Bláthú tobann úrscéal

Luaigh "scríbhneoir Gaeilge" le duine ar bith agus, gach seans, go smaointeoidh siad ar fhir thromchúiseacha a scríobhann leabhair…

Luaigh "scríbhneoir Gaeilge" le duine ar bith agus, gach seans, go smaointeoidh siad ar fhir thromchúiseacha a scríobhann leabhair mhóra thiubha lán samhlaoidí teibí. Ba mar oidhrí Camus agus Sartre a chonaic go leor scríbhneoirí Gaeilge iad féin go minic.

Ach tá athrú ag teacht ar chúrsaí de réir a chéile agus is í Anna Heussaff duine de na daoine sin atá ag tabhairt dhúshlán na híomhá traidisiúnta. Tá Heussaff i ndiaidh a chéad húrscéal, Bás Tobann, a scríobh.

D'éirigh sí as a post mar léiritheoir teilifíse agus raidió le RTÉ roinnt blianta ó shin agus fuair coimisiún ó Bhord na Leabhar Gaeilge le tabhairt faoin saothar. Doiligh go leor atá an t-úrscéal mar sheánra ag údar oilte.

Nach deacra arís é ag ábhar údair ar bith? Cad chuige ar roghnaigh sí é: "Úrscéalta is mó a léim féin, mar rogha, agus is annamh go leor a léim gearrscéalta nó filíocht.

READ MORE

"Am ar bith ar thug mé faoi cheachtar seánra úd, ní bhfuair mé an sásamh céanna astu is a fhaighim ó úrscéal a léamh, ina gcruthaítear is a léirítear go mion atmaisféar áite is ama áirithe, ina gcuirimid aithne ar charachtair agus forbairt nó athruithe ag tarlú ina saol, ina dtugaimid - mar léitheoirí - turas in éineacht le carachtair an scéil, seachas díreach spléachadh a fháil orthu mar a bhíonn i gceist le gearrscéal, mar shampla."

Ba é a mian leabhar a scríobh a léifeadh sí féin dá dtagadh sé air ar sheilf i siopa. Dá bharr sin, rinne sí rogha den scéal coireachta nó sceonscéal.

Insíonn Bás Tobann scéal mná óige, Aoife, a céile fir, Pat, agus a mbeirt pháistí, Sal agus Rónán, a théann a chónaí i gceantar ficseanúil ar leathinis Bhéarra idir Corcaigh agus Ciarraí. Tá rún ag Aoife agus Pat gnó a bhunú le siúlóidí sléibhe a reáchtáil do thurasóirí.

Le linn d'Aoife, iar-iriseoir, bheith ag cóiriú an tí, tagann sí ar sheanghearrthóg nuachtáin ina bhfuil scéal faoi bhean óg a thit le faill. Splancann an scéilín ceisteanna in aigne Aoife agus ní luaithe a chuireann sí ceist uirthi féin faoin eachtra go dtosaíonn sí a dh'iarraidh freagraí a fháil.

Ní ghéilleann Heussaff don éirí in airde intleachtúil i gcúrsaí liteartha: "Tá meas agam ar an úrscéal coireachta mar chineál scéil agus ní ghlacaim leis go gcaithfear idirdheighilt ghlan a dhéanamh idir "litríocht" agus scéalta a léitear mar chaitheamh aimsire.

"Cinnte, tá foirmle ag gabháil leis an scéal coireachta - Cé, Cad, Conas, Cén Fáth is eile - agus nílim á rá gurb ionann an fiúntas ealaíne lena leithéid agus le Ulysses nó Cré na Cille. Ach fós, tá fiúntas le go leor scéalta mistéire, maidir le hatmaisféar, léargais ar charachtair agus dá réir sin ar intinn an duine, tuiscintí ar an mbeatha is ar an mbás, agus go leor eile."

Léitheoireacht do laethanta saoire an tuairim a thugann sí ar a húrscéal. Taitníonn an seánra sin léi; léann sí idir cúig agus sé cinn den chineál sin leabhair gach bliain agus de bharr nach raibh scríbhneoirí eile ag soláthar don mhargadh sin, chinn sí go ndéanfadh sí féin é.

Ní thaitníonn leabhair atá rófhuilteach nó róghruama léi agus is fearr léi údair ar nós P.D. James, Ruth Rendell, Minette Walters, Ian Rankin, Sara Paretsky agus Carl Hiaassen.

Tá tábhacht ar leith leis an fhocal sin "atmaisféar" aici nó tá taithí na teilifíse le sonrú san úrscéal. Radharcanna a chuireann sí roimh an léitheoir sa saothar, radharcanna gairide a théann i bhfeidhm ar an tsamhlaíocht, línte gonta a cheanglaíonn an léitheoir leis an leabhar láithreach.

Is tríd rithim na línte a mheallann sí an léitheoir ar aghaidh: "Réaltaí gan chuntas ag glioscarnach sa duibheagán os a gcionn. Soilse na spéire a thug turais gan áireamh trasna fairsinge shíoraí na cruinne. Tost i réim faoi dhíon ollmhór na hoíche, seachas suantraí na farraige a bhí ag seinm go bog ag a gcosa."

