An t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach

Is maith nár ghabh an scrúdú chomh domhain sin isteach.

Chonaic mé an clár eolgaiseach léargasúil ‘DNA Caillte’ a craoladh ar TG4 oíche Dé Céadaoin seo caite. Ba bheag duine ab fhearr a gheofaí lena chur i láthair seachas Manchán Maghan lena intinn fhiosrach fhiafraitheach oscailte, cé nach gach aon duine a ghéillfeadh dá chaoinbhriathra ar fad. Nochtadh ceisteanna móra maidir le bunús lonnú phobal na tíre seo agus beidh tuilleadh le teacht.

Is míorúilteach an réabhlóid atá déanta ag an staidéar ar an aigéad dí-ocsairibeanúicléasach ar réamhscéal an duine d’fhonn teacht ar urlár daingean nach féidir leis na staraithe oifigiúla é a shroisint. Déarfá nach é an taighde is rómánsúla amuigh a bheith ag piocadh ar sheanchnámha muran madra tú, ach taispeánadh eolaithe a bhí chomh corraithe agus tógtha leis na seaniarsmaí féin is a bhí an láithreoir.

Glacaim leis go bhfuil formhór an eolais seo cruinn go maith, fág go gcaithfí foláireamh a dhéanamh go bhfuil seans i gcónaí ann go dtiocfaidh eolaíocht níos cruinne fós chun cinn a bhréagnóidh a bhfuil againn anois. Leiríonn an DNA seo mar a scaip an cine daonna amach as poll éigin in oirthuaisceart na hAfraice agus a ghluais ar fud an domhain, agus tar éis do bhuíonta beaga triail a bhaint as machairí teo na hAstráile agus as fairsingí folmha Mheiriceá gur lonnaigh siad in Éirinn iathghlas oileánda cheomhar thaisfhliuch na háite seo ar chúiseanna nach dtuigeann aon duine.

Bhí d’ádh nó de mhí-ádh orm gur thug iníon liom fearas chun mo chuid DNA a thaighdeadh mar bhronntanas dom anuraidh. Ní foláir dom a rá go rabhas amhrastúil agus scáfar go maith. Bhí eagla áirithe orm, óir bhí a fhios agam go raibh scata bligeard agus níos measa sa tsinsireacht agam - dúnmharfóirí, foghlaithe mara, daoine a d’fhuadaigh céile, lucht cúblála airgid, amhais ar iasacht, eolaithe a bhréagnaigh fianaise, polaiteoirí macánta, sagairt leathchráifeacha, lucht súp a ól gan íoc as, peileadóirí salacha, seansálaithe ar éirigh leo dallamhullóg a chur ar shaontacháin, scríobhaithe a chuir lámhscríbhinní ó rath, véarsadóirí a scríobh filíocht, físeoirí caocha, lucht phócaí a phiocadh, marcaigh a thit dá gcapaill, aisteoir ar theip an chaint air, amhránaithe adúirt an rud mícheart, gadaithe gabhar sléibhe…ba liosta gan áireamh iad.

READ MORE

Is maith nár ghabh an scrúdú chomh domhain sin isteach. Go deimhin, bhí toradh an taighde leamh go leor. Fuarthas amach go raibh formhór mór dem shinsir ó Éirinn nó ón mBreatain, óir níor déanadh aon deighilt idir an dá áit. Ach toisc gurbh ó Chorcaigh a bhformhór thug sin sólás éigin dom. Bhí beagán thiar i gCiarraí a chuir díomá orm, ach b’in iad an taobh dorcha den teaghlach nach labhartar fúthu ach i gcogar. Prioslaí beaga thoir sna Déise, agus cúpla sléibhteánach eile i ndeisceart Mumhan. Ní raibh mo shinsir chomh cosligthe, chomh siúlach sin. Seilí fánacha eile in iarthuaisceart na hEorpa, Lochlannaigh ar seachrán, ní foláir.

Rian ar bith de na hAlani, pobal a lonnaigh i dTír na Sorcha ní raibh ann, rud a thug le fios gur baisteadh ainm cúl le cine orm, agus b’ait liom nach raibh aon ní anoir ar fad ann, óir is gean liom uimhir a 22 ón mbialann Shíneach áitiúil.

B’é ba mhó a bhain geit asam, áfach, ná go bhfuil breis agus 2% den Néandartálach ionam. Chuige sin, is cromth le ceist atáim ó shin. Ailt mo dhá láimh ag tochas na talún nuair nach bhfuil siad ag tochas mo chinn. Braithim clúmh ar mo dhroim nach raibh roimhe sin ann. Focail ag sileadh óm bhéal ar nós ‘nítriámóláechim’ agus ‘rakdaraveol’ agus ‘nagohlihp’ murab ionann agus ‘dí-ocsairibeanúicléasach’ nó ‘rap’.

Nuair a chuimhním anois air, áfach, ráineodh gur cúis mhórtais na Néandartálaigh sin agus a bhfuil de homo sapiens im thimpeall.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar