Fuaim úr raidió

TÁ AN tEarrach linn, tráth fáis agus athnuachana. Mar an gcéanna atá an scéal le Raidió na Life 106.4FM (www

TÁ AN tEarrach linn, tráth fáis agus athnuachana. Mar an gcéanna atá an scéal le Raidió na Life 106.4FM (www.raidionalife.ie) stáisiún raidió pobail Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Anois agus iad ar an aer le 15 bliain, tá suíomh nua Idirlín seolta go hoifigiúil acu agus tá fuaimeanna nua aitheantais cumtha. Dúirt bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, gur aithin siad go raibh fuaim nua de dhíth orthu; bhí cuid de na ceoilíní agus fógraí aitheantais á gcraoladh ó bunaíodh an stáisiún: “Tá sé in am dúinn slán a fhágáil leo anois agus iad a chur a chodladh sa chartlann fuaime.”

Dúirt Ó Fiannachta go raibh “fuaim dhinimiciúil, fhuinniúil, nua-aimseartha ag baint leis na ceoilíní nua, rud atá tábhachtach don stáisiún agus muid ag craoladh i 2009”.

Le cois na n-athruithe sin, tá dhá shraith nua dírithe ar dhaoine óga le craoladh: Filíocht na hArdteiste, (Dé Máirt, 12.30pm agus 6.30pm) agus sraith nua de Raidió na nÓg (Dé Céadaoin, 6.30pm), clár do pháistí bunscoile. Tá an clár seo á chur i láthair ag dalta bunscoile, Joshua Kieron Glenon, nó DJ JKG mar is fearr aithne air ar aer.