Deja vu as 1973

Beocheist: Mar mhac léinn i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath an lá ar dódh ambasáid na Breataine go talamh i 1972, chuala…

Beocheist: Mar mhac léinn i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath an lá ar dódh ambasáid na Breataine go talamh i 1972, chuala mé faoin bhfearg a bhí ar Ghearóid Mac Gearailt, a bhí ag léachtóireacht ann ag an am, faoin eachtra.

Nuair a shrois an scéal an Gearaltach, mhaígh comhleacaí acadúil leis nach bhfaca sé ariamh chomh corraithe é. "Aghaidh bhán air agus beagnach cúr lena bhéal," na focail a d'úsáid sé. Cead áibhéile ag an scéalaí, b'fhéidir, ach léirigh sé an colg nimhe a bhí ar dhuine a bhí chun suí ar an taobh eile den mbord ó rialtas na Breataine taobh istigh de bhliain nó mar sin.

Thug an Gearaltach le fios go borb do chomhleacaithe eile a bhí sásta gur léirsiú cuí a bhí san eachtra in aghaidh eirleach arm na Breataine i nDoire ar Dhomhnach na Fola, go gcuirfeadh an gníomh deacrachtaí breise sa mbealach ar shocrú leis an mBreatain.

Gan dabht, bheadh an Gearaltach céanna breá ábalta cás láidir a dhéanamh dá thuairim. Bhí polaiteoirí eile ann ag an am a bhí buíoch go raibh ambasáid na Breataine ann agus áisiúil mar go raibh eagla orthu go ndíreofaí fearg an tslua ar Dháil Éireann!

READ MORE

Léiriú é sin ar an imní agus ar an eagla a spreag trioblóid an Tuaiscirt i gcroíthe mórán polaiteoirí ó dheas. Cuid díobh, ba de lucht sodar i ndiaidh na Sasanach ó dhúchas iad. Cuid eile, bhíodh buairt orthu go gcuirfeadh eachtraí sa Tuaisceart tús arís leis an gcogadh ársa a shíl siad bheith thart le fada agus go mbeadh an phraiseach ar fud na mias i gceart ansin. É sin agus an meon críochdeighilteach nár bhain "an dream sin" ó thuaidh linn ar chor ar bith. Fág faoin mBreatain iad, in ainm Dé.

Is meon é seo a d'aithin go leor náisiúntóirí ar bhaill áirithe de chomhrialtas Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre a tháinig i gcumhacht go luath i 1973. Is é seo an rialtas ar dúradh faoi go mbeadh an dream is cumasaí sa Dáil ina bhun - intleachtaithe mar Mhac Gearailt é féin, Conchúr Crús Ó Briain, Justin Keating, Declan Costello agus John Kelly.

Ar ndóigh, is é Liam Mac Coscair, ardchoimeádaí gan chlú na héirime, a bhí ina Thaoiseach orthu seo go léir. Ball eile rialtais nach raibh ualach na hintleachta air ná an tAire Cosanta Pádraig Ó Donagáin, a tharraing droch-chlú air féin níos déanaí nuair a mhaslaigh sé an tUachtarán Cearbhall Ó Dálaigh ag searmanas míleata ... rud a d'fhág an Dálach gan aon rogha eile ach éirí as a phost nuair nár iarr an Taoiseach ar a Aire Cosanta éirí as a phost s'aigesean.

Léiríonn na páipéir stáit a scaoileadh le déanaí an eagla a bhí ar an rialtas measctha seo faoin gcontúirt go scaipfeadh an trioblóid ó thuaidh ar fud na tíre agus an bhéim a bhí ar dhea-thoil na Breataine a choimeád.

Tugadh traenáil speisialta don arm ar mhíshocracht chathardha sa Deisceart a cheannsú. Cuireadh deireadh le cás dlí a bhí á chur ag an rialtas i Strasbourg faoi Choibhinsean Eorpach na gCeart Daonna a chuir céasadh agus ciapadh príosúnach sa Tuaisceart i leith rialtas na Breataine. Bhí comhoibriú beagnach iomlán idir fórsaí slándála agus faisnéise na hÉireann agus na Breataine, cé gur cháin na Briotanaigh an "rúndacht pharanáiach" a chleachtaíodh an rialtas Éireannach faoi. Níor theastaigh ón gcomhrialtas go mbeadh a fhios ag an bpobal go raibh an dá rialtas ag obair as lámh a chéile.

(Dála an scéil, an cuid den "rúndacht pharanáiach" chéanna í nár scaoileadh an comhad ar Keith agus Kenneth Littlejohn, fostaithe sheirbhís faisnéise na Breataine, a ciontaíodh as robáil armtha Bhanc Aontas Éireann i Sráid Ghrafton i 1973?)

Is dócha gurb é an rud is mó a rinne an comhrialtas seo, áfach, ná an obair ar Chomhaontú Sunningdale a thabhairt chun críche agus ní beag sin.

Faoi dheireadh na bliana, bhí comhthionól nua tofa, bhí Feidhmeannas as Páirtí Aontachtaithe Uladh, an SDLP agus an Alliance curtha ar bun agus bhí Comhairle na hÉireann agus cumacht feidhmeannais aige réidh le tosú.

Bhí vóta na n-aontachtaithe scoilte, áfach. Mhaígh Ian Paisley a bhí ag cur go tréan in aghaidh an Chomhaontaithe gur "minority leader" i measc aontachtaithe a bhí i mBrian Faulkner, ceannaire Aontachtaithe Uladh agus an príomhfheidhmeannach nua. Cár chuala muid é sin cheana?

Taobh istigh de mhí, léiríodh go raibh an ceart ag Paisley nuair a chuir a pháirtí féin iachall ar Faulkner éirí as a phost mar cheannaire. Tháinig deireadh leis an bhFeidhmeannas, deireadh leis an gComhairle agus deireadh leis an gComhthionól.

Ní déjà vu do dtí é, a mhic ó.