Éirí Amach agus an teanga faoi chaibidil i mBéal Feirste

Is é “1916 agus an Ghaeilge” an téama a bheidh ag Éigse Loch Lao i mbliana. Beidh an éigse ar siúl i mBéal Feirste idir an Aoine 2ú agus an Satharn 3ú Deireadh Fómhair.

Bronnfar Gradam Mhic Ádhaimh ar Albert Fry, iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge agus ceoltóir.

Tá obair mhór déanta aige ag cur na teanga chun tosaigh i mBéal Feirste le fada fada an lá.

Tabharfaidh Regina Uí Chollatáin Léacht Mhic Ádhaimh – “Ó Chéitinn go Conradh: 1916 agus Conradh na Gaeilge” – oíche Aoine.

READ MORE

Beidh cainteanna ar ghnéithe eile den téama Dé Sathairn.

Labhróidh Fionntán de Brún ar “Pádraig Mac Piarais, Scoil Éanna, agus neamhspleáchas intleachtúil na hÉireann” agus Róisín Ní Ghairbhí ar “Clanna Gael: ‘An Síogaí Rómhánach’ agus óráid an Phiarsaigh ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa”.

Beidh cainteanna eile le Ríona Nic Congáil, Alan Titley, Hugh Rowland agus Aindrias Ó Cathasaigh.

Ollscoil Uladh i gcomhar le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bhunaigh Éigse Loch Lao in 2010 chun léann agus litríocht na Gaeilge a cheiliúradh agus a bhuanú sa chathair. Eolas: 048-95367482

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times