Trasnu Conallach

Tá Cathal Ó Searcaigh, file, i gcomhar le Ceardlann na gCroisbhealach, ag eagrú siompóisiam náisiúnta ar an téama, Ag Trasnú …

Tá Cathal Ó Searcaigh, file, i gcomhar le Ceardlann na gCroisbhealach, ag eagrú siompóisiam náisiúnta ar an téama, Ag Trasnú Teorainneacha, in óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall. Cuirfear tús leis seachtain ón Satharn ag 10.30 a.m. agus leanfar de go dtí an Domhnach.

Is é is cuspóir leis an ócáid scagadh a dhéanamh ar stádas reatha na Gaeilge ó thaobh na n-ealaíon agus cultúir de. Tá forógra dá chuid féin scríofa ag an Searcach ar an téama agus tabharfaidh aoichainteoirí a bhfreagra féin ar an téacs.

I measc na gcainteoirí a labhróidh, beidh Fintan O'Toole, iriseoir; Colm Tóibín, údar; Gabriel Rosenstock, file; Mairín Nic Eoin, scoláire; LiamÓ Cuinneagáin, cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, agus an t-iriseoir seo. I nGaeilge agus i mBéarla a bheidh na cainteanna agus beidh córas comhuaineach aistriúcháin ar fáil. Eolas: 074-9165594 nó ceardlann@eircom.net