Clár nua raidió faoi staid na teanga agus an teaghlaigh

An bhfuil ag éirí le hatheagar earnáil na Gaeilge?

Craolfar Spiorad an Chomhluadair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh 19ú Deireadh Fómhair ag 1.15pm. Clár nua atá ann faoi theaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge agus an tionchar a bheidh ag an atheagar ar mhaoiniú earnáil na Gaeilge orthu.

Is é an t-iriseoir agus léiritheoir Fachtna Ó Drisceoil atá taobh thiar den chlár faisnéise seo. Chuaigh sé ar saoire Gaeltachta lena theaghlach go Corca Dhuibha, saoire a d’eagair Glór na nGael, eagras de na ceanneagraíochtaí nua.

Bhí an ócáid á heagrú ag Comhluadar roimhe seo. Tuismitheoirí a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge a bhunaigh an eagraíocht Comhluadar an chéad lá riamh le tacaíocht, eolas agus seirbhísí a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaelacha. Chuir Foras na Gaeilge deireadh le Comhluadar i mbliana faoina scéim nua mhaoinithe agus ba é Saoire Gaeltachta 2014 chéad teist an tsocraithe nua faoi chúram Ghlór na nGael.

Scrúdaíonn Ó Drisceoil conas mar a éiríonn leis an tsaoire faoi stiúir Ghlór na nGael. An mbeidh na teaghlaigh chéanna ar an chúrsa? An mbeidh rath agus bláth ar obair na dteaghlach taobh istigh d’eagraíocht mhór a bhfuil go leor cúraimí eile uirthi? Agus cad é an tairbhe a bhain Fachtna agus a chúram féin as an tseachtain?

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times