‘Dall’ ar Ghaeilge

TÁ NUACHTÁIN BHÉARLA “dall” ar thábhacht na Gaeilge dá léitheoirí, a dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa…

TÁ NUACHTÁIN BHÉARLA “dall” ar thábhacht na Gaeilge dá léitheoirí, a dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa. Bhí sé ag caint roimh léacht bhliantúil an Chonartha i gcuimhne an iriseora Nollaig Ó Gadhra i mBaile Átha Cliath aréir.

Mhol Mac Fhearghusa The Irish Times as ailt rialta i nGaeilge a fhoilsiú. Dúirt sé gur mhaith an ní é dá ndéanfadh stiúrthóirí na nuachtán laethúil eile polasaí “níos iniataí, polasaí leathanaigeanta nua-aoiseach” a chur i bhfeidhm. Bhí “daille chultúir” ar siúl acu.