Léargas dearfach ar na Gardaí

BeocheistSeán Ó Riain: Sa bhliain 2001 tugadh oifig don Sáirsint David McInerney i gCearnóg Fhearchair, ceanncheathrú…

BeocheistSeán Ó Riain:Sa bhliain 2001 tugadh oifig don Sáirsint David McInerney i gCearnóg Fhearchair, ceanncheathrú an Gharda Síochána i mBaile Átha Cliath, agus dúradh leis teagmháil a dhéanamh leis na mionlaigh eitneacha san ardchathair. B'shin go hachomair mar a tháinig Oifig an Gharda Síochána um Chiníochas agus Ilchultúrachas (OGSCI) ar an bhfód.

Inniu agus Gardaí eitneacha á n-earcú, tá an OGSCI á riaradh ag an gCigire Colm Fox, McInerney agus an Sáirsint Ó Mathúna.

Tá leabhrán díreach foilsithe a thugann eolas riachtanach d'eachtrannaigh faoi chóras dlí na hÉireann agus tá póstaeir á scaipeadh a thugann spreagadh láidir do dhaoine coireanna ciníochais a chur in iúl do na Gardaí. Gan mhoill.

Ach is ar an teagmháil phearsanta a chuireann McInerney an bhéim: "An lá úd i 2001 thosnaíos ag cur aithne ar lucht mionlach. Bhailíomar le chéile anseo i gCearnóg Fhearchair. Dháileas amach dhá scór ceistneoir. Seoladh an dá scór ar ais chugam agus iad go léir líonta isteach."

READ MORE

Ag an gcruinniú sin bhí ionadaithe ó mhosc na Sunni, ó mhosc na Shia, ón mosc ar an gCuarbhóthar Theas.

Bhí Iúdaigh i láthair chomh maith le Moslamaigh ón Bhoisnia, bhí daoine ann ó na heaglaisí ceartchreidmheacha. Bhí Sínigh is muintir Vítneam, Roma is an Lucht Siúil ann.

"Bhíomar ag iarraidh a fháil amach uathu," arsa McInerney, "cén saghas seirbhíse a theastaigh uathu a fháil ó phóilíní gairmiúla, eolas a d'fhéadfaimis a fhí isteach in oiliúnt na nGardaí óga sa choláiste traenála."

Nuair a chuaigh McInerney isteach sna Gardaí an chéad lá, bhíodh sé ag amharc ar an Lucht Siúil mar bhagairt: "Níor smaoiníos riamh go raibh cearta daonna acu. Níor smaoinigh mé ar an gcineál saoil a bhíonn acu."

Anois deireann McInerney go bhfoghlamaíonn sé rudaí nua gach aon lá ó bheith ag bualadh le mionlaigh éagsúla. Mar shampla, cad a mhothaíonn bean Mhoslamach nuair a chuireann Garda iachall uirthi an chaill a bhaint dá haghaidh.

"N'fheadar uaireanta," arsa McInerney, "an dtuigimid ar chor ar bith, sinne Gaeil, cén fáth go dteitheann daoine óna dtíortha féin. Ní dóigh liom go dtuigimid."

Ceapann McInerney nach bhfuil an saol chomh casta sin ach smaoineamh ar rudaí bunúsacha. Is daoine daonna sinn go léir, taispeáin meas do dhaoine agus dá sealúchas, ná labhair róthapa, éist le daoine.

Agus cé nach gá é a dhéanamh, is mór an comhartha measa é na bróga a bhaint agus tú ag dul isteach i mbun fiosraithe go teach Moslamach.

Agus obair an OGSCI ag dul i méid, thuig an Coimisinéir Pat Byrne agus an Ceannfort Catherine Clancy go raibh gá le Gardaí idirchaidrimh eitnigh ar fud na tíre.

Tá 345 de na Gardaí sin ann anois agus is mian leis an OGSCI go mbeadh a fhios ag pobal uile an Stáit go bhfuil na Gardaí úd ag feidhmiú i ngach stáisiún de chuid an Gharda Síochána.

Ach tá sé práinneach go mbeadh eolas domhain is tuiscint sármhaith ag na Gardaí idirchaidrimh ar shaol is ar chultúr na mionlach eitneach ionas go scaipfear an t-eolas is an tuiscint sin ar na Gardaí eile sa stáisiún.

"Is féidir le duine ar bith teacht chugainn faoi bhrí na mionn," arsa McInerney.

"Muna mbíonn muinín ag teifeach nó ag Taistealaí as na Gardaí áitiúla ar chúis amháin nó ar chúis eile, tagadh sé chugainn le leigheas a lorg . Tá an mhuinín atá ag mionlaigh asainn ag dul i méid i gcónaí, an-fheabhas i gcompráid le 2001."

Is soiléir go gcreideann McInerney go láidir san obair atá ar siúl aige ach thairis sin tá taithí leathan aige ó bheith ag obair leis na Náisiúin Aontaithe sa Mhósaimbíc agus sa Bhoisnia, obair a chuaigh i gcion go domhain air. Fuair sé an bonn teoiriciúil dá chuid oibre sa chúrsa iarchéime a dhein sé i gColáiste na Tríonóide faoi stiúir Ronit Lentin.

Bhí focail fíordhúshlánacha ag an Sáirsint David McInerney ag deireadh an agallaimh leis: "An fhís atá agamsa ná go mbeadh a fhios ag Garda óg - ón gcéad lá sa choláiste traenála dó agus tríd an gcúrsa oiliúna ar fad - go bhfuil sé nó sí ag ullmhú leis an saol a chaitheamh mar Gharda i bpobal atá ag athrú in aghaidh an lae agus go dtuigfeadh an Garda óg sin go mbeidh gá le scileanna is traenáil speisialta le seirbhís póilíneachta den scoth a chur ar fáil do na mionlaigh eitneacha. Bíonn sé ríshoiléir má bhíonn duine claonta agus, sea, sa chás sin ba cheart a chur in iúl don duine sin nach bhfuil sé oiriúnach d'obair an Gharda Síochána."