Mná na nDéise le cloisteáil san Úll Mór

Ghlac peileadóirí ban as Gaeltacht Phort Láirge páirt i gcomórtas i Nua-Eabhrac an mhí seo caite

Mná na Déise: ghlac foireann ban as Gaeltacht an oirdheiscirt páirt i bhféile bhliantúil peile an Úill Mhóir. Grianghraf: RoseAnn Foley.
Mná na Déise: ghlac foireann ban as Gaeltacht an oirdheiscirt páirt i bhféile bhliantúil peile an Úill Mhóir. Grianghraf: RoseAnn Foley.

Bhí Gaeilge bhinn na nDéise le cloisteáil ar pháirceanna imeartha Nua-Eabhrac le déanaí nuair a ghlac foireann ban thar aois 25, arb as Gaeltacht an oirdheiscirt iad, páirt i bhféile bhliantúil peile an Úill Mhóir. Is as an Rinn agus an Seanphobal i nGaeltacht na nDéise baill na foirne seo.

Le linn na gcluichí a imríodh i gCumann Lúthchleas Gael Rocklands i Nua-Eabhrac bhí frásaí Gaeilge le cloisteáil á gcaitheamh acu chuig a chéile ar fud na páirce: agus an cluiche ag dul ar aghaidh bhí mná peile na Rinne agus an tSeanphobail á spreagadh a chéile leis an mot juste ab fhearr - “thar an trasnán”, “ard-iarracht” agus “ar fheabhas”, gan trácht ar na foláirimh is fiánta agus is coitianta cosúil le “taobh thiar díot” agus “seachain do dhroim”.

Deir Leanne Uí Shioradáin, bunaitheoir an ghrúpa seo atá lonnaithe in iarthar chontae Phort Láirge i gceartlár na Gaeltachta gurb é “an rud breise atá againne b’fhéidir nach bhfuil ag foirne eile ná an ról atá ag an nGaeilge san fhoireann. Is í príomhfheidhm na foirne i ndáiríre ná Mná na nDéise a rith ó thaobh na peile de trí mheán na Gaeilge. Tá sé fíorthábhachtach dúinn agus tá ag éirí go hiontach linn,” a deir sí.

Míníonn sí gur “ar mhaithe le cairdeas agus aclaíocht a thángamar le chéile, grúpa ban a imríonn peil go rialta i nGaeltacht na nDéise,” an fáth ar bhunaigh sí an grúpa i Márta 2024. Ach, a deir sí, bhí sé “mar aidhm againn ag an am deis a thabhairt do mhná os cionn aois 25 ról a bheith acu sa Chumann Lúthchleas Gael i ndáiríre… Díreach deis a thabhairt, píosa aclaíochta a bheith againn. Píosa craic, rud sóisialta, rud le déanamh dúinn féin nach bhfuil bainteach le páistí, nó an teach nó an obair, nó na rudaí gnóthacha sin ar fad a bhíonn ar siúl ag gach aoinne”.

San iomlán d’imigh fiche bean amach ó Ghaeltacht na nDéise go dtí Nua-Eabhrac i mí Dheireadh Fómhair. Chomh maith leis an bpeil, ghlac siad páirt i rith 5k thart ar an bPáirc Láir i gcathair Nua-Eabhrac, foireann na nDéise ag rith le míle bean eile.

“Díreach roimh gur thosnaíomar chan gach duine Amhrán na bhFiann, rud fíorbhródúil dúinn go léir as Éirinn,” a deir Aoife Ní Chondúin, ball eile den fhoireann agus duine d’eagarthóirí an turais, agus í ag cur síos ar imeachtaí na féile. Deir sí gur imir Mná na nDéise cúig chluiche san iomlán thar na ceithre lá agus go raibh an bua acu i dtrí cinn.

Eagraíonn New York Ladies GAA an fhéile spóirt seo, í dírithe go príomha ar mháithreacha agus ar mhná eile atá os cionn 25 bliain d’aois.

Admhaíonn sí go raibh an Ghaeilge ina buntáiste iontach acu le linn na gcluichí mar bhí tuiscint ar leith eatarthu agus nár thuig na himreoirí eile cad a bhí á rá acu. Ach, arsa sí, “an rud is suntasaí faoin turas is ea nár ghlac aon fhoireann eile ó chontae Phort Láirge páirt i bhféile peile seo Nua-Eabhrac. Ba muid an t-aon fhoireann as Contae Phort Láirge. Bhíomar thar a bheith bródúil as sin.”

Eagraíonn New York Ladies GAA an fhéile spóirt seo, í dírithe go príomha ar mháithreacha agus ar mhná eile atá os cionn 25 bliain d’aois. Ghlac breis agus ocht gcéad bean páirt inti i mbliana. Thaisteal an-chuid acu ó chlubanna ar fud na hÉireann - 17 foireann ar fad a d’imigh amach as Éirinn. Tuairiscítear go raibh 27 club i láthair ag an bhféile san iomlán – 10 ó Nua-Eabhrac san áireamh.

“An rud is tábhachtaí faoin bhfoireann seo ná go dtugann sé deis do mhná teacht le chéile agus spórt a imirt,” a dúirt an craoltóir spóirt Macdara Mac Donncha agus é ag caint faoi Mhná peile na nDéise sula ndeachaigh siad thar lear.

“Go minic, in aon spórt, go háirithe spórt foirne nuair a shroicheann fir agus mná aois ar leith, ceapann daoine go bhfuil deireadh leo. ‘Sin é. Tá deireadh leo. Tá siad ró-aosta le bheith ag plé le haon rud mar seo’. Ach tugann sé seo deis, agus is rud sóisialta é. Tá sé go maith do na gnéithe sóisialta, don mheabhairshláinte, chun bualadh le cairde agus tá sé go maith don chorp go fisiciúil agus go hintleachtúil”.

Mar chuid den réamh-ullmhúchán bhí ar an bhfoireann go leor urraíochta a fháil ó chomhlachtaí áitiúla agus bhí orthu airgead a bhailiú don turas. I measc na n-urraitheoirí bhronn an dá chlub áitiúla, Club CLG an tSeanphobail agus Club CLG na Rinne, geansaithe ar an bhfoireann. Shínigh daoine áitiúla idir óg agus aosta iad seo agus thug siad leo go dtí Nua-Eabhrac iad chun bronnadh ar na hurraitheoirí thall.

Mar chuid den fheachtas chun airgead a bhailiú d’eagraigh an fhoireann lá spraíúil i mBaile na nGall sa Rinn an samhradh seo caite. Ar feadh an lae ghlac slua breá páirt sna himeachtaí ar fad: thíos ar an gcé eagraíodh comórtas na bportán, bhí imeachtaí ann do pháistí, bhí beárbaiciú lasmuigh de Thigh an Cheoil, bhí ceol le páistí agus déagóirí, agus níos déanaí san oíche, mar chuid den fhéile phobail seo eagraíodh Comórtas Bhanríon na nOisrí inar roghnaíodh banríon ó bhaill na foirne – bhí orthu ceisteanna a fhreagairt ó fhear an tí, Eoghan Breathnach, chas duine nó beirt acu amhrán, d’aithris bean nó beirt dán. Lean an mholtóireacht ar aghaidh ach, roimh dheireadh na hócáide, an rud ba shoiléire do gach aoinne a bhí i láthair an oíche sin ná go mba bhanríona iad uilig na mná seo - gach aon duine acu.