Peig Sayers: Clú nó míchlú?

Tá go leor ann nach féidir leo cuimhneamh ar Pheig gan ghangaid, gan searbhas agus gan mhagadh

FOCLÓIR: fiúntas - value, seoigh - wonderful , gangaid - venom, searbhas - bitterness, fothracha - ruins, tarcaisneach - scornful, dalba - brazen, iarchoilíneachas - postcolonialism, gabharpheacaíoch - scapegoat.

“The most depressing book that a 14-year-old could ever open – a mid-sized Irish woman, built like a brick shithouse, Irish Catholic to the core, living on a nothing island.”

Sin dearcadh amháin a nochtar go dalba ar chlár nua faisnéise Peig a chraolfar an tseachtain seo ar shaol Pheig Sayers, seanchaí an Bhlascaoid Mhóir.

Rugadh Peig Sayers i nDún Chaoin sa bhliain 1873 ach is i measc pobal beag oileánach an Bhlascaoid a chaith sí cuid mhór dá saol.

READ MORE

Bhí féith láidir scríbhneoireachta sna dúichí sin le linn aimsir Pheig. Is as an bpobal beag oileánach céanna ar an mBlascaod arbh cuid de í a d’eascair na scríbhneoirí Tomás Ó Criomhthain agus Muiris Ó Súilleabháin agus ba as Com Dhíneol Thuaidh i nDún Chaoin é Pádraig Ua Maoileoin. Triúr iad sin a bhain sciar maith den chlú amach i litríocht na Gaeilge. Tá ard mheas ar a saothar agus cé go mbíonn siad i mbéal na ndaoine, mar a déarfá, ní thugtar an drochíde orthu a thugtar ar Pheig.

Tá cuid mhór de phobal mór na hÉireann nach féidir leo cuimhneamh ar Pheig, an scéalaí is cáiliúla i litríocht na hÉireann, gan ghangaid, gan searbhas agus gan mhagadh.

Dar ndóigh, tá cáil ar dírbheathaisnéis Pheig Sayers, Peig (1936), leabhar a bhí ar shiollabas na hArdteistiméireachta ar feadh na mblianta fada.

Ach cén fáth go bhfuil drochmheas ar Pheig féin? Iarchoilíneachas, drochmheas ar an sean saol agus/nó gabharpheacaíochas?

Déantar iarracht sa chlár seo - Peig - tuiscint níos fearr a fháil ar na cúiseanna atá leis agus ar dhúchas na mná í féin.

Labhair Tuarascáil leis an iriseoir agus léiritheoir raidió Sinéad Ní Uallacháin atá ina láithreoir ar an gclár. Is as Corca Dhuibhne di féin. Ceantar dúchais Pheig Sayers. An raibh baint ar bith ag a cúlra féin leis an gcinneadh a rinne sí an clár seo a dhéanamh?

“Chaitheas blianta fada ag obair in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin. B’fhéidir nár chuireas suim i bPeig mar ba cheart. Nuair atá tú níos óige tá rudaí eile ag déanamh tinnis duit. B’fhéidir nach mbíonn tú ag díriú ar shaibhreas na háite, ar oidhreacht na háite, ar an áit ar éirigh tú aníos ann.

“Bhí sórt náire ag baint leis sin: go raibh an bhean seo ar leac an dorais ach nár dheineas iarracht riamh fiosrú mar gheall uirthi ná mar gheall ar a saol.

“Chloisinn go leor cainte agus daoine ag caitheamh anuas uirthi. Arbh ionainn í agus an bhean sa leabhar sin a bhí ar shiollabas na hArdteiste?

“Theastaigh uaim é sin a fhiosrú ach theastaigh uaim é a fhiosrú sa tslí go rachainn chun cainte leo siúd go raibh fios a gcúram go maith acu agus is dóigh liom go bhfuil sin déanta san chlár seo.”

Tugann Ní Uallacháin cuairt ar an mBlascaod, seasann sí i bhfothracha an tí a raibh cónaí ar Pheig ann i mBun an Bhaile agus labhraíonn sí le scríbhneoirí, le hacadúlaigh agus le muintir na háite chun tuiscint a fháil ar an bhean shuntasach, mhór le rá seo.

Déanann sí scagadh ar scéal beatha Pheig. Chun é sin a dhéanamh bhí uirthi tabhairt faoina saothar a léamh.

“Ní raibh an leabhar léite riamh agamsa. Thosnaíos dá léamh agus caithfidh mé a rá gur bhaineas ana-thaitneamh as! An chéad chuid den leabhar ach go háirithe agus í ag déanamh cur síos ar a hóige. Tá píosaí an-deas ansin agus an Ghaolainn shaibhir chomh maith.

“Tharla rudaí ana-thapaidh ansan san darna leath den leabhar ach nuair a chuimhníonn tú ar an tslí ar breacadh síos é cuimhním ar ‘Chinese Whispers’”.

