Naomh an pholaiteora

Tá Gearóid Ó Seanacháin, OFM, agus Pól Ó Súilleabháin, OFM, (nach maireann) i ndiaidh saothar Naomh Proinsias a aistriú ón bhunLaidin…

Tá Gearóid Ó Seanacháin, OFM, agus Pól Ó Súilleabháin, OFM, (nach maireann) i ndiaidh saothar Naomh Proinsias a aistriú ón bhunLaidin go Gaeilge.

Is é Mise Proinsias bhur mBráithrín: Scríbhinní San Proinsias Assisi toradh a gcuid oibre. Saothar álainn atá ann agus mórán litreacha, paidreacha agus duanta le fáil ann.

Is maith mar a fhóireann siad don lá atá inniu ann: "Ná déanadh aon duine ceannaireacht a éileamh. "Níor tháinig mé chun go mbeifí ag freastal orm ach chun go ndéanfainn féin freastal, a deir an Tiarna." Iad sin atá i gceannas ar dhaoine eile, ná bídís níos mustraí as a n-oifig ná mar a bheidís dá gceapfaí iad chun cosa na mbráithre a ní.

"Má bhaintear an cheannaireacht díobh agus má bhíonn siad níos buartha fao sin má mar a bheidís dá mbainfí díobh an oifig um chosa a ní, dá mhéid a mbuaireamh is ea is mó atá sparáin á gcur i dtaisce acu chun aimhleas a n-anamacha."

READ MORE

Seoltar an sliocht sin chuig gach polaiteoir.

Mise Proinsias Bhur mBráithrín. (Cló Iar-Chonnachta, www.cic.ie) €15