Nod don Duinnín

TAGAIRT AR BITH ní dhearna an tOllamh Alan Titley ina léacht ar na mallaibh, ar scoláirí Gaeilge de chuid Chumann Íosa, don tréimhse…

TAGAIRT AR BITH ní dhearna an tOllamh Alan Titley ina léacht ar na mallaibh, ar scoláirí Gaeilge de chuid Chumann Íosa, don tréimhse a chaith an foclóirí, Pádraig Ó Duinnín, i dteach solais ar an Sceilg, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Níl tagairt dó ach an oiread i mbeathaisnéis Uí Chonluain agus Uí Chéilleachair ná don seal a chaith an sagart i bPáras sa bhliain 1900 mar ionadaí na hÉireann ag Comhdháil Idirnáisiúnta Matamataiceoirí.

Níl tagairt dó mar is i samhlaíocht Biddy Jenkinson, údar an chnuasach gearrscéalta, Duinnín: Bleachtaire ar an Sceilg(Coiscéim) a thaistealaíonn an foclóirí cáiliúil go dtí na hionaid sin.

Agus ní samhlaíocht go dtí í.

READ MORE

Mar is dual d’fhoclóirí, tá aigne leathan ag an Duinníneach sna scéalta seo agus a thuairimí féin aige faoin mhoráltacht Victeoiriach a bhí á cleachtadh ag daoine ceartchreidmheacha in Éirinn ag tús na haoise seo caite.

Ní hionadh mar sin go bhfaightear é i gcomhluadar daoine ar bheag meas ag an choitiantacht orthu. Sa Duinnín i bPárascuireann sé aithne ar dhuine de na gadaithe is glice sa chathair sin agus caitheann oíche i dteach nár chóir do shagart geanmnaí dul ina aice. I Duinnín sa Zúcabhraíonn sé, i ngan fhios dó féin, le bean sráide dallamullóg a chur ar phóilíní an Chaisleáin.

Is é seo an dara cnuasach faoin scoláire bleachtaire agus tá cairde aige ar fud na cathrach idir mhná rialta, shagairt, shiopadóirí, bhuachaillí díolta nuachtán agus fiú coimeadaí sa Zú.

Agus ní amháin go gcastar a sheanchara Searbhlach de Huilm air sa Leabharlann Náisiúnta ach cabhraíonn sé leis éalú óna údar, Artúr Conán Ó Dúill.

Éiríonn thar barr le Jenkinson atmaisféar Bhaile Átha Cliath ag tús na haoise seo caite agus an meon gallda Caitliceach a bhí i réim ar fud na hÉireann a athchruthú.

Ba é an meas mór a bhí ar an sagart a thug cead isteach don Duinníneach in áiteanna nach leomhfadh na póilíní dul ann, chun fadhbanna a réiteach agus fiú cleamhnais a dhéanamh.

I Duinnín agus an Redemptorist Móris i mBaile Thaidhg i gCiarraí atá sé, áit a gcuireann sé a oiliúint Íosánach agus a chuid eolais ar fhíricí na beatha chun leasa cailín óig atá ag iompar clainne.

Ní miste leis bréag nó dhó a insint do shagart paróiste sa taobh sin tíre chun cabhrú le cailín óg eile a leannán a phósadh.

Tugann na mionsonraí faoi dhaoine agus faoin saol in Éirinn breis agus 100 bliain ó shin agus stíl inste éadrom leathmhagúil an údair beocht do na scéalta seo. Ach thar aon rud eile is í pearsantacht fhiosrach, chorr an Duinnínigh féin a sheasann amach.

An fada uainn sraith teilifíse bunaithe ar a chuid eachtraí?