Neodracht na hÉireann: ag tapú na deise?

Is le linn éigeandálaí a tharraingítear anuas an sean díospóireacht maidir le fiúntas stádas neodracht na hÉireann.

FOCLÓIR: Slascairt - slaughter; scaoll - panic; drogall - reluctance; saint - greed; ionradh - invasion; armlón - ammunition; cabhair neamh-mharfach - non-lethal aid; róthéamh núicléach - nuclear meltdown; ruathar - attack.

Ní fios cé mhéad duine a maraíodh san chogadh san Úcráin go dtí seo agus ní móide go dtiocfaidh deireadh leis an tsléacht nó leis an tslascairt fhuilteach go luath.

Ní áibhéil é a rá go bhféadfadh an cogadh seo a bheith ar an chaibidil is tromchuisí i stair na cruinne ón Dara Cogadh Domhanda i leith, rud a mhíníonn an drogall atá ar thíortha an iarthair a gcuid saighdiúirí a chur isteach sa troid.

Tá faitíos i gcónaí ar chuid de na tíortha atá in aice na Rúise go mbeadh sí ag bagairt orthu agus seans gur thiomáin sin cuid acu isteach in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT). Chuir sé imní ar an Rúis go raibh ECAT ag iarraidh í a thimpeallú agus mhéadaigh ar an scaoll a bhí ar an dá thaobh.

READ MORE

Ar ndóigh, saint agus dúil i dtailte ba bhun le ionradh na Normánach ar Éirinn ach níorbh leasc lena gcomharbaí a mhaoimh gur ag iarraidh iad féin a chosaint a bhíodar - cosaint ar naimhde a d’fhéadfadh Éire a úsáid mar bhealach isteach ón iarthar.

Níor thug an áiteamh sin ceart do Shasana a bheith i seilbh na hÉireann agus a sibhialtacht a mhilleadh agus níor thug áiteamh cosúil leis ceart do na Stáit Aontaithe a bheith ag iarraidh an bonn a bhaint ó neamhspleáchas Chúba. Ní thugann sé an ceart do thíortha i lár na hEorpa bheith ag bagairt agus ag déanamh ionraithe agus sléachtanna ar a chéile.

Chuir an Aontas Eorpach airm agus armlóin ar fáil don Úcráin, mar a rinne go leor tíortha eile, agus mar chuid den phacáiste céanna, d’íoc Éire as cabhair neamh-mharfach a seoladh ar aghaidh leis na h-airm.

Cé go bhfuil cáil ar Éirinn maidir lena cuid oibre leis na Náisiúin Aontaithe, is le linn éigeandálaí mar seo go hiondúil a tharraingítear anuas an sean díospóireacht maidir le fiúntas stádas neodracht na tíre. Táthar ann atá ag rá gur cheart don tír dul i bpáirt le ECAT nó le comhghuaillíocht éigin eile míleata san Eoraip mar fhreagra ar ionradh na Rúise.

In am mar seo bíonn deis ar leith le tapú.

Ach cad chuige a mbeadh an cumas nua míleata seo? Léiriú lom a bhí san ionsaí ar stáisiún cumhachta núicléach Zaporizhzhia gur fearr i bhfad na coimhlintí seo a chosc ar fad seachas páirt a ghlacadh iontu.

Cé nár tharla pléascán nó róthéamh núicléach an babhta seo, ní raibh ECAT in ann pioc a dhéanamh chun an ruathar sin a stopadh.

Pé cúis atá acu siúd ar mian leo deireadh a chur le neodracht na tíre seo, ní minic na daoine céanna ag caint ar an obair cheannródaíoch a rinne an tír neodrach seo sna Náisiúin Aontaithe nó sa chéad mhór chonradh idirnáisiúnta a chuir srian ar airm núicléach, an Conradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach.

Bheadh sé deacair ceann ar bith den 30 ball atá in ECAT a shamhlú ag tabhairt faoi obair na síochána as a stuaim féin.

De réir pobalbhreithe nár tugadh mórán airde air sna meáin an tseachtain seo caite, d’fhiafraigh Amárach Research de 1,000 duine an rabhadar sásta go gcoinneoidh Éire a stádas mar thír neodrach. Dúirt 76 faoin gcéad go rabhadar ar a shon, 15 faoin gcéad nach raibh agus 9 faoin gcéad a dúirt nach rabhadar cinnte. Tá suíochán anois ag Éirinn ar Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe. In am mar seo bíonn deis ar leith le tapú.

Costas postais Aon lá amháin théis do An Post ardú 15c a chur le costas stampa theip ar Eircode teacht os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun a mhíniú cén fáth gur theip orthu córas a cheapadh a ghlacfadh le seoltaí as Gaeilge i gceantair Ghaeltachta.

Thuairiscigh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill in 2016 gur sháraigh an Roinn Chumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha dualgas reachtúil teanga le linn sheoladh Eircode mar nach raibh solathar sa chóras do sheoltaí poist i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Rinneadh gearáin lena oifig ag an am go raibh ainmneacha, sloinnte agus seoltaí aistrithe go Béarla le linn dháileadh an Eircode.

Nuair nár éirigh leis an fhadhb a réiteach i gcomhar leis na rannpháirtithe, leag Ó Domhnaill tuairisc faoi bhráid Thithe an Oireachtais anuraidh ina dúradh go raibh an dlí fós á shárú.

Tar éis don Teachta Éamon Ó Cuív, an teachta Catherine Connolly agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee í a cheistiú go leanúnach ag seisiún an choiste, mhaigh an Aire Stáit Hildegarde Naughton go raibh sé i gceist aici aghaidh a thabhairt ar an cheist.

Tá an Roinn chun comhairle dlí a lorg ón Ard-Aighne faoi thuarascáil an Choimisinéara mar nach dóigh leo go bhfuil an reachtaíocht a bhaineann le logainmneacha sa Ghaeltacht á sárú acu.

Cé is moite de sin, agus é ag cur críoch leis an seisiúin, dúirt an cathaoirleach Aengus Ó Snodaigh, go raibh sé i gceist aige comhairle dlí a fháil maidir leis an gcinneadh a rinne Eircode gan ionadaithe a chur ar fáil chun teacht roimh an gcomhchoiste.

“Níl muidne ach ag lorg freagraí ar cheisteanna agus ag déanamh cinnte de nach mbeidh an dlí á shárú amach anseo “ a dúirt sé.

Bhí an t-ardú 15c sin ar chostas stampaí ar an dara hardú a rinne An Post laistigh de bhliain.

Beidh lucht na Gaeilge ag ceistiú cén luach a chuireann na comhlachtaí seo ar chearta teanga.

Ceiliúradh ar shaibhreas chartlann RnaG

Agus Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an bhfód i mbliana, tá siad ag iarraidh cabhrach ar an bpobal éisteachta. Tá sé beartaithe cnuasach ceoil a chur i dtoll a chéile mar cheiliúradh ar an gceol agus na hamhráin is mó a chuaigh i bhfeidhm ar na héisteoirí ó 1972 i leith.

Rogha na n-éisteoirí a bhéas le cloisteáil ar na dlúthdhioscaí seo, agus dhá bharr sin tá an stáisiún ar thóir moltaí an phobail.

Is féidir litir a chur sa phost chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Conamara, Co. na Gaillimhe, nó é a chur chucu ar ríomhphost rnag50@rte.ie as seo go dtí 11 Márta don chéad rogha: amhráin ar an sean-nós.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.