Leanaí liteartha

Is iontach agus is aisteach an rud é saol an scríbhneora


Is iontach agus is aisteach an rud é saol an scríbhneora.

Is iomaí casadh sa bhóthar agus is minic in ísle brí muid nó ag streachailt le heaspa smaointí. In amanna eile, bíonn sé fíor-órga. Níl rud ar bith, mar shampla, inchurtha leis an bhomaite draíochta sin nuair a fheiceann tú do leabhar nua den chéad uair.

Tá sé cosúil le leanbh liteartha a bheith agat. I dtús báire, seiceálann tú go bhfuil d’ainm ar an chlúdach agus go bhfuil níos mó ná leathanaigh ghlana taobh istigh – cosúil leis an tuismitheoir nua ag comhaireamh na méar agus na ladhracha ar an bhabaí.

Faoiseamh ar dtús, mar sin, go bhfuil gach rud i gceart i ndiaidh na hoibre uilig.

READ MORE

Ansin, tagann an díchreideamh. Ar tháinig seo uaimse? I ndáiríre? Is cuimhin liom go maith bheith ag scriobláil i mo leabhar nótaí.

Is cuimhin liom bheith ag léamh leabhair taighde.

Is cuimhin liom scríobh ar an ríomhaire. Ach seo? Seo fíorleabhar a bheas sna siopaí!

Cad é mar a tharla sin?

Ina dhiaidh sin, tagann an chur-in-aithne; an sliocadh boise don chlúdach, an mionscrúdú ar na léaráidí, an géarstaidéar ar an chló.

Agus nuair atá sin uilig déanta, ar ndóigh ba mhaith leat do leanbh nua a thaispeáint do do theaghlach is do do chairdeagus do dhuine ar bith ar mhian leo amharc air.

Nach cinnte gur mhaith? Is é do leanbh liteartha é!

Tá leabhar úrnua liom, Lá Leis na Lochlannaigh (Cois Life) le bheith sna siopaí amárach. Mar sin, níl ann ach cúpla seachtain ó tharla an t-eispéireas seo dom an t-am deireanach. Le bheith ionraice, d'oscail mé an beart agus lig mé béic áthais asam, gidh gur chóir dom a lua gur ghlac sé tamall fada lena oscailt agus mo lámha ar crith cosúil le glóthach i rith crith talún.

Is dóigh é gurb é ceann de na rudaí móra don scríbhneoir nuair a fheiceann siad an leabhar sa deireadh thiar ná nach féidir é a athrú níos mó.

Tá sé críochnaithe anois. Déanta. Lánstad.

Agus is cuma anois cá mhéad ama a chaith tú ar lorg abairtí Lochlainnise nár úsáid tú sa scéal. Is cuma faoi laethanta a tharraing tú do pháistí daonna thart ar iarsmalanna ag cuartú bréagáin Lochlannacha, nó ag foghlaim cad é mar a imrítear an cluiche Hnefetafl. Is cuma fiú faoin amhras a mhothaigh tú, faoi na leathanaigh scriosta agus na laethanta nár éirigh leat peann a chur ar pháipéar ar chor ar bith. Is cuma. Is ann don leabhar anois agus sin sin.

Tá páiste eile do mo leanaí liteartha sé mhí d'aois anois (Ná Gabh ar Scoil! Futa Fata).

Bíonn gach babaí difriúil ar ndóigh, agus is pictiúrleabhar é an ceann sin. Is breá liom bheith ag dul thart ar scoileanna agus leabharlanna leis, ag reachtáil na gceardlann agus ag cruthú lucht féachana don bhabaí seo. Sea, is mise an mháthair bhearránach sin ag iarraidh aird an domhain a tharraingt ar a leanbh speisialta féin. ‘Amharc ar mo bhabaí! Éist leis! Nach é atá cliste?’

Ach, i ndáiríre, is iontach amach is amach an caidreamh seo a fheiceáil idir an leabhar agus na léitheoirí óga. Insíonn siad dom faoina gcéad lá ar scoil, rud atá mar théama sa leabhar. Deir siad liom cé acu píosa is greannmhaire.

Tá pictiúr álainn gar do dheireadh an leabhair (tá na léaráidí gleoite déanta ag Tarsila Krüse) ina bhfeicimid Mamaí agus Cóilín ag tabhairt barróige dá chéile, rud a chuir cailín beag amháin i rang a haon ag gol mar gur mhaith léi barróg óna mamaí féin anois!

Is iontach é a fheiceáil ag dul i bhfeidhm orthu mar seo.

Spreagann sé ceisteanna suimiúla iontu chomh maith, cuid acu atá níos fusa le freagairt ná cuid eile. Cá bhfuair mé an smaoineamh? Cad chuige ar phioc mé béar mar charachtar? An bhfuil aithne agam ar J.K. Rowling? Agus cá bhfuil Daidí Béar?

Is aoibheann liom nuair a chluinim dearcadh na múinteoirí chomh maith agus iad ag caint ar na máithreacha san fhíorshaol nár mhaith leo ligint dá bpáistí dul ar scoil.

Sea, is mór an duais í an leanbh. Is fiú na pianta eagarthóireachta. Is fiú an bhuairt agus an andúil chaiféine nuair atá sé romhat ina steillbheatha. Ach níl deireadh ansin, ná baol air.

Agus tú ag cur do linbh nuabheirthe in aithne don saol mór, níl acu ach ceist amháin: an bhfuil duine eile ar an bhealach?