Na polaiteoirí ag treabhadh leo

Bhí na maithe móra agus Tadhg an mhargaidh i láthair ag an gComórtas Treabhdóireachta - agus na hiriseoirí ar ndóigh

Heather Humphreys ar cuairt ag 'Tigh TikTok' ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta an tseachtain seo caite.
Heather Humphreys ar cuairt ag 'Tigh TikTok' ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta an tseachtain seo caite.

Tháinig an tOireachtas ar ais an tseachtain seo caite tar éis shaoire an tsamhraidh. Bheifeá ag súil go mbeinn ag caitheamh an chuid is mó de m’am i dTeach Laighean le linn na seachtaine sin. Ach ní mar a shíltear a bhítear.

Chaitheas dhá lá sa Screagán i gContae Uíbh Fhailí agus mé ag déanamh rud eile neamhchoitianta amach is amach - ag caitheamh buataisí Wellington.

Ar ndóigh is ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta a bhí mé, chomh maith leis na céadta mílte daoine eile.

D'fhreastail suas le 300,000 duine ar an ócáid. Grianghraf: Alan Betson
D'fhreastail suas le 300,000 duine ar an ócáid. Grianghraf: Alan Betson

Cé gur buachaill cathrach mé, chaitheas mo laethanta saoire ar fheirm m’uncail agus m’aintín i nDún na nGall agus bhí taithí éigin agam ar shaol na tuaithe.

Agus caithfidh mé a admháil go mbainim an-taitneamh as an bhFéile, atá ar cheann de na tionóil is mó san Eoraip agus 300,000 cuairteoir ann thar na trí lá.

Domhan ann féin atá ann: na tarracóirí agus na capaill ag treabhadh na bpáirceanna, na gasúir ag iompar camáin nuacheannaithe, geansaithe O’Neills, an ceol tíre, an damhsa, na meaisíní móra talmhaíochta, na comhbhuainteoirí, an teicneolaíocht a chuireann ar chumas na mbó iad féin a bhleán le cuidiú róbait (tá siad fiú in ann an tsine a aimsiú leo féin).

Daltaí na triú bliana ó Naomh Leo i gCeatharlach. Grianghraf: Alan Betson
Daltaí na triú bliana ó Naomh Leo i gCeatharlach. Grianghraf: Alan Betson

Is iontach an radharc é sin ar fad ach chun an fhírinne ghlan a rá ní fheicim mórán de. Don chuid is mó bím ag faire ar fheiniméan eile a bhaineann leis an gComórtas - is é sin na polaiteoirí.

Thart ar scór bliain ó shin d’aithin na páirtithe móra gur fiú dóibh marc a leagan síos. Bhí na sluaite ag dul ann agus an tinreamh ag ardú gach bliain. Muintir na tuaithe a bhí iontu don chuid is mó - daoine a raibh baint nach beag acu go nádúrtha leis an dá pháirtí mhóra, Fianna Fáil agus Fine Gael.

Gan dabht téann an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn ar cuairt ann gach bliain gan teip. Is laoch é ag an bhFéile.

De réir a chéile, chuir Fianna Fáil agus Fine Gael lena láthair ag an bhFéile. Bhí na pubaill a chuir siad suas ag dul i méid gach bliain. Tar éis scaithimh, thosaigh polaiteoirí móra le rá de chuid Shinn Féin ag tabhairt cuairt ar an bhFéile - nuair a thuirling Gerry Adams agus Mary Lou McDonald den chéad uair níos mó ná deich mbliana ó shin cuireadh fáilte rompu dála réaltaí Hollywood.

Sin an fáth a bhfuil na hiriseoirí polaitiúla ar dualgas ag an bhféile - is ócáid mhór pholaitiúil í atá inscríofa san fhéilire.

Is fearr a oireann an ócáid do pholaiteoirí áirithe ná a chéile. Bhí Enda Kenny i gcónaí ar a shuaimhneas ansin. Tuigeann sé muintir na tuaithe agus slite na tuaithe. Rith sé liom i gcónaí agus mé ag breathnú air go raibh sé i measc a phobail féin ag an gComórtas Treabhdóireachta.

