Úsáid na Gaeilge i measc mic léinn - tacaíocht riachtanach

Tá an iliomad deiseanna ar fáil dóibh siúd ar mian leo a bheith páirteach i saol na Gaeilge ar an ollscoil

Foclóir: Ionadaíocht - representation, feachtais - campaigns, stocaireacht - lobbying, tobsmaointeoireacht - brainstorming, deontais - grants, sníomh - weave, nod maith - good tip.

Is minic i ‘saol na Gaeilge’ nach smaoinítear ar na foghlaimeoirí nó ar na daoine atá ag filleadh ar an teanga tar éis cúpla bliain.

Bíonn sé deacair orthu siúd nach mbíonn ag staidéir ar an nGaeilge ar an tríú leibhéal a gcuid Gaeilge a choinneáil ar an gcaighdeán a bhí acu ar scoil.

Mura mbaineann mic léinn úsáid as a gcuid Gaeilge agus iad ar an gcoláiste bíonn siad i bhfad níos drogallaí filleadh ar an teanga níos déanaí ina saol.

READ MORE

Sin ráite, bíonn an iliomad deiseanna ar fáil dóibh siúd gur mian leo a bheith gníomhach i saol na Gaeilge go sóisialta ar an gcoláiste agus bíonn sé de fhreagracht ar an Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) a chinntiú gur féidir na cúinsí cearta a chothú chun cabhrú leis seo

Tacaíocht

Cruthaíodh an ról seo ní amháin leis an teanga a chur chun cinn san Aontas féin ach chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt do bhalleagraíochtaí sna coláistí áitiúla tré feachtais agus imeachtaí a reáchtáil d’fhonn mic léinn a spreagadh a gcuid Gaeilge a úsáid.

Déanann AMLÉ ionadaíocht do níos mó ná 374,000 mac léinn ar an oileán agus déantar stocaireacht ar Rialtas na hÉireann agus ar pholaiteoirí sna sé chontae cearta na mac léinn a aithint.

I measc na gcearta sin tá táillí, deontais ollscoile, cúrsaí lóistíne, sláinte agus leasa, cúrsaí acadúla, comhionannas agus saoránacht, cúrsaí timpeallachta agus dar ndóigh, an Ghaeilge.

Is ról ar leith é ról Leas Uachtarán don Ghaeilge i gcomparáid le ról ar bith sna heagraíochtaí teanga toisc go n-oibríonn AMLÉ trí mheán an Bhéarla don chuid is mó. Anuas ar sin bíonn go leor le plé le daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu ar chor ar bith.

Is orthu siúd is mó a bheidh mé ag díriú i mbliana. Dár ndóigh beidh mé ag obair leis na hOifigigh Gaeilge sna hAontais áitiúla chun polasaí Gaeilge an Aontais sin a chur i bhfeidhm. Cuirfear comhairle ar fáil freisin maidir le feachtasaíocht agus déanfar plé le hoifigigh lánaimseartha agus údaráis na n-ollscoileanna faoi sheirbhísí trí Ghaeilge ar an gcampas.

Tá fochoiste don Ghaeilge ag AMLÉ ar a dtugtar ‘An Coiste Cultúrtha’ ina bhfuil idir mic léinn, oifigigh páirtaimseartha agus oifigigh lánaimseartha páirteach ann.

Roinntear smaointe maidir le feachtais AMLÉ agus tugtar seans do dhaoine ó na haontais éagsúla comhairle a roinnt lena chéile agus tobsmaointeoireacht a dhéanamh.

Imeachtaí

Maidir leis na haontais nach bhfuil oifigeach Gaeilge nó Cumann Gaelach acu go dtí seo, cuirfear an-chuid béime ar imeachtaí beaga agus feachtais shimplí ar nós Pop-Up Gaeltachtaí, ciorcail chomhrá, agus feachtais ar na meáin shóisialta ar nós ‘Focal an Lae’, ‘#NílSéCGL’ agus araile.

An aidhm is mó atá agam féin maidir leis na haontais seo ná cuidiú le hoifigigh ar mhaith leo an Ghaeilge a úsáid í a shníomh isteach ina gcuid oibre go laethúil.

Is minic nach mbíonn muinín ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid agus ceapann siad go bhfuil sí caillte acu tar éis dóibh cúpla bliain a chaitheamh ar an ollscoil gan breis staidéar a bheith déanta acu uirthi.

Caithfear é a chur i gcuimhne do dhaoine go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge acu ná mar a cheapann siad.

Feachtais

Bíonn réimse leathan feachtas ar bun ag AMLÉ ar mhaithe leis an nGaeilge agus is minic go dtagann cúrsaí oideachais faoi chúraim an Leas Uachtaráin don Ghaeilge chomh maith.

An feachtas is mó a bhí againn anuraidh ná #GaelFees nuair a rinne AMLÉ stocaireacht ar an Aire Oideachais Joe McHugh an deontas Gaeltachta a thabhairt ar ais d’ábhar oidí agus iad ag freastal ar chúrsa riachtanach sa Ghaeltacht mar chuid den riachtanas Gaeilge don Chomhairle Múinteoireachta

Cosnaíonn na cúrsaí seo €750 agus caithfear tabhairt fúthu faoi dhó le linn bunchéime sa mhúinteoireacht. Ní chlúdaíonn deontas SUSI (an t-údarás náisiúnta atá freagrach as scéim deontas mac leinn) na táillí seo agus bíonn ar mhic léinn bunscolaíochta saoire na Cásca a chaitheamh ann nuair a d’fhéadfaidís a bheith ag obair agus ag tuilleamh airgid.

Chomh maith leis sin, más mian leat a bheith i do mhúinteoir meánscoile le Gaeilge is féidir dul chun na Gaeltachta mar mhúinteoir i gcoláiste nó mar cheannaire. Ní amháin gur féidir airgead a thuilleamh ach sásaíonn sé an riachtanas Gaeilge don Chomhairle Múinteoireachta freisin.

Beidh mé ag súil le tuilleadh oibre a dhéanamh ar seo i mbliana tar éis gur dhiúltaigh an tAire d’ár n-iarratas an deontas úd a thabhairt ar ais.

Ar na dúshláin is mó a bheidh romham i mbliana beidh an stocaireacht ar mhaithe le cearta teanga, ní amháin ar Rialtas na hÉireann ach ar pholaiteoirí sna sé chontae chomh maith agus iad gan rialtas le os cionn 900 lá anois.

Tá grúpa oibre don Ghaeilge ag NUS-USI (Aontas na Mac Léinn sa Tuaisceart) agus beidh mé ag súil le neart oibre a dhéanamh leo siúd.

Nod maith

Mar nod dóibh siúd atá ag freastal ar an gcoláiste don chéad uair i mbliana, déan cinnte go gcláraíonn tú leis an gCumann Gaelach, is deis iontach é a bheith gníomhach i saol na Gaeilge go sóisialta. Chomh maith leis sin téigh i dteagmháil le hAontas na Mac Léinn agus féach an mbeidh imeachtaí nó feachtais á reáchtáil acu a bhaineann leis an nGaeilge i mbliana.

Tá Clíodhna Ní Dhufaigh ina Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ).