Dhá scoil

CROBHINGNE: SHUIGH NA daltaí deireanacha an scrúdú déanach i Scoil Mhainistir na Coille Móire an tseachtain cheana

CROBHINGNE:SHUIGH NA daltaí deireanacha an scrúdú déanach i Scoil Mhainistir na Coille Móire an tseachtain cheana. Ba bheag scoil ba shainiúla mar í. Cois locha, dingthe isteach sna failltreacha i dtuaisceart Chonamara, fásra go dlúthaoibhinn daite ina timpeall.

Líonadh súl í i gceantar sceirdiúil. Déarfá go raibh gach rud aici mar scoil. Suíomh aoibhinn, mná rialta léannta, cóimheas daltaí le múinteoir thar a bheith fábhrach, éiteas Caitliceach liobrálach, curaclam leathan, mic léinn idirnáisiúnta, agus thar rud ar bith eile, airgead.

Ní maith le daoine an méid seo a admháil, ach is é an t-airgead an buachaill de dhifríocht idir scoil amháin agus scoil eile. Ní luaitear é seo riamh, gan amhras, ach tá le tuiscint ó na comharthaí sóirt ar fud an bhaill chomh tiubh le sceacha na ndeora dé a thugann imir dhearg don timpeallacht.

Is beag scoil in Éirinn a raibh teach gloine fíniúna aici, agus crainn bhanana a bhféadfaí a dtoradh a leagadh go húr friseáilte ar bord. San phríomhfhoirgneamh féin tá colúin mharmair ó cheithre chúigí na hÉireann, lena chuid cuimsitheachta a léiriú go poiblí.

READ MORE

Is ann a tháinig mná rialta Beinidicteacha ó Ypres na Beilge ar shála an chéad domhanchogaidh, agus bhí cáil ar an scoil bhunaidh mar ionad a dtéadh clannn na n-uasal Gaelach i rith na mblianta sin a raibh éileamh ar oideachas acu.

Cé gur fada uainn na huaisle Gaelacha anois – iarmhairt amháin de chuid na Breataine ar cheart dúinn a bheith buíoch ar a son – bhíodh siad i gcónaí ann a raibh teanntás ar an ngradam sin acu. Agus is ea, bhí gnáthdhaoine ann, leis, mar a bhíonn i gcónaí i scoileanna na huasaicme mar cheirín ar choinsias Críostaí na n-ord.

Dúradh gur smaoinigh Madonna ar iníon léi a chur ann, ach ní fios an duine de na leanaí sin a sciob sí ó dhílleachtlainn san Afraic a bhí ann, nó nach ea. Seans gurb í an gheit chultúir nó an gheit aimsire a chuir as di, nó gur chuala sí mar gheall ar cad a bhí timpeall an chúinne.

Mar síos an bóthar agus thar chasadh an droimín agus timpeall an chúinne tar éis cúpla cor den roth stiúrtha bhí scoil eile. Scoil Leitir Fraic! Is leor a ainm a lua le fuardhinglis a chur ag gluaiseacht trí cholainn dhaoine d’aois áirithe. Is ann a sacadh fuíoll agus fágála an tsaoil, maistíní na gcúlsráideanna agus trudairí na dtriúch, buachaillí dána bochta a dhein rud éigin as bealach, nó a bhí dosmachtaithe dar leis an saol, nó a bhfuair a dtuismitheoirí bás, nó neachtar acu, a bhí ródhealbh le haire a thabhairt dóibh. Seo iad na daoine a dhein titim faoi shlí, agus is ann a fágadh iad.

An “fraic” sin féin, tá scanrúil. Ba dhóigh leat air gurb é fuaim na fuipe capaill ag smeachadh ar chraiceann bog óg é, nó an seabhrán a dhéanfadh leathar pianóis in aghaidh sliasaid shútán Bhráthar agus é ag coisíocht i seomra ranga. Aonad mór céasta amháin ba ea é ar feadh i bhfad, magh meall do shádaithe, lic na bpian do bhuachaillí, flaitheas dé d’ainsciantaigh, ifreann abhus don mhí-ámharach. An té a d’éalaíodh bhearrtaí a chuid gruaige ar nós mar a dhéanfaí le príosúnach cogaidh, agus príosúnaigh chogaidh ba ea iad san aighneas síoraí idir mhaith agus olc. Ceist eile ba ea cá raibh an mhaith, agus cá raibh an t-olc.

Thugtaí batráil do na buachaillí ar stáitse agus gach duine eile ag féachaint ar an taispeántas. Chuirtí buachaillí ina suí ceangailte do chathaoir agus ghabhtaí de chiceanna liathróide orthu mar chleachtadh amais. B’éigean do dhaoine eile dul ar a nglúine gan bhia fad is a bhí cách eile ag ithe le linn proinne. Ní fiú trácht arís ar an mbugaireacht leanúnach, ar an mbuachailléigean, ar an tuairteáil thapaidh mhígheanasach faoi na bráillíní, ar gach rud táir agus íseal agus suarach agus cáidheach, gan lua gur cuireadh d’fhiacha ar leaid amháin a chac a ithe. Ní tuairisc dheas í seo maidin Déardaoin ach ba chuid d’Éirinn ár linne í.

Is é oighear diachrach an scéil é ná go raibh a fhios ag daoine. Gheabtaí ina thaobh sa tsráid agus ar fud na dúiche. Ní foláir nó go gcloistí an gháir agus an goldar agus an liach agus gach scread nimhe nuair nár oir iad a chloisint. Bhí a fhios againn go raibh anamnacha i bpéin, agus ba chuma linn.

Solaoidí is ea an dá scoil seo, i bhfoirm, do shaol na hÉireann, bíodh gurbh amuigh ar an uaigneas in iarthuaisceart Chonamara dóibh. Saol na pribhléide ar leith amháin gona instidiúidí ag déanamh friotháilt air; saol na ndaor ar an leith eile ag íoc go daor lena ndeora nach deora dé ach deora daonna iad. Ach tá deireadh leis an dá shaol seo anois, gan amhras. Nach bhfuil?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar