Cogadh na Talún

Ba bheag tír láidir Eorpach nár ghoid talamh acmhainneach na hAfraice dóibh féin

Cuireadh fear mór, fear gnímh, fear a mbeidh trácht ag an stair air Dé Sathairn seo caite. Má theastaigh léiriú riamh ar dhá aigne na coilíneachta uait, b’iad na tráchtanna a déanadh ar bhás Robert Mugabe é. Abhus anseo cuireadh treise leis na blianta deiridh dá shaol nuair a bhí smacht dian aige ar scornach pholaitiúil na Siombáibe agus nuair a bhí a naimhde polaitíochta á gcloí aige; ach san Afraic soir siar amach ba laoch agus ba ghaiscíoch é, muran slánaitheoir é go lánchruinn.

Níl sé iontach deacair an leithriú seo idir leathshúil na hEorpa agus dhá shúil na hAfraice a thuiscint. Ba bheag tír láidir Eorpach nár ghoid talamh acmhainneach na hAfraice dóibh féin, agus is lú ná sin go mbeadh aon tuiscint acu ar an olc a chuir an ghadaíocht sin ar na pobail dhúchais. Thar aon áit eile, áfach, ba dhóigh leat go dtuigfeadh muintir na hÉireann an méid sin, óir cuid mhór de stair na tíre seo is ea an gabháltas fearann a déanadh ó thús na 17ú haoise i leith. Ba leis an bpobal dúchais abhus nach mór an talamh go léir i dtús na haoise sin, agus gan ach stráicí caola bochta ina deireadh.

Ar a laghad, thóg an ghadaíocht sin timpeall ar 100 bliain, agus mhair a drochiarmhairt amach go deireadh na 19ú haoise. Tá caolsheans ann, fiú, go mbeadh tuiscint agat do bhúir Dhúitseacha na hAfraice Theas a sciob an talamh san 17ú haois, mar ar a laghad bhí seilbh acu air le glúnta fada agus déarfá go bhféadfadh go dtarlódh go ráineodh go dtiocfadh go mb’fhéidir go bhféadfaí áiteamh lag a dhéanamh go mothófaí go raibh éileamh uisciúil éigin acu de dhroim staire ar a raibh goidte ag a sinsir.

Ní féidir aon phioc den bhá sin a scaipeadh ar lucht lonnaithe na Róidéise - mar a bhíodh ar an tír - ní féidir í a bhronnadh ar fheirmeoirí gustalacha na Siombáibe. Ba bheag ar fad an líon de dhaoine mílítheacha geala a bhí sa tír sa bhliain 1891 nuair a chrom an BSAC (Comhlacht Briotanach na hAfraice Theas) ar sheilbh a ghlacadh ar an áit. Throid na Shona agus na Ndebele go fíochmhar in aghaidh an choncais ach níorbh aon mhaith an t-arm faobhair suas is anuas leis an arm tine.

READ MORE

Is mar seo go ball díreach a thagann macalla na hÉireann chugainn. Mar a gealladh áit is áitreamh do na saighdiúirí Cromaileacha a throid ar a shon chun sibhialtacht a fhothú anseo, is amhlaidh gur gealladh 3000 acra do shaighdiúirí an Chomhlachta Bhriotanaigh (.i. rialtas na Breataine) mar íoc as a gcuid seirbhíse fola d’fhonn na ndúchasach a chloí go héag, agus is éag a bhí ann formhór an ama. Ach is le fíordhéanaí, nach mór lenár linn féin, a tugadh an talamh mhéith, an talamh thorthúil don chine geal ina scaoba fairsinge. Méadaíodh ar an bpobal eachtrannach as tír isteach faoi dhó sna deich mbliana tar éis an dara chogaidh dhomhanda, agus cuireadh breis agus 100,000 den phobal dúchais as seilbh! De thoisc is nárbh fhéidir leo dul go Connachta, ba dhócha gur ghá dóibh dul go hIfreann. Thug Mugabe an talamh ar ais dóibh.

Ní oireann sé do na meáin abhus (a thógann a gcuid scéalta ón mBreatain don chuid is mó) an scéal seo a mheas ina láncheart. Máitear gur ‘deachtóir’ a bhí ann: níorbh ea. Bhí toghcháin riamh sa tSiombáib, fág go bhfuil amhras mór maidir le bailíocht na guthaíochta iontu agus níl focal Shona ar bith ann ar ‘hanging chads’.

Ní móide gur féidir le haos cléireach na hEorpa a mhaitheamh dó gur chuir sé gné amháin de ghadaíocht na staire ina ceart.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar