Is gearr go mbeidh an fear mór ag teacht anuas an simléar, agus má tá féirín nó dhó go fóill le ceannach agat i mbliana, seo chugat liosta leabhar curtha le chéile le cuidiú ó Love Leabhar Gaeilge. Dhéanfadh leabhar Gaeilge bronntanas ar dóigh do cibé duine atá fágtha ar do liosta siopadóireachta, nó seans go spreagfaidh sé seo thú cúpla leabhar a chur ar do liostasa féin! Téigh chuig loveleabhargaeilge.ie le teacht ar thuilleadh inspioráide agus leabhair den scoth.
Ficsean do Dhaoine Fásta

Scéalta Nollag
Alan Titley (Leabhair COMHAR)
Costas: €14.00
READ MORE
ISBN: 9781739512934
Cnuasach gearrscéalta leis an scoláire, colúnaí agus úrscéalaí mór le rá. Leabhar fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha ar a bhfuil sa Bhíobla. Foilsíodh leaganacha d’fhormhór na scéalta seo i gcolún Titley ‘Crobhingne’ san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Bhí an leabhar seo ar ghearrliosta ‘Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana’ ag Gradaim an Post 2025. comhar.ie

An Bhlaosc sa mBois
Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht)
Costas: €10.00
ISBN: 9781784442736
Tá go leor cainte déanta le blianta beaga anuas faoi scannal agus uafás na n-áras máithreacha agus leanaí. Seo nóibhille nua ar an ábhar ó Mhicheál Ó Conghaile, a bhfuil sé cruthaithe go minic aige nach leasc leis cúinní dorcha na hÉireann a ransú agus solas an lae a scaoileadh isteach orthu. cic.ie

An Saol Sona
David Foenkinos, aistrithe ag Máirín Ní Mhárta (Barzaz)
Costas: €14.95
ISBN: 9781915684271
Colscartha óna bhean, caidreamh ar éigean aige lena mhac, ní thuigeann Éric cén chaoi a ndeachaigh a shaol amú air oiread. Léas solais atá i ndeis nua oibre, a cheanglaíonn arís é le seanchara scoile agus a thugann go cathair Seoul é, ach ní mhaireann an solas sin i bhfad. Tógfaidh sé eispéireas as an ngnáth le cabhrú le Éric na rudaí tábhachtacha sa saol a aithint... barzaz.ie

Sadhbh
Darach Ó Scolaí, maisithe ag Ale Mercado (Leabhar Breac)
Costas: €18.00
ISBN: 9781913814571
Scéal cliste greannmhar atá sa phictiúrleabhar seo faoi bhean óg a sheasann an fód in aghaidh na bhfear - agus in aghaidh Rí Mumhan ach go háirithe! Athinsint atá ann ar cheann de na scéalta is breátha dá bhfuil againn sa tseanlitríocht, Ceasacht Iníon Ghuile. leabharbreac.com

Geansaithe Móra
Gearóidín Nic Cárthaigh (Leabhair COMHAR)
Costas: €12.00
ISBN: 9781739255169
Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach seo, iad go léir faoi bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, a bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath. comhar.ie
Neamhfhicsean do Dhaoine Fásta

An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta Na Gaeltachta
Rónán Mac Con Iomaire (Cló Iar-Chonnacht)
Costas: €20.00
ISBN: 9781784442910
Scéal corraitheach na Gluaiseachta, bunú stáisiúin raidió mhídhleathaigh, ionsaithe ar pholaiteoirí, seilbh glactha ar fhoirgnimh rialtais, círéibeacha le Gardaí, feachtais toghchánaíochta, buamáil agus máirseáil. Scéal iomlán faoi ghlúin radacach a sheas ar son chearta mhuintir na Gaeltachta. cic.ie

Nain
Sláine Ní Chathalláin (Oidhreacht Chorca Dhuibhne)
Costas: €18.00
ISBN: N/A
Scéal Máirín Uí Chathalláin, bean a rugadh ar Arda Mór i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí in 1937. Tá sí ag cur fúithi ar an gCoimín, áitín an-bheag ina bhfuil timpeall 45 duine buailte fúthu. Thosaigh Sláine ag cur peann le pár don leabhar seo in 2017 nuair a chuaigh sí i mbun blag faoina máthair chríonna. Chuir sí síos sa bhlag ar eachtraí iontacha a thit amach di agus ar a léamh féin ar shaol an lae inniu. oidhreacht.ie

