Focail dheasa

Crobhingne: Tá an scéal amuigh faoi seo maidir leis na focail is deise sa Ghaeilge dar leis an bpobal mór

Crobhingne: Tá an scéal amuigh faoi seo maidir leis na focail is deise sa Ghaeilge dar leis an bpobal mór. B'iontach an fhreagairt a fuair John Creedon ar a chlár ar RTÉ 1 nuair a chuaigh sé á dtóraíocht.

Fuair sé scéalta ó Ghaeltacht an domhain mhóir, agus dá mbeadh daoine ina gcónaí ar phlainéid eile, is dócha go bhfaigheadh sé freagraí dá réir.

Dá mhéid is a chuaigh teagasc na Gaeilge síos faoin talamh, isteach sna pluaiseanna, faoi choincréit dheacair chrua, is léir go bhfuil an cúpla focal beo i gcónaí, agus an cúpla focal thairis agus ag dul i méadaíocht.

Murar éirigh leis na scoileanna cainteoirí líofa a dhéanamh de chách ceal polasaí stáit lasmuigh den oideachas, is léir gur éirigh leo focail a fhágaint ar sonachrith in intinn dhaoine.

READ MORE

Agus má tá Béarla na hÉireann chomh marbh leis an gcumannachas i bPoblacht na Seice agus leis an gCaitliceachas sa bhFionlainn, is léir gurb é anáil na scoile a thug beocht do na focail seo.

B'iad an tOllamh Seán Ó Coileáin, Tomás Ó Canainn agus Fionnuala Ní Fhlatharta a bhí i mbun an allagair agus os cionn an bhinse bhreithiúnais.

Agus ba bhreithiúnas aeistéitiúil é, ar nós bhreithiúnas na n-éisteoirí. Nach iontach an ní é go ndéanfaí focail a mheas ar a gcuid áilleachta, áilleacht na fuaime, áilleacht na macallaí, áilleacht na cuimhne, áilleacht na gceangal?

Ní dhéantar sin i ngnáthleamhas an tsaoil, ach focail a úsáid ar a neamhbhrí, ar a gcuid gaoithe, ar an bhfolús a nochtann, ar an easpa meabhrach a sheasann ar a dhá cois dheiridh i ndáil nó in stiúideo agus a scaoileann siollaí le gaoith.

Ní hiontas go mbeadh "aisling" ansiúd sa chéad deichniúr. Ní féidir gur fhág filíocht an 18ú haois lorg chomh seanbhlastúil i mbéala daoine. Tá an "ais" sin bog agus caomh, agus tuirlingíonn an dara siolla ar do chroí. Is í banúlacht na fearaíolachta í.

Ní taibhreamh ná brionglóid í, dhá fhocal a ghnáthaíonn an saol laethúil. Ainm óstáin í agus tithe sna bruachbhailte, agus eacha éiritheacha, agus an ní dhothadhaill, agus na mná a bhíonn ag siúl an drúchta go moch i ndraíocht bhreacaithe an lae.

Ina choinne sin, bhí "fáilte" ar an slua freisin. Pé brí a bhíodh leis fadó fadó ar maidin, is amhlaidh go bhfuil seanchaite ó shin.

Is mó bróg agus buatais thromspágach mhicilmhicdeabhail atá satailte air ó shin. "Fáilte" ar an tslí isteach agus "fágú" ar an tslí amach.

Ní "sceitimíní" a bhíonn ar na díbeartaigh bhochta ó Éirinn, ná "suaimhneas" anama, ná ní mó ná sin a bhíonn "suantraí" ina gcluasa nuair a chloiseann siad "siosarnach" na n-oifigeach loch amach nach mbíonn chomh "gleoite" sin leo agus iad ag sileadh "deora dé" a gcuid dóchais idir "sú chraobh" shearbh na hainnise, agus "sú talún" an luig a thiteann ar an lag. Focail iad sin, ar ndóigh, a bhí go hard faoi réim ar an liosta.

Tá focail eile ina dhiaidh sin ann nach bhfuil chomh furasta le gabháil agus nach dtitfidh isteach go sitheoilte i measc "mí na meala", agus "dúchas" agus "duine le Dia" ná leis an "dreoilín" féin.

Focal breá glan álainn é "spearbal" a dhéanann cur síos go beacht ar an toradh a bhíonn ar an 'úscra' a chloisimid ó na meáin chumarsáide nó ón aos polaitiúil nuair nach mian leo rud ar bith a rá go "triollata".

"Dar cníosc" ach is í an "bhlairnis" sin is "prapanta" in aghaidh mheabhair an duine pé "conaghrabhaid" is a mhúsclódh sé.

Abair go mall iad, nach blasta mar fhocail iad! "Plaspa" agus "triuf" agus "smiulagar" agus "gluara" agus "briollac" agus "fuaiscneamh" agus "blaochán" agus "ciolmamúta". Nach iad croí na teanga iad? Nach iad a dheineann Gaeilge den Ghaeilge?

Agus nach gránna iad na focail a chríochnaíonn ar "-áil", agus "-éir", agus "-éach" mar nach bhfuil iontu ach gliú, bíodh gur balbh sinn á gceal?

Agus cá bhfaighfeá focal is oiriúnaí ná "smulcachán" ar pholaiteoir a bhfuil a shuíochán go díreach caillte aige? "Bruscar" a chaithimid isteach sna ciseáin chois bealaigh in Éirinn, ach "sgudal" a shactar síos iontu in Albain, óir is gránna an dramhaíl acu siúd ná againne.

B'é an focal b'áille a bhí á lorg ag John Creedon. Ach cad faoin bhfocal is caime, is oiriúnaí, is blasta, is gránna, is gruagaí, go deimhin, an focal is gliograí amuigh?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar