Aon scéal eile?

Nuacht na maidne, nuacht lár an lae, nuacht an tráthnóna, tá gabháltas nach mór iomlán déanta ag an bpaindéim air.

Tuigimid go maith gurb í an phaindéim mhallaithe seo an ghéarchéim is déine a rug orainn le tamall fada de bhlianta. Murab ionann agus cruachora eile tá gach aon duine i mbaol. Fairis sin, tá leata go dígeann an domhain agus tréithchineáil eile ag gabháil steallaidh orainn in ainneoin ár ndícheall. Ní hionadh mar sin gurb é an t-aon scéal amháin ar na meáin mhóra é idir dhá cheann an lae. Nuacht na maidne, nuacht lár an lae, nuacht an tráthnóna, tá gabháltas nach mór iomlán déanta ag an bpaindéim air.

Mar adúirt an file fadó: Cóivid ar maidin/is cóivid ar nóin/is dá n-éireoinn meánoíche/is cóivid a gheobhainn.

Tá sin ar fad intuigthe de dheasca na cruashnaidhme, ionas uaireanta gurbh ionadh leat go bhféadfadh lucht nuachta cúinne eile fós den ábhar a spíonadh.Thaibhseofaí duit, áfach, go bhfuil tonnta móra den athrá tríd an nuacht, agus go mbíonn miondealú déanta ar ghné den scéal atá curtha faoi mhionanailís cheana, cúpla uair.

Ba mhór an faoiseamh, mar sin, an iarracht ar coup d’etat a déanadh in Washington. Thóg sé cian dínn ar feadh tamaill, agus ba mhó de ghreann amaideach a bhí ann ná aon fhuirseoir ag spalpadh línte réamhdhéanta ar a sheal. Agus mhair níos faide ná iarracht Antonio Tejero agus a chomrádaithe sa Spáinn in 1981, fág gur bolg-gháire is mó a dhúisigh sin. Tá taithí chomh fairsing sin ag na Stáit Aontaithe ar coup d’etatanna a chur ar bun ar fud an domhain gurbh ionadh leat gur theip orthu ceann a chur a eagrú ina mbaile féin, cé nach bhfógraítear ceannairc roimh ré de ghnáth.

READ MORE

Ach ar a laghad, ba léiriú follasach é go bhfuil saol eile ag dul ar aghaidh lasmuigh den chóivid féin. Murach sinn agus sciar mór den domhan a bheith chomh meiriceánaithe sin, ba róbhaol nach bhfeicfí in aon chor é. Ba róbhaol óir nach ag déanamh scime do na mórmheáin a mbíonn ar siúl lasmuigh dá n-amas cúng agus is lú ná sin a spéis é a fhiosrú dúinn.

Go fiú is más i dtaobh leis an gcoróinvíreas amháin atáimid cén fáth nach nochtar dúinn conas mar a d’éirigh le tíortha eile an ceannsmách a fháil ar an bpaindéim? Agus é seo a dhéanamh, ní mar scéalta eisceachtúla eisiacha speisialta annamha, ach mar ábhar rialta cónaitheach le gur fearr a mhúinfí ceachtanna an ghalair dúinn.

Is de shuimiúlacht gur tíortha neamh-Eorpacha is fearr ar éirigh leo, mar ní shíneann aird ár meán níos sia ná na críocha Anglafónacha agus smuit bheaga den Eoraip nuair a bhíonn deontas i gceist nó ráiteas ó dhuine dár MEPeanna.

Ní gá a fhiafraí cad ina thaobh nach raibh oiread is cás amháin den choróinvíreas ar oileáin bheaga na Micrinéise b’fhéidir, agus bheadh Napoleon féin slán ar St Helena sa chás is go raibh á leathnú lena linn. Ní gá géilleadh don Chóiré Thuaidh a mhaíonn nach bhfuil an chóivid sroichte chuca in aon chor óir dhún siad an teorainn go pras, ach ansin, níorbh í b’oscailte riamh.

Ceist eile is ea leithéidí na Seineagáile san Afraic nach bhfuil acu ach seachtar dochtúirí in aghaidh gach 100,000 duine, Vítneam san Áise a chuir smacht níos daingne air ná mar a chuir siad ar na Poncánaigh, nó Uragua i Meiriceá Theas bíodh gur coinníodh roinnt scoileanna ar oscailt agus nár ordaíodh do dhaoine dul faoi ghlas. Iad go léir éiritheach thar barr.

Conas sin go léir?

Agus nuair atá cúrsa an víris thar lear pléite mar eolas riachtanach, cén fáth nach dtabharfaí faisnéisí eile dúinn mar gheall ar an gcogadh san Éimin, bagairt an ghorta chugainn in Burkino Faso, cás reatha na nUighéir sa tSín, leá an Mhoil Thuaidh…?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar