Teangeolaithe de dhíth ar an Aontas Eorpach

Postanna ar fáil do lucht na Gaeilge

Tá an Rialtas ag súil go gcuirfear níos mó ná 180 post ar fáil d’aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg idir seo agus 2021.

Chuir an t-aontas tús le feachtas earcaíochta don chéad 62 post d’aistritheoirí an tseachtain seo caite.

Dúirt Seán Kyne TD, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, gur léirigh na postanna go raibh feidhm phraiticiúil leis an teanga: “Is iontach an deis í seo chun slí bheatha thairbheach idirnáisiúnta a bhaint amach agus chun próifíl ár dteanga náisiúnta a ardú trasna na hEorpa.”

Is féidir iarratas ar phost a dhéanamh ach gabháil chuig www.jobs.eu-careers.eu.

READ MORE

Tá an comórtas oscailte do chéimithe ollscoile, iad siúd a gheobhaidh a gcéimeanna an samhradh seo san áireamh.

Ní foláir d’iarrthóirí cumas sármhaith Ghaeilge bheith acu agus eolas maith ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an aontais ar a laghad agus an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis ar cheann amháin acu.

Tosaíonn an scála tuarastail do na poist ag €4,384 sa mhí.