Ar thóir féiríní? Seo liosta gnóthaí a fheidhmíonn nó a dhíolann earraí trí nó le Gaeilge

Agus an Nollaig ag teannadh linn, shocraigh Tuarascáil ar eolaire gnó a chur le chéile.

Foclóir: ag teannadh linn - close at hand, eolaire - directory, earraí - products, téarnamh - convalescent, feamainn - seaweed, scéimh - beauty, sladmhargadh - sale, grúdlann - brewery, drioglann -distillery.

Agus an Nollaig ag teannadh linn le luas, shocraigh Tuarascáil ar eolaire gnóthaí a fheidhmíonn nó a dhíolann earraí trí nó le Gaeilge, a chur le chéile.

Spóirt agus Sláinte

Seosamh Breathnach: Déantóir camán é Seosamh Breathnach. Tá ceardlann aige ar láthair Na Fianna, club CLG ar Bhóthar Mobhí i nGlasnaíon. Facebook.com/hurleyfixer

Sólás na Mara: Is ionad téarnaimh é Sólás na Mara ina gcuirtear leigheasanna traidisiúnta is chomhaimseartha agus folcadán feamainne is farraige ar fáil in éineacht le fisiteiripe, suathaireacht agus teiripe scéimhe. Solasnamara.ie

READ MORE

Óga Yoga: Cúrsaí agus ceardlanna Yoga. Ogayoga.ie

Leabhair & Cártaí

Leabhar Breac: Comhlacht foilsitheoireachta é seo atá suite i gClochar an Locha taobh thiar den Spidéal i nGaeltacht Chonamara . Tá raon leathan leabhar ar fáil - ina measc tá ficsean, úrscéil ghrafacha, leabhair neamh-fhicsean, leabhair do dhéagóirí, filíocht agus drámaíocht. Leabharbreac.com.

Éabhlóid: Tá an foilsitheoir leabhar Éabhlóid lonnaithe sa Ghaeltacht freisin. Tá leabhair acu do dhaoine óga agus do dhaoine fásta. Bhuaigh leabhar leo - Cnámh le Eoghan Mac Giolla Bhríde - an duais, Leabhar Gaeilge na Bliana, ag An Post Book Awards i mbliana. Eabhloid.com

Mireog: Cártaí agus t-léinte le teachtaireachtaí agus manaí sna teangacha Ceilteacha. Ga.mireog.ie

Smaointe: Cártaí le beannachtaí as Gaeilge. Smaointe.com

Cló Iar-Chonnacht: Foilsitheoirí leabhar atá lonnaithe sa Spidéal. Tá rogha mór ar fáil d'aon duine a bheadh ag iarraidh leabhar Gaeilge a cheannach mar bhronntanas Nollag. Beidh sladmhargadh na Nollag ar bun ó 1 - 23 Nollaig agus lascaine suas le 50 faoin gcéad ar fáil ar réimse leabhar. Cic.ie

An Ceathrú Póilí: Suite i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste, is siopa leabhar neamhspleách é An Ceathrú Póilí. Tá réimse leathan leabhar agus earraí eile ar fáil. Anceathrupoili.com/ga/

Futa Fata: Foilsitheoir leabhar agus ceol é Futa Fata. I measc leabhar don Nollaig tá Codladh Sámh, Oíche Chiúin, Mise agus an Dragún, Cloisim Rud Éigin! agus Mamó an Gadaí Mór le David Walliams. Futafata.ie

An Siopa Leabhar: Más fáinne atá uait nó leabhar, greamáin nó féiríní eile, is fiú cuairt a thabhairt ar shiopa Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Cé go bhfuil an siopa ar Shráid Fhearchair dúnta faoi láthair, is féidir leabhair agus go leor eile a fháil uathu fós sa phost nó is féidir iad a bhailiú. Siopaleabhar.com/ga/

Foghlaim

Oideas Gael: An Siopa Gaeilge atá ar shiopa Oideas Gael. Oiriúnach don fhoghlaimeoir Gaeilge ag gach leibhéal, tá cúrsaí Gaeilge, rogha de leabhair dhátheangacha, dlúthdhioscaí, leabhair ghramadaí, cártaí agus mórán eile ar fáil arlíne nó sa phost. Siopagaeilge.ie

Gaelchultúr: Cúrsaí Gaeilge do fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal. Gaelchultur.com

