Bertie Bush

Is é Bertie Bush agus Mamó an Diabhail an gheamaireacht nua atá Aisteoirí Bulfin á stáitsiú

Is é Bertie Bush agus Mamó an Diabhail an gheamaireacht nua atá Aisteoirí Bulfin á stáitsiú. Beidh an saothar ar siúl ón Mháirt go dtí an Satharn, 18ú, mí na Nollag, sa THEatre SPACE, Plás Anraí, Baile Átha Cliath. Is ag 8 p.m. a bheidh gach léiriú.

Ní eolas ach ceisteanna a fuair an colún seo faoin gheamaireacht: cén fáth gur ghlac Bertie leis an sloinneadh "Bush"? Cén fáth go bhfuil Magnum McDowell ag beartú coup nó go bhfuil 5,000 aistritheoir á earcú? Cén fáth go bhfuil Moslamaigh na tíre ag stopadh i bhFarmleigh nó go bhfuil Mamó an Diabhail ag dreapadh na hAille nó go bhfuil aide-de-camp an Taoisigh ina Apache?

Faraor géar, níl na freagraí ag an cholún seo agus beidh ar léitheoirí freastal ar an dráma.

Tá Aisteoirí Bulfin ar cheann de na grúpaí drámaíochta is clúití in Éirinn. Bhain siad trí mhórghradam ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i mbliana as a léiriú de Gadaí na Nollag le Tom Murphy. €10 atá ar na ticéid. Eolas: 01-8729977