Conradh Gaeltachta

BEIDH seimineár den teideal “Céard is Gaeltacht ann sa 21ú haois?” á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta …

BEIDH seimineár den teideal “Céard is Gaeltacht ann sa 21ú haois?” á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, Dé Sathairn 3ú Iúil ag 8.30pm.

Is mar chuid de thionól Gaeltachta an eagrais sa cheantar a bheas an ócáid agus rún ag lucht an tionóil scrúdú a dhéanamh ar staid na Gaeltachta agus a páirt i Straitéis 20 Bliain an Rialtais. (Eolas: 086-8599067)

Faoi láthair, tá ionadaithe ón Chonradh i mbun camchuairte thart ar choláistí samhraidh agus iad i mbun sraith ceardlann, Glac Leis, le scoláirí na gcúrsaí samhraidh a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann leis an Ghaeilge sa lá atá inniu ann.

Dúirt Feidhmeannach Forbartha an Chonartha, Brenda Ní Ghairbhí, go raibh “deiseanna nua fostaíochta” ar fáil do lucht na Gaeilge agus gnólachtaí idirnáisiúnta ar nós Microsoft, Samsung agus Facebook ag baint úsáid as an teanga.