Oscar Olagoin

Beocheist: Helping Unionists to articulate their fears is crucial to ending their sense of victimhood, writes Seán Ó hÉalaí…

Beocheist: Helping Unionists to articulate their fears is crucial to ending their sense of victimhood, writes Seán Ó hÉalaí

Léargas spéisiúil a thug sraith altanna an nuachtáin seo ar an Tuaisceart dúinn an tseachtain seo caite. Sraith thráthúil i bhfianaise a raibh ar siúl i dTuaisceart Bhéal Feirste. Bheifeá ag súil gur léigh go leor daoine sa Deisceart í ach, ar bhealach, tá mé in amhras faoi. Feictear dom go bhfuil tuirse ag teacht ar chuid mhór de phobal an Deiscirt leis an tsíorolagón Ultach.

I bhfocla comhiriseora a chuireadh spéis i gcónaí i gcúrsaí an Tuaiscirt: "Tá an "comhionannas measa" athraithe go dtí "comhionannas íobartach". Tá iomaíocht ghéar ar siúl don duais aitheantais, sórt Oscar Olagóin, mar an dream is mó a d'fhulaing."

Léirigh na radharcanna teilifíse de na raiceanna idir tuismitheoirí agus póilíní ar an dá thaobh gur mheas siad gur orthusan a bhí an leatrom á imirt. Bhí an doicheall roimh na póilíní a bhí á gcoinneáil óna chéile mar chómhaoin fuatha acu.

READ MORE

Chuaigh máthair dhílseach amháin ar mire le fearg nuair a dhiúltaigh na póilíní ligint dá mac siúl síos bóthar áirithe de bharr go mbeadh sé i gcontúirt. Cén chuid eile den domhan ina dtarlódh a leithéid? Ach, ba léir uirthi, muna bhfuil na leanaí ag foghlaim a gcuid ceachtanna, nach amhlaidh do na tuismitheoirí.

Bhí an bá agus an phoiblíocht a fuair tuismitheoirí Scoil na Croise Naofa feicthe ag an mbean dhílseach sin agus bhí sásta an leanbh s'aicisean a chur i mbaol chun an t-aitheantas céanna a fháil. Sa gcogadh cumarsáide seo, tá sé ceadaithe urchair a dhéanamh as leanaí.

Ba chóir gurbh aisteach leis an bpobal aontachtúil meon an íobartaigh. Sa deireadh thiar nach bhfuil stát Briotanach acu fós go dtí go ndeir tromlach ann a mhalairt? Nach bhfuil Stormont ar ais acu agus nach léir dóibh gur sháraigh siad feachtas fada an IRA chun stát uile-Éireannach a bhaint amach?

Ach ní mar sin atá agus sa raic áitiúil, mar a thug Kavanagh faoi deara, tá an fhírinne mhór dhomhanda ar fáil. An de thaisme gur ar scolaíocht leanaí Caitliceacha a díríodh an fhearg agus an fuath?

Ó dheireadh na 1940í nuair a osclaíodh doras an oideachais do chosmhuintir na Ríochta Aontaithe, is iad na Caitlicigh is mó a bhain tairbhe as. D'fhéadfá a rá gur gléas cogaidh rúnda na gCaitliceach ab ea an saoroideachas céanna sa mhéid is gur chuir sé glúin nua ceannairí óga oilte ar fáil.

Ba dhaoine iad seo a bhí deisbhéalach líofa agus an cumas iontu focail a chur le pian a muintire. Amach as an nead saoithiúlachta seo a tháinig Hume, Currie, McCann agus Devlin, iad armáilte le héirim aigne agus ábaltacht.

I gCEANTAIR bhochta Phrotastúnacha sa Tuaisceart, áfach, ní raibh an tsaint chéanna chun oideachais le tabhairt faoi deara. Ba chróga macánta mar a mhínigh Billy Hutchinson ón bPUP íoróin na heaspa seo i gceann de na haltanna sraithe.

Baineann an meon seo, measann sé, leis na pribhléidí seicteacha a bhíodh ag an lucht oibre Protastúnach - jabanna ar fáil go réidh sa longchlós agus i dtionscail thraidisiúnta a d'fhág dall iad ar bhuntáistí an oideachais.

Ba léir gur dheacair do mhuintir Phrotastúnach Ghlenbryn focail a chur lena bhfearg. B'fhéidir gur seicteachas lom gránna atá ann. B'fhéidir gurb éad faoi dhul chun cinn oideachasúil na gCaitliceach is cúis léi. Nó b'fhéidir gur ar Aire Oideachais an Tuaiscirt Martin McGuinness atá an fuath dírithe.

Ach, mar is iondúil, nuair a theip orthu í a chur in iúl ar bhealach amhain, cuireadh in iúl le foréigean í. Cuireadh Caitliceach óg neamhurchóideach mar íobairt ar altóir an fhuatha.

Deir an síceolaí, an Dr Raman Kapur, gurb í eagla neamhráite an phobail Phrotastúnaigh go bhfuil na hathruithe sa Tuaisceart dírithe ar dheireadh a chur leo mar phobal. Deir sé freisin go gcaithfear deiseanna a chur ar fáil chun cabhrú leo a gcuid tuairimí a chur in iúl.

Is doiligh gan ghéilleadh don tuairim sin agus is comhairle í ba chóir don dá rialtas agus do náisiúntóirí aird a thabhairt uirthi.