Dan Donnelly: Curadh Trodach na nGael in am an ghátair

Istigh i gcás gloine os cionn mhatal an teallaigh bhí lámh dheas mhumaithe Dan Donnelly

Foclóir: Ag teannadh - approaching; log - hollow; treascair - demolish; cnámh ghéill - jaw-bone; scliúchas - brawl; scafánta - strapping; rabairneach - extravagant; lámh mhumaithe - mummified arm; bailchríoch - finishing touch.

Tá sé ag teannadh le caoga bliain ó thug mise agus m’uncail cuairt ar an log beag glas darb ainm ‘Donnelly’s Hollow’ ar imeall an Churraigh. Is í seo an láthair stairiúil inar tharla an troid chlúiteach idir Dan Donnelly agus George Cooper sa bhliain 1815.

Gach bliain, thar aon rud eile bhíodh m’uncail an-scrupallach faoi chuairt a thabhairt ar an mBaile Mór - ár n-áit dhúchais d’fhonn slacht a chur ar uaigheanna ár sinsear. Nuair a bhíodh ár ndualgas comhlíonta againn agus tar éis dreas cainte le seanchairde ar an mbaile bhuailimis bóthar go Cill Chuilinn go dtí teach tábhairne an ‘Hide-Out’.

Is ansin a chonaic mé den chéad uair é:-taispeántas de mhír mhúsaeim a bhí iontach aisteach agus scanrúil. Istigh i gcás gloine os cionn mhatal an teallaigh bhí lámh dheas mhumaithe Dan Donnelly - fathach fir é i mbláth a mhaitheasa a bhí ina throdaí dorn-nochta clúiteach i dtús an naoú haois déag. Bhí sé amuigh air go raibh sé in ann a iallacha a cheangal agus é ina sheasamh. Thug ár n-óstóir lách gearrchuntas dúinn ar an troid cháiliúil a tharla i bhfoisceacht cúpla míle ar shiúl ón áit.

READ MORE

Rugadh Donnelly i Sráid Chnoc na Lobhar i mBaile Átha Cliath in 1788. Ba dhuine é de seacht nduine dhéag clainne i dteaghlach a bhí ar an ngannchuid. Is beag atá ar eolas againn faoina óige seachas go ndeachaigh sé i mbun oibre mar shiúinéir ar nós a athar roimhe agus gurbh chuairteoir rialta é sna tithe tábhairne inar tharraing sé cáil an achrainn agus an óil ar féin.

Tháinig an Captaen Kelly air faoi dheireadh mar bhí sé an-tógtha leis an mbealach a mbíodh Donnelly in ann a naimhde agus a chairde araon a threascairt go héasca i mbruíonta i dtithe ósta. Chuir Kelly ina luí ar Dan gur cheart dó dul i mbun dornálaíochta mar ghairm bheatha agus thug sé chuig teach a dhearthár é chun oiliúint a chur air.

Bhí Kelly ar dhuine de na ‘Fancy’ - lucht na huaisle agus daoine saibhre a raibh an-tóir acu ar throideanna duaise agus a raibh cuid acu tugtha don chearrbhachas. Ag tochras ar a cheirtlín féin a bhí Kelly dar ndóigh mar bhí a fhios aige go mbeadh airgead bog le saothrú trí throideanna a eagrú.

Tharla an troid ba cháiliúla ar an 13 Nollaig 1815 nuair a chuaigh Donnelly i gcoimhlint leis an Sasanach George Cooper i gcoire nádúrtha beag in ‘Belcher’s Hollow’ sa Churrach. Bhí an áit plódaithe le daoine a tháinig i gcóistí capaill agus i gcarráistí Brougham ó Bhaile Átha Cliath agus chruinnigh na mílte eile isteach san áit ó bhailte agus ó shráidbhailte an cheantair máguaird. Dé réir cuntas éagsúla bhí an láthair ag cur thar maoil le 20,000 duine.

Ba chomhrac brúidiúil fíochmhar é agus ar deireadh san aonú bhabhta dhéag tharraing Donnelly dorn ar Cooper a bhris a chnámh ghéill agus a d’fhág é ar shlat a dhroma gan aithne gan urlabhra. Ansan thosaigh lucht leanúna Donnelly ag scairteadh go lúcháireach agus ag béicíl in ard a gcinn is a ngutha agus iad ag pléascadh le sceitimíní.

