Guth na ndaoine

Neosfaidh an aimsir an mbeidh an Lucht Oibre in ann leas a bhaint as an vóta óg


Labhair na daoine an Aoine seo caite nuair a chaith an líon ba mhó ariamh vóta i reifreann.

Bhí bearna de bheagnach leathmhilliún vóta idir an dá thaobh ar cheist an Chomhionannais Phósta agus bhí gliondar ar Lucht Feachtais “Sea” agus polaiteóirí araon.

Bhí an tacaíocht sna cathracha agus sna bailte móra níos láidre agus ní raibh ach toghlach amháin as 43 a vótáil ina choinne.

Cé gur easaontaigh 37 faoin gcéad leis an moladh is cruthúnas an toradh go bhfuil an tsochaí athraithe go mór.

READ MORE

Nach mór idir an toradh seo agus muid a bheith ar an tír dheireanach a rinne an cinneadh nár choir é caidreamh homaighnéasach?

Ní mian liom an feachtas a rith arís ach bhí éifeacht dearfach ag fógra an Aire Leo Varadkar agus an iar-Aire Pat Carey go raibh siad aerach.

Thug an t-iar-Uachtarán Mary McAleese tacaíocht don fheachtas agus bhí éifeacht freisin ag alt cróga Ursula Halligan ar an scéal.

Ba chabhair iad na fógraí sin do dhaoine nach raibh cinnte faoin gceist. Ach bhí móramh a bhí cinnte faoi ón tús agus an méid sin soiléir ó na pobalbhreitheanna.

Glactar go forleathan leis gurb iad an t-aos óg a rinne an difríocht. Bhíodar paiseanta, dáiríre faoin moladh seo agus rinne siad gach iarracht a bheith ar fáil don vóta.

Chláraigh 60,000 vótóir ag an nóiméad deireanach agus ba daoine óga a bhformhór.

Iad siúd a bhí thar lear ag obair ach fós ar an gclár vótála tháinig na céadta acu abhaile le vótáil.

Thacaigh na páirtithe polaitiúla uilig leis an moladh gur chóir Comhionannas Pósta a bheith ar fáil ach dá bhfágfaí an fheachtasaíocht fúthu ní dóigh liom go mbeadh an toradh céanna ar an reifreann.

Bhí polaiteoirí sinsireacha le clos ar na meáin ach, den chuid is mó, ní raibh siad amuigh ar na doirse agus bhí na cúlbhinseoirí ina dtost.

Tá buille trom faigthe ag Fianna Fáil dá bharr seo agus an Seanadóir Averil Power ag éirí as an bpáirtí.

Ar imeacht di léirigh sí míshásamh le héifeachtúlacht a ceannaire agus dúirt gurbh í an easpa tacaíochta don reifreann i measc bhinse tosaigh agus chúlbhinseoirí a páirtí, buille maraithe na muice di.

Gan amhras, tá an-chreidiúint ag dul don Lucht Oibre agus dá gceannaire san am, Eamon Gilmore, faoin gceist seo, ceart daonna dar leis, a bheith curtha ar a chlár oibre.

Ní go dtí gur aontaigh an Coinbhinsiún Bunreachta leis a tháinig a pháirtnéirí Rialtais, Fine Gael, ar bord.

Is iad na grúpaí feachtais Yes Equality agus na grúpaí eile a bhaineann leis an bpobal aerach le cabhair ó Aontas na Mac Léinn a rinne formhór na hoibre ach is sna cathracha amháin a bhí na hacmhainní acusan le dul i mbun stocaireachta ag na doirse.

Is ar na meáin shóisialta, chlóite agus chraolta is mó a dhíríodar agus is léir go raibh toradh ar an obair sin.

Deir daoine ón bhfeachtas “Ní hea” go bhfuil díomá orthu ach nach bhfuil ionadh orthu. Tá a lán ceisteanna á n-ardú faoi cé a dhéanfaidh ionadaíocht sa chóras polaitíochta ar na trí cheathrú milliún a chuaigh in aghaidh an mholta.

Fírinne an scéil ná go ndéanfaidh na cúlbhinseoirí nach ndeachaigh amach ag canbhasáil ionadaíocht orthu díreach mar a rinne i gcónaí.

B’fhéidir nár labhair siad amach in aghaidh pholasaí a bpáirtithe ach níor labhair siad ar a shon ach oiread.

Féadfaidh tú a bheith cinnte go mbeidh siad á rá sin anois agus iad ag freastal ar chlinicí.

Bhí ceisteanna ardaithe freisin faoi mháthairionadaíocht agus caithfear anois tabhairt faoi reachtaíocht ar an gceist seo.

Dúirt na polaiteoirí go neamhbhalbh nach raibh aon bhaint aige sin leis an gceist reifrinn.

Ba chrá croí an cheist, áfach, do a lán daoine, fiú daoine a vótáil don chomhionannas agus ní mor anois don Rialtas luí isteach ar an gceist seo láithreach.

Caithfidh siad freisin an Bille Pósta a thabhairt chun tosaigh go pras agus gan praiseach a dhéanamh de. Deir siad go mbeidh sé rite roimh shamhradh.

Tá sin riachtanach. Is minic a chothaíonn folús deacrachtaí as a n-eascraíonn dúshlán cúirte.

Níl fágtha go saoire an tSamhraidh ach sé seachtaine rud nach gceadóidh mórán ama do dhíospóireacht a bhfuil géarghá leis má theastaíonn ó na polaiteoirí guth a thabhairt don líon a vótáil “Ní hea”.

An dúshlán mór eile do pholaiteóirí ná suim an aosa óig, a bhí chomh gafa leis an reifreann comhionannais, a choinneáil sa pholaitíocht.

Níorbh é an reifreann faoi aois vótála a mheall iad ach ceist liobrálach shóisialta. Caithfidh go bhfuil teachtaireacht ansin do na páirtithe.

Shílfeá gur chóir go mbeadh an Lucht Oibre mar spreagthóirí na ceiste in ann leas a bhaint as an vóta óg sin ach neosfaidh an aimsir an amhlaidh a bheidh.

Caithfidh an Eaglais Chaitliceach a caidreamh leis an aos óg a scrúdú. Dúirt an tArdeaspag Diarmuid Martin nár mhór don Eaglais a bheith réalaíoch faoin dúshlán sin.

Tá scéim phíolótach tosnaithe aige ina dheoise féin. Muna n-éiríonn leis deir sé go gcaithfidh siad glacadh leis sin agus tosú arís.

Ní hiad an t-aos óg amháin atá le mealladh aige, beidh ar na heaspaig eile a thabhairt leis freisin.