Forogra Helen do na heagrais dheonacha

Is beag spreagadh a fhaigheann daoine as na focail "eagras deonach Gaeilge" ach tá paimfléad, Dúshlán agus Treo, scríofa ag tánaiste…

Is beag spreagadh a fhaigheann daoine as na focail "eagras deonach Gaeilge" ach tá paimfléad, Dúshlán agus Treo, scríofa ag tánaiste Chonradh na Gaeilge, Helen Ó Murchú, a athróidh an tuairim sin.

Tugann sí léargas cuimsitheach ar a dtábhacht agus ar an earnáil chomhaimseartha pholaitiúil ina bhfeidhmíonn siad. Déanann sí scagadh eolach ar a ról sainiúil agus ar an obair a d'fhéadfaí bheith ar siúl acu ach comhstruchtúr nua pleanála agus gníomhaíochta bheith i bhfeidhm.

Aithníonn Ó Murchú go bhfuil difear bunúsach idir Éirinn na linne seo agus Éirinn an luathStáit, an t-am ar bunaíodh na chéad eagrais dheonacha; ní hann don fhís pholaitiúil níos mó, a scríobhann sí, a mhalairt atá fíor i ndáiríre: "Lasmuigh d'eisceachtaí áirithe, is dearcadh neodrach neamhghníomhach 'réasúnta' nua-aimseartha diúltach atá ag an lucht polaitíochta."

Creideann sí gur "poblachtánas síbhialta" is bun leis na heagrais; coincheap nach n-aithníonn mórán polaiteoirí, gan a bheith ag caint ar na heagrais iad féin in amanna: "Dá éifeachtaí, nó dá mhí-éifeachtaí iad, is cuma, is ar son na maithe poiblí ag an leibhéal is cumhachtaí agus is bunúsaí don daonnacht atá siad ag saothrú. Is ansin atá tábhacht a róil dáiríre.

READ MORE

"Ní féidir do Roinn ná d'fhoras Stáit a n-áit a thógáil, mar is iad na heagraíochtaí an pobal, is iad an tsochaí, is iad bonn agus bunús an daonlathais. Gan iad, níl daonlathas ann, ach rialaíocht sheasc amháin."

Is annamh a chluintear an argóint chéanna; gur gné bhunúsach de chuid an daonlathais iad na heagrais agus go dtugann siad deis do dhaoine aonair páirt a ghlacadh i múnlú pholasaí cultúrtha an Stáit.

Feictear di go bhfuil an caidreamh idir an Stát agus an pobal athraithe. Is custaiméir é an saoránach agus is cliant é an té a lorgann seirbhísí ón Stát. Ní sláintiúil an caidreamh é: "Tá béarlagair an mhargaidh imithe go smior i ngníomhaíochtaí nach cuí iontu é."

Aithníonn sí fosta nach féidir leis na heagrais bheith ag frithghníomhú de shíor, is é sin, bheith ag tabhairt freagra ar na ceisteanna a chuirtear ar an chlár cultúrtha; ba cheart go mbeadh siadsan ag socrú an chláir chultúrtha.

Constaic amháin a chuireann as don fhorbairt sin, is é nach bhfuil smacht ag na heagrais ar a maoiniú féin agus iad i ndeabhaidh lainne le Foras nó le Roinn, ag brath ar an aimsir.

Is olc léi nach bhfuil plean náisiúnta teanga ann a chuimseodh Gaeltacht agus iar-Ghaeltacht, díth a chruthaíonn deacrachtaí dá chuid féin.

Is beag is fiú bheith ag tromaíocht ar na heagrais nó ní féidir leo mórán níos mó a dhéanamh ná bheith beo ón láimh go dtí an béal. Treabhann gach aon ghrúpa a iomaire féin de bharr nach bhfuil de threoir acu ach a n-iomaire féin a threabhadh.

Ní chreideann sí gur leor suíochán nó dhó a thabhairt d'ionadaithe na n-eagras ar bhord Fhoras na Gaeilge leis an scéal seo a chur ina cheart. Ní páirtnéireacht atá ar siúl idir Foras agus eagrais ach polaitíocht "chomhghéilliúil" bhearnach: "Má tá fíorthodhchaí le bheith ag an nGaeilge, tá gá le gluaiseacht; tá gá le hidé-eolaíocht athshainithe; tá gá le hathruithe radacacha dá réir, bídís sin ina n-éabhlóid nó ina réabhlóid."

Scríobhann sí: "Don Stát agus don earnáil dheonach tá gá, dá réir sin, le réasúnaíocht, le hidé-eolaíocht, atá simplí soiléir, intuigthe ag cách, de chineál a shásóidh sofaistíocht dhearcadh na linne, ach a bhéarfaidh greim ar an samhlaíocht chomh maith. Is í an idé-eolaíocht sin is mó atá in easnamh (léi an bhéim)."

Ní i dtéarmaí Gaeilge/Béarla nó Gaeltachta/iar-Ghaeltachta amháin a bheidh an chaint chultúrtha seo feasta. Imreoidh scéal na dteifeach agus na n-imirceoirí a dtionchar féin ar an chlár cultúir agus tá ról ar leith ag na heagrais sa díospóireacht:

"Gan féintuiscint agus féineolas ar na nithe seo, ní chothaítear caoinfhulaingt dearcaidh ar dhaoine atá difriúil. Is deacair don té nach dtuigeann a chultúr féin an t-ilchultúrachas a thuiscint ná a bheith measúil air. Is meas ar an res publica a bhíonn i gceist, agus meas ar gach a seasann an coincheap sin dó."

Tá ábhar eile leabhráin sa mhéid sin. Bíodh súil againn go dtugann sí faoi go luath. Idir an dá linn, bímis ag cogaint na haiste seo.