhairt do sheirbhísí óige Gaeilge.”

“Léiríonn an fhíric go bhfuil 61% ó dheas ag iarraidh méadú ar infheistíocht - mar aon le hardú suntasach ar thacaíocht ó thuaidh ó 40% in 2022 go 48% i mbliana - go bhfuil an pobal go mór taobh thiar den éileamh ar son tacaíocht bhreise don obair óige trí Ghaeilge.

“Tá daoine óga i gcroílár thodhchaí na teanga, agus tá rochtain ar sheirbhísí ardchaighdeáin, a chuireann ar a gcumas an Ghaeilge a úsáid go sóisialta, go muiníneach, agus ina pobail féin tuillte acu.”

Nuair a bhaintear amach iad siúd atá neodrach nó gan tuairim ó na torthaí, bhí tromlach ollmhór 80% de dhaoine a bhí i bhfabhar na ceiste ó dheas, agus 20% a bhí ina coinne.

Ó thuaidh, bhí tromlach níos lú de 54% ar a son i gcomparáid le 46% ina coinne.

Rinneadh an suirbhé céanna in 2022 agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil athruithe tar éis teacht ar mheon an phobail sa dá dhlínse araon.

Ó thuaidh, tá an scoilt idir iad siúd atá i bhfabhar agus i gcoinne tacaíocht phoiblí do sheirbhísí Gaeilge tar éis éirí níos suntasaí le trí bliana anuas.

Tá méadú mór tagtha ar an dá champa sin agus laghdú nach beag ar líon na ndaoine sa phobal nach bhfuil aon tuairim acu ina leith.

Go deimhin is titim 18 bpointe céatadáin atá tagtha orthu siúd atá gan tuairim - ó 29% in 2022 go 11% in 2025.

Sa tréimhse ama seo tháinig méadú 8 bpointe céatadáin ar dhaoine atá ar son tuilleadh tacaíochta do sheirbhísí óige Gaeilge, ó 40% go 48%. Agus tháinig méadú 9 bpointe céatadáin ar líon na ndaoine atá ina héadan, ó 32% go 41%.

Ó dheas, tháinig laghdú measartha 5 phointe céatadáin orthu sin atá i bhfách leis an tuilleadh tacaíochta, ó 66% in 2022 go 61% in 2025.

Tháinig méadú fíor-bheag ar líon na ndaoine a bhí in aghaidh na ceiste, ó 14% go 15%, agus tháinig méadú orthu siúd atá neodrach nó gan tuairim ó 21% go 23%.

Tá an maoiniú a chuirtear ar fáil do sheirbhísí Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas tar éis a bheith i mbéal an phobail le blianta beaga anuas de bharr deacrachtaí a bhí ann tuilleadh airgid a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, an eagraíocht trasteorann atá freagrach as cur chun cinn na teanga ar fud an oileáin.

Maítear go bhfuil laghdú 45% tagtha ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge le 20 bliain anuas nuair a chuirtear boilsciú san áireamh, cé go bhfuil fás tagtha ar an éileamh atá ann ar na seirbhísí atá faoi chúram na heagraíochta.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh: “Le hinfheistíocht leanúnach agus pleanáil fhadtéarmach, is féidir le seirbhísí óige na Gaeilge leanúint orthu ag fás, ag soláthar deiseanna a shaibhríonn pobail agus a neartaíonn todhchaí na teanga do na glúnta atá le teacht.”

“Caithfimid anois bearta éifeachtacha a fheiceáil ón Rialtas ó dheas agus ón Fheidhmeannas ó thuaidh araon chun seo a thabhairt chun críche, ag cinntiú nach bhfágfar ár ndaoine óga ár lár agus tacaíochtaí breise óige á soláthar i measc an phobail.”

Ghlac 1,648 nduine fásta ó dheas páirt sa suirbhé agus bhí corrlach earráide de +/- 2.5% ag baint leis an sampla seo. Ghlac 1,051 duine fásta ó thuaidh páirt sa suirbhé le corrlach earráide de +/- 3.1%.