Ealain aos dana ar ceant

Cuirfear saothar ealaíne le cuid de na healaíontóirí, filí agus ceoltóirí is aitheanta in Éirinn ar ceant in amharclann an Ghrianáin…

Cuirfear saothar ealaíne le cuid de na healaíontóirí, filí agus ceoltóirí is aitheanta in Éirinn ar ceant in amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, Dé Sathairn idir 2pm agus 5pm.

Is é an file Cathal Ó Searcaigh agus muintir an Ghailearaí ar an Fhal Carrach atá taobh thiar den ócáid. Tá 80 píosa ealaíne ar fáil agus saothar le Seamus Heaney, Robert Ballagh, Micheál Ó Conghaile, Louis de Paor, Maighréad Ní Dhomhnaill, John Banville agus Brendan Kennelly ina measc. Caithfear an t-airgead a chruinneofar ar thogra oideachasúil de chuid Uí Shearcaigh i Neipeal. Tá an Searcach ag triall ar an tír bheag sin le roinnt blianta agus leabhar scríofa aige faoina thaithí inti.

Tá an saothar le feiceáil ar www.littleireland.ie/angailearai. Tá deis ag daoine tairiscint a dhéanamh ar an suíomh Idirlín go dtí tráthnóna inniu nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ghailearaí. Eolas: 074-9165594