Cosúil le cuid mhaith daoine eile, thosaigh mé 2014 le pian i mo cheann agus liosta dea-rún i m’intinn. Is cuimhin liom glór beag inmheánach ag rá: “Is leor sin anois. Fág tréimhse na hiomarca thiar i 2013 agus cuir tús le séasúr na srianta.”
Bliain i ndiaidh bliana, déanann daoine an rud céanna, mar a bheadh cliché mór daonna ionainn. Tugaimid neamhaird ar thionchar na gcalraí um Nollaig mar go dtagann deis aithreachais go bliantúil chun peacaí an itheacháin a ní agus chun an corp a ghlanadh ón olcas.
I mbliana, gheall mé go mbeinn níos sláintiúla agus go gcaillfinn meáchan na Nollag. An iarraidh seo áfach, thug mé faoin gheallúint go dian díograiseach mar a bheadh misean míleata i gceist. Leag mé síos plean cúig phointe: beartaigh spriocmheáchan; ceannaigh bia sláintúil; déan sceideal aclaíochta; seachain an t-alcól (athdhéanamh de réir mar is gá); coinnigh súil ar na calraí.
Bheartaigh mé go mbeadh méid áirithe (rúnda) caillte agam i gceann trí mhí agus bhailigh mé na rudaí a bheadh de dhíth chun an “Mise Nua” a chruthú. D’imigh mé liom go dtí an siopa bia sláinte chun tae bán, bainne almóine agus leite orgánach a cheannach. Líon mé mo chuisneoir le glasraí úra agus thóg mé mullóg torthaí i lár an tábla sa chistin. Shuígh mé síos le clár ama an ghiom agus peann chun na ranganna is deacra a roghnú.
Deirtear nach bhfuil de dhíth ach gnáthchiall chun meáchan a chailliúint: go bhfuil sé chomh simplí le bia sláintiúil a ithe agus aclaíocht a dhéanamh.
Ach chuirfinn gné eile san áireamh – cumhacht intinne. Bíonn sé furasta go leor plean a chur le chéile ach muna bhfuil an neart tola ionat, bíonn sé ró-éasca titim ar ais i bpoll na drochshláinte.
Is é an namhaid is mó do chumhacht intinne ná an t-ól mallaithe. I ndiaidh oíche amháin amuigh is féidir dearmad a dhéanamh de na dea-rúin uilig agus fáilte fhlaithiúil a chur roimh na sceallóga agus na burgair. Is é sin an fáth gur bheartaigh mé “Eanáir tirim” a bheith agam – mí iomlán ag staonadh ón alcól. Iontach.
Agus mé dea-armáilte le gnáthchiall agus mórphlean cúig phointe, ba chóir go mbeadh spriocanna amas na haclaíochta furasta go leor le baint amach. Ach chun bua a bhaint sa chath in éadan cathaithe, bheadh cuidiú de dhíth orm chun pointe a ceathair a chomhlíonadh. Cheap mé leascheannasaí i bhfoirm aip chun súil a choinneáil ar na calraí.
Go bunúsach, déanann an aip meastúchán ar an méid calraí a ba chóir duit a thógáil go laethúil, bunaithe ar do mheáchan mar atá sé, do spriocmheáchan agus an méid ama atá agat leis an mheáchan a chailliúint. Ansin, cuireann tú isteach na calraí a ghlacann tú trí na cineálacha éagsúla bia agus an méid calraí a úsáideann tú trí aclaíocht. Ag deireadh gach lae, airíonn sé d’iontógáil calraí agus measann sé cad é mar atá ag éirí leat.
Ó thús na bliana mar sin, tá mo chara úr ag teacht liom gach aon áit chun cuntas a dhéanamh ar na calraí. Mothaím é ag stánadh thar mo ghualainn agus mé ag oscailt an chuisneora agus cluinim é ag tut-tutáil agus mé ag smaoineamh faoi sheacláid sa siopa. Coinníonn sé i gceart mé agus bím ag brath air chun a choinneáil ag dul.
Líonaim isteach na calraí go díograiseach i ndiaidh gach béile. Molann Leascheannasaí Láidir mé ar na laethanta maithe agus insíonn sé dom cé mhéad a bheas caillte agam i gceann cúig seachtaine. Spreagann mo chara beag teicniúil mé le bheith níos fearr arís ar an chéad lá eile. Ach, i ndiaidh dom a bheith dalba, is próiseas faoistine é agus tugann an aip fianaise chrua dom go gcarnann na calraí go gasta agus go bhfuil obair le déanamh.
Dá dtiocfadh le lucht teicneolaíochta míreanna breise a chur ar an aip áirithe seo, mholfainn go dtiocfadh grianghraif ghránna aníos ar an scáileán i ndiaidh dom easpa aclaíochta a dhéanamh – íomhá díom féin agus ceithre chloch bhreise orm.
Nó b’fhéidir go dtiocfadh turraing leictreach fríd an ghuthán i ndiaidh dom bia míshláintiúil a ithe. Is í an chontúirt is mó ná go n-éireoidh mé róghafa le calraí agus bia nach mbeidh ábhar cainte ar bith eile agam.
Tá cúpla (ag brath ar an data!) seachtain anois déanta agam agus tá ag éirí go geal le mo phlean beag. Bíodh sin mar atá, tá mé chóir a bheith cinnte nach mbeidh mí Feabhra ná Márta leath chomh tirim agus a bhí mí Eanáir. Níl a fhios agam an mbeidh Leascheannasaí Láidir in ann mé a shábháil ar an drochbhia.