Neach santach an phopchultúir

Blade Runner, Judge Dredd agus an cúlú ón chearnóg


Neach santach atá sa phopchultúr; ní líontar a bholg in am ar bith. 35 bliain ó shin a craoladh Blade Runner, scannán ficsean eolaíochta a bhain clú agus cáil amach do Ridley Scott, stiúrthóir.

Bhuanaigh an scannán clú an phríomhaisteora, Harrison Ford, sa ról Deckard, sealgaire searbh na n-andróideach eisreachtach. Seans mór go raibh Ford sásta leis an ról siocair gur éalaigh sé as scáil Han Solo i Star Wars. Is ait iad na rólanna ficsean eolaíochta – bhí Deckard ní b'fhearr mar characthar ná Solo.

Seo anois Blade Runner 2049, an dara hinsint sa scéal. Tá Ford ar ais mar Deckard agus maraíodh Han bocht Solo san eagrán is déanaí agus is suaraí de Star Wars. Ach is seanduine é Ford faoin am seo agus tá Ryan Gosling leis. Caithfidh lucht déanta an scannáin, lucht cruinnithe an airgid, an dara greim a bhaint as an scéal agus duine óg a chur roimh an mhuintir óga a cheannóidh ticéid.

Ní sna scannáin amháin a tharlaíonn sé sin. Tá an greannán 2000AD 40 bliain ar an tsaol i mbliana. Creid é nó ná creid, cheannaigh mise an chéad eagrán de i siopa beag i mBéal Feirste lá den tsaol agus lean de bheith á léamh ar fad i bhfad.

READ MORE

Is ait mar a fhaigheann greannán den tsórt sin greim ar shamhlaíocht duine óig. Bhí a lán foréigin ann, go díreach mar a bhí i mBéal Feirste an t-am sin. Bhí Rogue Trooper ann, ABC Warriors, Sláine – carachtar a bhí bunaithe ar Chú Chulainn, creidim – Strontium Dog agus, ar ndóigh, an duine is clúití den iomlán, Judge Dredd.

“I am the Law,” an nath a bhíonn ag Dredd agus rinneadh scannán de faoi dhó. Ní fiú biorán an ceann a rinne Sylvester Stallone ach bhí an dara ceann le Karl Urban ní ba dheise don charachtar bhunaidh. Tá lucht na ngreannán ag cruinniú na scéalta le chéile in imleabhair ar leith leis an éacht a chomóradh – “40 years of thrills”. Tá Sláine ar ais agus mórán carachtar eile a d’imigh le sruth agus le stair. Cá hiontas? Níor chaill fear na margaíochta riamh é.

Tá Sláine san eagrán reatha den ghreannán fosta – cumhacht na mioteolasaíochta Ceiltí! – agus is ann do Dredd i gcónaí. Is é an t-iontas é gur mhair Dredd chomh fada sin i meon an phobail agus an ráiteas lom sin dá chuid.

“Mise an dlí”? Fan go mbíonn reifreann againn faoi sin.

Léim thar an Life

D’imigh Foras na Gaeilge as Cearnóg Mhuirfean, deisceart Bhaile Átha Cliath, agus d’aistrigh go Sráid Amiens, tuaisceart Bhaile Átha Cliath, tá seachtain ó shin.

Ceann de na buanna beaga a bhí ag an fhoras – agus ag Bord na Gaeilge rompu – gur thug an teach deas Seoirseach ar an chearnóg ghalánta le fios, go bréagach, go raibh an teanga i lár an aonaigh, cois an aicsin.

Ní raibh Teach Laighean agus an Dánlann Náisiúnta agus Brown Thomas i bhfad ó lucht measúil na Gaeilge. Dá laghad aird a bhí ag an rialtas – gach aon rialtas – ar an teanga, bhí ceanncheathrú ag Gaeil a léirigh go raibh siad ar comhchéim leis na heagraíochtaí deasa céimiúla leathstáit eile.

Ní bheidh sin le maíomh feasta as an fhoirgneamh nua, teach gan iomrá gan dealramh ó thaobh na hailtireachta de.

Cinnte, beidh deis ag an fhoras buntáiste a bhaint as an aistriú. Tig leo a rá go bhfuil siad anois i dteagmháil le fíor-Dhubanna na cathrach agus iad ag tabhairt droim láimhe leis an tsotal mheánaicmeach a luaitear leis an teanga sa chathair go minic.

(Ná smaoinigh tusa, a léitheoir, gur céim síos don eagras atá ann an léim thar an Life, an t-aistriú anonn, an díbirt as an deisceart, an teitheadh chun an tuaiscirt, an cúlú ón chearnóg, an díshealbhú ó Dhuibhlinn a Dó. Ní briseadh na Bóinne atá ann. Tá spéis ag Leo sa Ghaeilge – mar a bhí ag Enda.)

Ní dócha go mbeidh cumha ná cuimhne ar an tsean-cheanncheathrú ach an oiread. Tharla gur shiúil mé thar bráid sean-cheannáras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Shráid Chill Dara an lá faoi dheireadh. Folamh atá na hoifigí ó cuireadh deireadh leis an chomhdháil faoi scéim atheagair de chuid an fhorais féin.

Bhí an chomhdháil thar a bheith éifeachtach agus is doiligh a chreidbheáil go raibh cruinnithe agus comhrá san áit uaigneach seo riamh.

Ní hé sin deireadh an scéil, ámh. Thíos san íoslach – san áit a mbíodh bialann Ghaelach – tá an áit lán bruscair agus tá cúpla duine gan dídean ina gcónaí ann. Tá a gcuid málaí codlata le feiceáil i measc an tsalachair agus iad ag iarraidh bheith beo sa chathair chadránta.

Tá ceacht de chineál éigin ansin dúinn uilig.

Im ar arán

Comhartha gur Gael go fóill thú agus nár ghéill tú do

bhourgeoise

an Bhéarla. Ag cúléisteacht le fear agus é ag maíomh as an ola olóige a cheannaigh sé. “Tá sé an-bhlasta má thumann tú arán inti.”

Arán a thumadh in ola olóige!

Déistineach! Cuireann tú im ar arán – agus ar phrátaí!