Thall is abhus

Tá an compántas Aisling Ghéar ar camchuairt faoi láthair agus dráma de chuid Samuel Beckett, Críoch-chluiche, á léiriú acu…

Tá an compántas Aisling Ghéar ar camchuairt faoi láthair agus dráma de chuid Samuel Beckett, Críoch-chluiche, á léiriú acu.

Aistríodh an dráma ó Fhraincis go Gaeilge agus beidh sé le feiceáil sa Firkin Crane, Shandon, Co Chorcaí, san oíche amárach; i Halla Íde, Sráid Thomáis, Luimneach, oíche Shathairn agus in Amharclann an Mhionta, Plás Anraí, Baile Átha Cliath, ó oíche Luain go hoíche Shathairn. Beidh córas comhuaineach aistriúcháin in úsáid. Gach léiriú ag 8 p.m. Eolas: 048-90208040.

Seolfar úrscéal úr Joe Steve Uí Neachtain, Scread Mhaidne (Cló Iar-Chonnachta), san oíche amárach ag 8.30 p.m. in Óstán na Páirce, an Spidéal, Co na Gaillimhe.

Beidh siompóisiam ag Conradh na Gaeilge ar shaol agus ar shaothar Phádraic Uí Chonaire Dé hAoine ag 8 p.m. i gClub na nEalaíon, Sráid Mhic Liam Uachtarach, Baile Átha Cliath.

READ MORE

Labhróidh Alan Titley, Pádraigín Riggs, Aindrias Ó Cathasaigh agus Aisling Ní Dhonnchadha ar scéal Uí Chonaire. Fuair sé bás 75 bliain ó shin agus an mhí seo. Eolas: 01-4757401 nó eolas@cnag.ie

Beidh Féile Scannáin ag Gael-Linn in Institiúid Scannáin na hÉireann, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn. I measc na scannán a léireofar le linn an lae, beidh Amharc Éireann, nuachtscannáin le Gael-Linn idir 1956-1964, Mise Éire, Dubliners: Sean agus Nua agus Páistí ag Obair, scannán a ainmníodh le haghaidh Gradam Academy sa bhliain 1973. Beidh an stiúrthóir scannáin Louis Marcus i láthair agus tosaíonn an fhéile ag 11 a.m. Eolas: 01-6793477


Tá An Conradh Ceilteach ag eagrú seimineáir faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht Dé Sathairn ag 2.30 p.m. in Óstán na Páirce, an Spidéal, Co na Gaillimhe. Beidh cainteoirí ó CYMUNED - Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Breathnaise - i láthair le cur síos a dhéanamh ar a dtaithí ar chosaint teanga i gceantair Bhreathnaise tríd an chóras pleanála. I measc na gcainteoirí eile, beidh an Comhairleoir Pól Ó Foighil. Eolas: 087-2428031 nó patriciabridson@eircom.net