Bia & Deoch

Grúdlann na nDéise/Dungarvan Brewing Company: Grúdlann neamhspleách é seo a dhéanann beoir agus leann ar ard chaighdeán. Is féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le Jen nó le Cormac. Dungarvanbrewingcompany.com

Four Provinces: 'Beoir na nGael' a thugann na húinéirí ar a gcuid beorach - agus, le hainmneacha ar nós Gob Fliuch, Láidir agus Fad Lae acu ar a gcuid beorach, ní maíomh gan údar é. Cloistear Gaeilge go minic sa teach tábhairne atá acu i gCamaigh, Baile Átha Cliath 6, agus is féidir boscaí beorach a ordú ón suíomh. Facebook.com/fourprovincesbrew/

Micil: Poitín dleathach as Conamara. Ainmnithe ag Pádraic Ó Griallais i gcuimhne ar a shin-shin-shin-sheanathair - an stiléara Micil Chearra. Micildistillery.com

Sliabh Liag: Bunaíodh Driogairí Shliabh Liag in 2017. Ó shin i leith tá siad tar éis biotáillí nua a dhriogadh - ina measc tá An Dúlamán (Biotáille Ghinéive) Silkie (fuisce) agus Assaranca Vodka. Sliabhliagdistillers.com

Drioglann Oileán Acla: An chéad drioglann oileán-bhunaithe in Éirinn. Irishamericanwhiskeys.com

Grá Chocolates: Seacláidí ó lámh an cheardaí. Grachocolates.com/abhaile

Murphy's Ice Cream: Cé nach maith leo uachtar reoite? Buail isteach ag an siopa ag 27, Sráid Cill Mhantáin, BÁC. Murphysicecream.ie

Tigh Áine: Dánlann agus bialann i mBaile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí. Bíonn bia úr den scoth ón gceantar máguaird sa bhialann. Anois agus arís is féidir míolta móra, deilfeanna, agus éin mhara eile a fheiceáil ón láthair. Tigaine.com

Ceol

Gael Linn: Tá sé mar phríomhaidhm ag an eagras an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na tíre mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Tá leabhair, dlúth dhioscaí, DVD-anna, áiseanna teagaisc agus a thuilleadh ar fáil anseo. Siopa.gael-linn.ie

Mada Rua Píoba Uilleann: Píoba uilleann lámhdhéanta, curtha i gceann a chéile leis na hábhair thraidisiúnta is fearr, agus déanta ar ordú le riar ar riachtanais lucht foghlama agus píobairí oilte déanta araon. Irishpipes.org

Éadach

'Fisherman Out of Ireland': Tá éadaí cniotáilte 'Fisherman Out of Ireland' lámhdhéanta ar hardchaighdéan agus le cúram. As foinsí inbhuanaithe a thagann bunábhar na n-éadaí cniotáilte ó fhoinsí inbhuanaithe agus déantar iad le snáithíní atá 100% nádúrtha agus sómasach. Fishermanoutofireland.com/ga

Buachaill.com: Is féidir le daoine cuairt a thabhairt ar an suíomh agus a ngnó ar fad a dhéanamh i nGaeilge. Tá an Ghaeilge fite fuaite sa ghnó ar fad. Tá ainmneacha gach táirge i nGaeilge m.sh. Bun Dearg, Trí, Cúig, Seachtain, Nollaig agus araile. Buachaill.com/ga

Gaeilgheansai.com: Gaeilgeoirí dílse atá ag iarraidh mórtas as an teanga a fhorleathnú. Geansaithe, hataí agus t-léinte d'ardchaighdeán, le bróidnéireacht. Bíonn siad oiriúnach d'fhir agus mná, agus bíonn inscribhinní as Gaeilge orthu. Gaeilgheansai.com

Sew-it-Seems: Bíonn an-tóir ar na geansaithe seo agus díolann siad go tapaidh. Tá hataí agus earraí eile ar díol freisin.  Sew-it-seems.ie

An Spailpín Fánach: Gnó lán-Ghaelach é seo atá ag soláthar earraí Gaelacha le breis agus 40 bliain. Tá t-léinte, geansaithe, seaicéid, hataí agus t-léinte do chách chomh maith le féiríní agus clúdaithe éadan ar díol. Spailpin.com/ga

Baile Clothing: Geansaithe, clúdaithe éadan agus cochaill déanta le hearraí orgánacha áitiúla. Baileclothing.com

