‘Is that Irish?’

THARLA GO ndearna iníon de m’iníonacha a Chéad Comaoineach ag an deireadh seachtaine

THARLA GO ndearna iníon de m’iníonacha a Chéad Comaoineach ag an deireadh seachtaine. Lá ar dóigh a bhí ann agus, sea, bhí sí féin go hálainn ar fad ina gúna. Ócáid ilchultúrtha a bhí ann agus baill den Lucht Siúil, páistí ón Phortaingéil agus ón Pholainn i measc an tslua.

Oiread chéanna leis an Stát seo, tá Portaingéalaigh agus Polannaigh ag obair leo sa Tuaisceart Leathoccupáilte le slí bheatha níos fearr a thabhairt dá gcúram. Tharla go raibh sagart Polannach i mbun cheiliúradh an Aifrinn fosta agus cuireadh in aithne ag tús an tsearmanais é.

Bhí bean óg ina suí os mo chomhair nár chuala cad é a dúradh. Níor luaithe a thosaigh an sagart Polannach a chaint Polainnise gur fhiafraigh sí dá compánach: “Is that Irish?” Neart le déanamh go fóill sa Tuaisceart le daoine a chur ar an eolas faoin teanga cheolmhar eile sin nach Polainnis í.