Shiúil Donnelly go scafánta suas go barr an loig agus d’ardaigh sé a lámha go caithréimeach mar chomhartha buíochais lena lucht tacaíochta. An uair úd féachadh ar Donnelly mar laoch an náisiúin a d’imir a dhíoltas ar Choróin na Breataine as sléacht na nGael in Éirí Amach 1798; ar theip reibiliúin Emmet agus ar a mharú in 1803 in éineacht le cúig dhuine dhéag. Ainmníodh áit na caithréime as Dan mar ‘Donnelly’s Hollow’ as sin amach.

Nuair a d’éirigh Dan as an dornálaíocht d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus bhain sé triail as bheith ina thábhairneoir. Theip go dona ar an bplean sin, áfach. De bharr go raibh se ar adhastar ag an ól chaith sé a chuid airgid go rabairneach. Ní raibh ach 32 bhliain slánaithe aige nuair a d’éag sé gan pingin ina phóca. Bhí sochraid mhór air agus cuireadh é in ‘Bully’s Acre’ i gCill Mhaighneann. Tá Teamhair ina féar agus féach an Traoi mar atá!

Ba náireach an chaoi inar caitheadh lena chorpán: goideadh é as an uaigh agus díoladh lámh dheas an mharbháin le máinlía ar theastaigh sí uaidh don eolaíocht leighis.

D’éirigh rudaí níos measa fós ina dhiaidh sin mar thógtaí an lámh mhumaithe mar ábhar iontais ar taispeáint i sorcas ar fud na hAlban. Ba iomaí cor agus casadh i scéal na láimhe go dtí go bhfuair úinéir an ‘Hide-Out’ i gCill Chuilinn seilbh uirthí sna luath 1950idí - 130 bliain ní ba dhéanaí.

Bhí an lámh cháiliúil i mó lámha féin le déanaí. Choinnigh mé an ghéag chnámharlaigh snasta sobhriste go ríchúramach i mo bhaclainn. Is faoi chúram mhuintir an iar-óstóra atá an lámh chlúiteach i gcónaí. Bhí rún acu dhá chéad bliain na láimhe a chomóradh i mí Feabhra i mbliana ach chuir an Coróinvíreas bac ar sin.

Chun bailchríoch a chur ar an scéal seo, thug mé cuairt ar ‘Log Donnelly’. Líon mo chroí le brón nuair a leag mé cos san áit mar ba áit lom thréigthe amuigh ar an uaigneas í.

Léigh mé an scríbhinn ar an leac chuimhneacháin arís. Ansin rianaigh mé loirg Donnelly suas go dtí barr an loig agus d’fhéach mé anuas ar an ngeadán talún inar tharla an slad. Ach níorbh é gártha molta an tslua a shamhlaigh mé ach smeach cnáimhe i gcloigeann Cooper á scoilteadh ag deasóg Donnelly.

Nótaí

Eolaire Nollag: An bhfuil gnó agat a fheidhmíonn agus a dhíolann earraí trí Ghaeilge? Má tá, agus más mian leat go luafaí é in eolaire Nollag ar Thuarascáil, seol eolas faoi chomh maith le seoladh idirlíne agus r-phost chuig tuarascail@irishtimes.com.

Gaillimh le Gaeilge: D'fhógair leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Colette Connolly, The Kings Head, An tSráid Ard, Gaillimh mar bhuaiteoir foriomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Is iad Gaillimh le Gaeilge a reáchtálann an Gradam. I measc na mbuaiteoirí eile bhí Bród Pobail na Gaillimhe, Ionad Siopadóireachta na Coiribe agus Big O Taxis.

Cearta Oideachais: Le fada an lá tá tuismitheoirí i nDún Dealgan i mbun iarrachtaí chun láthair iar-bhunscolaíochta a fháil dá ngasúir. Tá ar éinne i nDún Dealgan gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge a fháil freastal ar Choláistí lasmuigh den chontae. Tá an ceann is gaire dóibh lonnaithe breis agus 50 km ón mbaile. Tá súil ag na tuismitheoirí go dtabharfaidh an ETBI (Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann) cead dóibh foirgneamh oiriúnach atá faoina stiúr siúd i nDún Dealgan a úsáid. Is cosúil go bpléifear an t-iarratas ag cruinniú ETBI an tseachtain seo. Tá na tuismitheoirí tar éis impí ar an Roinn Oideachais tacaíocht a thabhairt dá n-iarratas. Níor thug an Roinn aon fhreagra ar cheisteanna a chuir Tuarascáil orthu faoi seo.