Ní raibh an oiread sin airde aici ar scríbhneoirí na Gaeilge le blianta beaga anuas, a deir sí, diomaite de Mháirtín Ó Cadhain agus Phádraig Standún. Chonacthas di, minic go leor, nár fhóir na leabhair dá meon "go raibh an scéal báite ag na focail, go raibh sórt taispeántais nathaíochta á thabhairt - agus saibhreas teanga is nádúrthacht chainte sa taispeántas nach mbeadh ar mo chumas féin - ach go raibh dua ag baint leis an léitheoireacht dá bharr agus moill as cuimse ar an scéal."

Creideann sí go mb'fhéidir gur "léitheoir leisciúil" í ach is mar léitheoir agus ní mar nóibhíseach scríbhneora atá sí ag caint, a deir sí.

Ní hionann sin is a rá gur saothar foghlaimeora é Bás Tobann. Muna maireann an leabhar ar arda na hintleachta, ní mhaireann sé ar mhóinéir na measarthachta ach an oiread. Chaithfeá bheith ar do chompord le teanga scríofa le sult a bhaint as. Ach tá an chéad chéim ar turas an phinn siúlta ag Heussaff; tá glór dá cuid féin aimsithe aici. Nó, lena chur ar bhealach teicniúil, tá a réim féin sa teanga aimsithe aici, réim lárnach a dhéanann iarracht neacha ceomhara sin na gcanúintí a dhéanamh solasmhar intuigthe ag léitheoir a shantaíonn scéal seachas ceacht gramadaí.

Ag caint ar a cumas féin mar údar, deir sí: "Braithim anois gur printíseach mé maidir le ceird is le gairm na scríbhneoireachta seachas bheith in ann a rá gur scríbhneoir mé. Nuair a thug mé faoin leabhar, mhol cúpla duine dom freastal ar cheardlann scríbhneoireachta nó a leithéid.

"Ach an fonn a bhí orm ná dul ar aghaidh leis an scríobh agus a fháil amach conas a d'éireodh liom as mo stuaim féin seachas an iomarca réamh-mhachnaimh a dhéanamh - tumadh isteach san uisce, seachas staidéar a dhéanamh ar pé teoiric a bhaineann le teicnící snámha."

Thum sí, mar sin, agus ní hé amháin go bhfuil snámh aici ach tá níos mó ná bang amháin i gceist. Tá a stíl inmholta agus tá an carachtarú leis thar a bheith maith. Éiríonn léi an teannas fuar i gcaidreamh Aoife agus Pat a léiriú ar dóigh. Méadaítear ar a strus de bharr aistriú tí, gnó nua a bhunú agus fiosruithe contúirteacha Aoife ach maireann grá thuigseach na lánúine i gcónaí.

Rinne Heussaff taighde cuimsitheach agus í i mbun pinn. Labhair sí le bleachtaire sna Gardaí, le paiteolaí an Stáit, an Dochtúir Marie Cassidy, le Cróinéir Iarthar Chorcaí, an Dochtúir Colm Quigley, agus le comhordaitheoir fhoireann tarrthála sléibhte le go mbeadh blas mar ba cheart ar an insint.

Is tús aistir agus ní ceann scríbe é an leabhar. Bhain sí sásamh as Bás Tobann a scríobh agus is é a rún tabhairt faoi leabhar eile ach an t-am a aimsiú.

Ceist choigilteach eile a bhaineann le scríbhneoireacht conas caidreamh leanúnach torthúil a bhunú idir údar agus léitheoir; idir foilsitheoirí agus siopaí leabhar?

"Is dócha go n-éiríonn caidreamh éigin idir léitheoirí áirithe agus scríbhneoirí thar thréimhse ama - léitheoirí a thugann a dtuairim faoin leabhar go macánta ach, ar ndóigh, ní pobalbhreith é aon léirmheas aonair. An taithí a bhí agam le cláir teilifíse ná gur minic nach ndeireadh éinne liom cad a cheap siad faoi chlár áirithe, in ainneoin go raibh figiúirí oifigiúla ar fáil a d'fhógair go raibh lucht féachana de 200,000 duine ag an gclár! Dá réir sin, measaim gur fearr aon sórt aiseolais - ach gan é bheith nimhneach - ná ciúnas iomlán."

Aithníonn sí go gcuireann easpa acmhainní as d'fhoilsitheoirí; níl sé ar a gcumas babhtaí leanúnacha poiblíochta a dhéanamh ar a gcuid earraí agus díriú ar mhargaí ar leith, margadh na Nollag, mar shampla.

Feictear di go gcuireann easpa pleanála maidir le cuspóirí is spriocanna margaíochta agus dáiliúcháin as don ghnó ach bheadh sí dóchasach go dtiocfadh feabhas air sin - toisc gurbh fhearr léi bheith dóchasach ná a mhalairt. Agus is é an dóchas sin atá ag tabhairt uirthi líon beag póstaer agus bileoga eolais a scaipeadh as a stuaim féin.

Go raibh bláth tapa ar an bhás tobann.

Tá Bás Tobann le hAnna Heussaff le hordú ó www.coislife.ie €15 a luach.