Crainn & Toir
Máirín Uí Chonchubhair (Dingle Publishing)
Costas: €85.00
ISBN: 9781527281301
Is lámhleabhar é an leabhar seo le 2,000 grianghraf daite, 400 léaráid agus 60 tábla a léiríonn go cuimsitheach na crainn agus na toir atá ag fás in Éirinn, a dtábhacht miotaseolaíochta agus topagrafaíochta, litríochta, míochaine agus béaloidis; a dtábhacht mar shiombail an dúchais agus a ról i bhforbairt na mainistreacha agus na n-eastát tar éis theacht na Normannach i leith. dinglepublishing.com
Leabhair do Dhéagóirí

Heartstopper
Alice Oseman, aistrithe ag Eoin McEvoy (FutaFata)
Costas: €12.95
ISBN: 9781915684172
Aoisghrúpa: 12+
Tá Charlie agus Nick ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile… go dtí lá amháin nuair a chuirtear ina suí in aice lena chéile iad. Tá siad mór lena chéile láithreach agus ní fada go dtosaíonn Charlie ag titim i ngrá lena chara nua. Níl ach fadhb amháin ann – níl seans dá laghad ann go mbraitheann Nick an bealach céanna faoi Charlie… nó an mbraitheann? futafata.ie

Nóinín
Máire Zepf (Cois Life)
Costas: €10.00
ISBN: 9781907494949
Aoisghrúpa: 13+
Úrscéal saorvéarsaíochta a bhain Ghradam Leabhar na Bliana ag KPMG / Leabhair Pháistí Éireann 2020. Casann Nóinín, déagóir cúthail, ar fhear óg ar an idirlíon. Níl sé cosúil leis na gasúir ar scoil: tuigeann sé go smior í, agus titeann sí i ngrá. Nuair a théann sí chun casadh leis an fhear óg seo, ní thagann sí ar ais. siopaleabhar.com

Evan agus Emily agus Scéalta Eile
Éamonn Ó Loingsigh (Cló Iar-Chonnacht)
Costas: €12.00
ISBN: 9781784443047
Aoisghrúpa: 13+
Bainfidh daoine óga agus a dtuismitheoirí, idir shean agus nua, tairbhe agus taitneamh as na scéalta seo a rianaíonn saol agus taithí déagóirí agus a gcaidreamh lena chéile. cic.ie
Leabhair do Pháistí

Daidí na Nollag
Áine Ní Ghlinn, maisithe ag Mr Ando (An tSnáthaid Mhór)
Costas: €13.00
ISBN: 9781912929245
Aoisghrúpa: 0-6
Oíche Nollag atá ann. Tá Daidí na Nollag réidh le dul timpeall an domhain sa charr sleamhnáin, ach caithfidh sé an liosta a sheiceáil uair amháin eile. Leabhar crua agus lándaite, lán le rím, rithim agus draíocht na Nollag. siopagaeilge.ie

An Fia sa Choill
Sadhbh Devlin, maisithe ag Anastasia Melnykova (Futa Fata)
Costas: €14.95
ISBN: 9781915684165
Aoisghrúpa: 7+
Is athinsint é An Fia sa Choill ar scéal grá Fhinn Mhic Cumhaill agus a bhean mhistéireach, Sadhbh, a tiontaíodh ina fia nuair a dhiúltaigh sí seanfhear a phósadh. Bhí an leabhar seo ar ghearrliosta ‘Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana’ ag Gradaim an Post 2025. futafata.ie
Leabhair Eile

I Muinín na nDúl
Máire Dinny Wren (Éabhlóid)
Costas: €10.00
ISBN: 9781914482243
Bailiúchán haikuanna a dhéanann ceiliúradh ar an nádúr dhúchasach ina músclaítear ár gcéadfaí ionas go ndéantar an ceangal atá againn leis an fhiadhúlra a dhaingniú. eabhloid.com

Amhráin Amhairgin
Máire Mhac an tSaoi (Leabhar Breac)
Costas: €18.00
ISBN: 9781913814557
Don té a bheadh ag iarraidh dul amach ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi, tá fianaise bhreise sa leabhar seo ar an acmhainn dhiamhair teanga agus samhlaíochta atá le brath ó thosach deireadh a cuid scríbhneoireachta. Is é an Dr Louis de Paor a chuir Amhráin Amhairgin in eagar. leabharbreac.com

Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna?
Louis de Paor (Éabhlóid)
Costas: €15.00
ISBN: 9781914482229
Cnuasach láidir dánta ina bhfuil marbhnaí cumhachtacha poiblí d’Emma Mhic Mhathúna, Vicky Phelan agus Sinéad O’Connor ina measc, chomh maith le cáineadh géar ar pholaitíocht na hÉireann na linne seo i gcuideachta dánta níos pearsanta faoin ghrá, an bás agus an teaghlach. eabhloid.com