Girseach.com: Cártaí le teachtaireachtaí as Gaeilge, priontaí daite bunaithe ar thimpeallacht Thír Chonaill. Girseach.com

Irishglow.com: T-léinte ogham agus éadaí don leanbh! Irishglow.com

Bréagáin

Cluiche.ie: Cluichí boird & Míreanna Mearaí - ina measc tá Crannóg, Nasc, Biongó Bóthair agus Líon an Bhearna. Cluiche.ie

Udar.ie: Is féidir cuairt a thabhairt (le cabhair Zúm) ar Dhaidí na Nollag anseo! Ní gá ach áit a chur in áirithe. Siopa ar líne Ghlór na nGael atá in Udar.ie. Díoltar cluichí Gaeilge, leabhair agus táirgí eile spraoi ann. Tá Scrabble agus Monopoly le fáil as Gaeilge agus beidh Cluedo le fáil i mí na Nollag. Udar.ie

Siopa.ie: Suíomh lán le hearraí Gaelacha. Chomh maith leis na leabhair agus na dlúthcheirníní tá bréagáin le fáil freisin. Féach Teidí le Gaeilge (labhróidh Teidí do rogha chanúna leat - Gaeilge Chúige Uladh, Chonnacht agus na Mumhan). Siopa.ie

Earraí Eile

Saotharlann:  Is ealaíontóir, Gaeilgeoir, múinteoir agus Meiriceánach í Kaytria Stauffer. Díolann sí a cuid féilirí féin, mascanna le inscribhinní as Gaeilge orthu, cártaí, greamáin, agus leabharmharcanna ildhaite ar a suíomh idirlíne.  Saotharlann.com/shop

Siopa Macha: Gach cineál earra ar fáil anseo ó chluichí boird, éadach go smidiú, stocaí agus araile: siopamacha.com

Fiáin.ie: Earraí Éagsúla de dhéantús Éireannach - ina measc, tá fearas bearrtha, gallúnach, earraí leathair agus boscaí féiríní. Fiain.ie

Ciaraíoch.com: Líníocht agus ealaín den scoth. Ciaraioch.com

Turas: Cupáin agus táirgí eile ó oirthear Bhéal Feirste. Musicglue.com/east-belfast-mission/shop

MapleTreePottery.com: Maisiúcháin Nollag, tíleanna daite, soithí, bróistí srl. Mapletreepottery.com/shop/christmas/

Rí na Mara: Smideadh agus táirgí eile. Rinamara.com

Criostal na Rinne: Is ceardlann criostail í Criostal na Rinne sa Rinn i nGaeltacht Phort Láirge. Tá an déantús gearrtha de láimh. Criostal.com

Potadóireacht na Caolóige: I gcroílár Chorca Dhuibhne atá Potadóireacht na Caolóige lonnaithe. Tá rogha mór earraí áille crua-chré agus poircealláin ar díol - ina measc tá gréithe, soithí éagsúla, crúiscíní, taephotaí srl. Louismulcahy.com

Siopa an Carn: Bhunaigh Cumann Forbartha Charn Tóchair Co. Thír Eoghain Siopa An Carn i mí Eanáir 2007 le saothar ceardaithe agus ealaíontóirí as fud fad na hÉireann a chur chun cinn. Siopaancarn.com/ga

Salann Mara Acla: Is gnó teaghlaigh é Salann Mara Acla a bunaíodh in 2013. Baintear úsáid as modhanna traidisiúnta agus teicneolaíocht nua-aimseartha chun calóga íona bána salainn sáile a thairgeadh. Achillislandseasalt.ie

Teach Campbell: Lóistín le radharcanna galánta i gcroí-lár Ghaeltacht Ghaoth Dobhair. Teac-campbell.com/baile

Margadh na Nollag Múscraí: Leabhair as Gaeilge, turcaithe saor-raon agus i bhfad eile. muscrai.org/siopadoireacht/

Gaelg: learnmanx.com

Gàidhlig: brochan.teemill.com

Cymraeg: adrahome.com/cy

Ní liosta críochnúil atá anseo ach más mian leat cur leis, seol teachtaireacht ag tuarascail@irishtimes.com. Tá fáil ar réimse leathan gnóthaí eile ar shuíomh ó Chonradh na Gaeilge ag peig.ie/eolaire/

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.