Tagairt atá anseo don tslí ar scríobhadh dírbheathaisnéis Pheig. Ba í an scríbhneoir Máire Ní Chinnéide a mhol do Sayers an leabhar a scríobh. Ó tharla nach raibh léamh nó scríobh aici, dheachtaigh Peig an leabhar dá mac Maidhc a scríobh síos a raibh le rá aici. Ní fios an raibh sé á treorú ar bhealach ar bith ach deirtear go bhfuil a ghuthsan nó guth Ní Chinnéide le cloisteáil sa leabhar chomh maith le guth Pheig.

Tá dhá thraidisiún sa tír seo i gcónaí: iad siúd a cheapann gur seod cultúrtha agus liteartha atá sa leabhar agus iad siúd le dearcadh tarcaisneach ina thaobh.

Ach an dtagann an leabhar lena h-iomrá? An bhfuair Ní Uallacháin léargas ann ar chúis na dímheasa?

“Bhuel is dócha go raibh an leabhar duairc go leor. Ní h-aon bhréag é sin agus b’fhéidir nárbh é an t-ábhar ab fhearr le tabhairt do dhaltaí a bhí sna déaga chun staidéir a dhéanamh air. Is dócha gur as sin a thagann an dímheas.”

“Tuigim é sin ó a bheith ag caint leis na daoine a bhí ar an gclár. Ní dócha go raibh sé oiriúnach (don gcuraclam scoile) agus gurb é sin an síol as a d’fhás an dímheas. Ach ní dóigh liom go bhfuil sé ceart dímheas a bheith againn ar an mbean féin. B’fhéidir nárbh é an leabhar ab fhearr agus ab oiriúnaí é, ach ní ar Pheig atá an locht, dar liom.

Tagann an méid atá le rá ag Ní Uallacháin leis an méid a deireann an scríbhneoir Ré Ó Laighléis agus é féin faoi agallamh ar an gclár.

“Leabhar ar bith, tá sé ag brath ar spéis a bheith ag an léitheoir sa leabhar, spéis a bheith ag an léitheoir san ábhar.” Dúirt sé nár oir Peig do dhaoine áirithe.

“Ach, ní shin le rá nach bhfuil fiúntas leis an leabhar agus nach bhfuil rud fiúntach le tógáil ón saothar seo. B’fhéidir nach (leabhar) don Ardteist é, ach is rud don saol é,” a deireann sé.

Is cinnte nach raibh súil ar bith ag Peig go mbeadh cáil uirthi agus mar a dúirt an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin, “Cha raibh a fhios aici go raibh sí le dul viral”.

Is in insint scéal Pheig féin atá luach an chláir seo. Bealach maith leis an smál a bhaint den mhíchlú sin.

“Cuimhnigh, cén cuntas atá againn ar scéal ban ón am sin,” a deireann Ní Uallacháin. “Sin gné faoi leith de scéal Pheig nach gcloisimid, nó nár chualamar chomh minic sin. Guth baineann, oileánach agus duine nach raibh mórán aici ach gur tugadh an t-ardán sin di agus scaoileadh léithe a scéal a insint”.

An raibh aon rud a chuir ionadh ar Ní Uallacháin agus í ag foghlaim faoin scéalaí iomráiteach seo? “Na scéalta daonna is dócha a sheasann amach,” a dúirt sí.

“Nuair a labhraíonn tú le daoine a thuigeann nó a bhfuil fios a gcúram acu mar gheall uirthi is ea is mó go gcuirtear dath léi agus go gcíonn tú í mar bhean.

“De réir dealraimh bhí sí breá ard, dathúil, bhí na súile áille corcra seo aici. Sheas a háilleacht amach. Rudaí mar sin, nuair a chruthaítear pictiúr di agus gné na rógaireachta.”

“Thuigeas níos mó faoin mórtas atá ag daoine aistí níos mó ná mar a thuigeas ag tús an aistir.”

Luann sí an file Nuala Ní Dhomhnaill (a insíonn dán a scríobh sí in onóir Pheig).

“D’aithin sí na buanna a bhí aici mar údar agus mar scéalaí ach thuig sí chomh maith nach raibh cothrom na féinne á thabhairt againn di.”

Mar a deireann Máire Ní Dhálaigh ó Ionad an Bhlascaoid sa chlár “Bean sheoigh ab ea í, lán de rógaireacht, agus lán de chraic. B’shin í an Netflix a bhí acu i nDún Chaoin agus istigh ar an mBlascaod agus gach éinne ag bailiú timpeall uirthi ar nós dráma.

“Ana dhifriúil ón slí ina bhfuil sí léirithe sa leabhar.”

* Léirigh Waddell Media an clár le tacaíocht ón Ciste Craoltóireachta Gaeilge, de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Craolfar Peig ar 10 Márta 9.30pm TG4

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.