D’fhéadfá an rud céanna a rá faoi iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, Heather Humphreys. Tá eolas grinn aici ar gach paróiste agus sráidbhaile sa tír. Tógadh í ar fheirm i gContae an Chabháin agus, amhail Kenny, tuigeann sí modh maireachtála an fheirmeora.

Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald agus  Michelle O'Neill ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta.  Griangraf: Alan Betson
Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald agus Michelle O'Neill ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta. Griangraf: Alan Betson

Cé gur buachaillí cathrach iad Bertie Ahern agus Micheál Martin, bhí siad in ann teacht isteach ar an saol sin gan mórán dua. Is amhlaidh an scéal le Mary Lou McDonald agus le Simon Harris. Gan dabht téann an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn ar cuairt ann gach bliain gan teip. Is laoch é ag an bhFéile. Faigheann sé fáilte as cuimse ó na daoine ansin agus is léir go bhfuil meas mór aige ar gach a tharlaíonn ann.

Nuair a toghadh ina Uachtarán é in 2011, bhí sé seachtó bliain d’aois. Dúirt sé nach raibh sé chun ach téarma amháin a dhéanamh. Ach nuair a tháinig an crú ar an tairne agus é ag druidim i dtreo dheireadh na seacht mbliana, rinne sé cinneadh go mba mhaith leis an darna téarma a dhéanamh. Ní fánach an rud é gur fhógair sé an scéal go poiblí ag an gComórtas Treabhdóireachta. Rinne sé agallamh le Seán O’Rourke ó RTÉ ag an bhFéile inar thug sé le fios go raibh spéis aige seasamh don phost don darna huair.

Cá bhfuil an picnic? Grianghraf: Alan Betson
Cá bhfuil an picnic? Grianghraf: Alan Betson

Bhí na ceannairí go léir ansin an tseachtain seo caite agus iad ag meascadh le daoine ar an láthair. Ach bhí aird an phobail (agus na meán) dírithe ar an toghchán uachtaránachta. Bhí an triúr iarrthóirí deimhnithe - Jim Gavin, Heather Humphreys agus Catherine Connolly - i láthair ag an bhFéile i rith na seachtaine agus iad go léir ag stocaireacht go gnóthach.

Ar ndóigh, ba chomharsana béal dorais iad Fianna Fáil agus Fine Gael - bhí na pubaill in aice lena chéile agus póstaeir millteach mór de Humphreys agus Gavin ag stánadh ar a chéile.

Tá sé deacair a rá cén toradh a bheas ar an toghchán. Is í Humphreys rogha na coitiantachta faoi láthair agus tá sí in ann dul i measc na sluaite gan aon stró. Ní polaiteoir nádúrtha é Gavin. Cé go bhfuil éacht déanta aige i réimse an spóirt agus ina shaol pearsanta, is cinnte nach bhfuil sé chomh snasta agus chomh bríomhar is a d’fhéadfadh sé a bheith ó thaobh cur i láthair de.

Jim Gavin ag caint leis na meáin.
Jim Gavin ag caint leis na meáin.

Tá cuma beagáinín stadach agus neirbhíseach air faoi láthair agus beidh air a bheithníos cuideachtúla.

Tá Connolly spéisiúil. Ní raibh sí ag an bhFéile cheana ach d’éirigh go maith léi. Bhí spéis ag daoine buaileadh léi agus ceisteanna a chur uirthi. Bhreathnaigh sí i bhfad níos réchúisí ar an iomlán. Ise, ar ndóigh, an t-aon iarrthóir atá líofa go hiomlán sa Ghaeilge.

Cuireadh ceist uirthi faoin tuairim nach mbeadh aon díospóireacht i nGaeilge ar TG4. “Má tá cinneadh déanta gan díospóireacht a bheith ann trí Ghaeilge, is cúis díomá é go hiomlán,” a dúirt sí.

Má thagann an ceathrú duine chun cinn mar iarrthóir, beidh míbhuntáiste mór acu sa mhéid is nach raibh an seans céanna acu a gcuid buanna a léiriú os comhair phobal na tuaithe ag an Treabhdóireacht!

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times