Beocheist Eagarthoir Gaeilge: Pol O Muiri Ag leamh liom

Beocheist: It may be raining constantly but at least I'm catching up on my reading, writes Máiréad Ní Chinnéide.

Beocheist: It may be raining constantly but at least I'm catching up on my reading, writes Máiréad Ní Chinnéide.

Ainneoin raidhse mhór ficsin éadroim ar díol sna siopaí na laethanta seo chun lucht saoire a mhealladh tapaím an deis aimsir shaoire chun leabhair atá ar an tseilf agam le tamall a léamh.

Sa bheart liom i mbliana bhí The Burning of Bridget Cleary, le Angela Bourke, leabhar ina bhfuil cur síos scolártha ar eachtra uafásach a tharla i ndeisceart Thiobraid Árann sa bhliain 1895.

Tugadh mórchuid poiblíochta don leabhar seo nuair a foilsíodh trí bliana ó shin é ach, ar chúis éigin, ní raibh fonn orm é a léamh go dtí gur chuala mé sliocht as ar an raidió an mhí seo caite. Is féidir liom a rá go bhfuil ábhar machnaimh agam ó shin.

READ MORE

Cé go bhfuil an scéal faoi bhás tragóideach Bridget Cleary thar a bheith suimiúil ann féin is é an léargas a thugann an t-údar ar shaol agus ar mheon mhuintir na hÉireann i gceantar tuaithe ag deireadh an 19ú haois an rud is suimiúla ar fad faoin leabhar seo.

Feicimid pobal Béarla i gceantar Fhiodh Ard i ndeisceart Thiobraid Árann a raibh creideamh chuid acu i bpisreoga agus sna síogaithe i gcoimhlint le reacht rialtas na Breataine in Éirinn, reacht a bhí bunaithe ar ord agus eagar agus ar an fhocal scríofa.

Tá mionchíoradh déanta ag an údar ar an fhianaise a tugadh sa chúirt i gCluain Meala nuair a bhí deichniúr á gcúisiú i ndúnmharú Bridget Cleary. Mar gheall ar an eolas leathan atá aici ar an traidisiún béil in Éirinn bhí ar a cumas ciall a bhaint as nithe áirithe san fhianaise a raibh na daoine measúla, idir phóilíní, shagairt, dhochtúirí agus dhlíodóirí, dall orthu.

Go minic san insint feictear an mhórdheighilt idir na daoine measúla seo agus gaolta agus comharsana Cleary. Feictear mar a bhain páipéir aontachtúla ag an am leas as creideamh na ndaoine i nithe neamhshaolta chun a chruthú gur dhream leathbharbartha iad na hÉireannaigh nach dtiocfadh leo iad féin a rialú.

Mhaígh Micheal Cleary gur chreid sé go raibh na síogaithe tar éis a bhean féin a fhuadach agus bean dá gcuid féin a fhágáil ina háit.

Cé nach nglacann an t­údar gur leor é sin mar chúis chun a bhean a loscadh taispeánann sí a fhorleithne is a bhí scéalta faoi iarlais mná nó linbh ag an am. Tagraíonn sí do staidéar a thaispeánann go raibh feidhm shíceolaíoch le creideamh sna síogaithe chun cuidiú le daoine réiteach le nithe áirithe ina saol a bhí lasmuigh dá dtuiscint.

Bhí ráflaí ann go raibh Cleary mídhílis dá fear céile agus d'fhéadfadh sé go raibh seisean ag lorg bealaí chun plé leis sin, bealaí nach nglacfadh an chuid is mó den phobal leo.

Agus cé nach mbrúnn sí a tuairimí féin orainn is díol suime é go dtugann an t-údar eolas sa leabhar faoi chás cúirte Oscar Wilde a bhí ar siúl i Sasana thart faoin am céanna agus an chuma air go bhfuil sí ag tabhairt le fios go raibh Micheal Cleary agus a chairde imeallaithe ón phobal ar díobh iad mar a bhí Oscar Wilde agus homaighnéasaigh eile sa Bhreatain.

THARLA leabhar eile bheith liom ar saoire faoi phobal tuaithe i gceantar atá níos lú na 40 ciliméadar siar ó dheas ó dhúthaigh Fhiodh Ard.

Bhí Seamas Ó Caoimh, nó an Sléibhteánach mar a thugann sé air féin, sé bliana d'aois nuair a loisceadh Bridget Cleary agus é ina chónaí i nGleann na Faille sna Déise ar theorainn Thiobraid Árann.

Is deacair gan comparáid a dhéanamh idir an cur síos a dhéanann sé ina bheathaisnéis ar a mhuintir féin a raibh saibhreas Gaeilge acu agus a bhí, ainneoin cruatán a saoil, teann astu féin agus as a ndúchas, agus an pictiúr a fhaighimid sna tuairiscí nuachtán de na fir a cuisíodh i ndúnorgain Bridget Cleary, fir a bhí ina n-ábhar trua agus fonóide siocair iad bheith stróicthe idir dhá chultúr.

Tá cur síos ag Ó Caoimh ar ócáid amháin i nGleann na Faille, an bhliain a cuisíodh iad, nuair a bhí capall marbh á chur. Thairg stócach amháin na crúite a bhaint dá chosa sula gcuirfí faoin chré é.

"Is fuirist a aithint ar do chuid cainte gur aduaidh ó Thiobraid Árann a tháinig do mhuintir," arsa fear de bhunadh na háite go dímheasúil leis.

Bhí dímheas aige air mar nár thuig an stócach go mbainfeadh marcaigh an tsaoil eile leas as an chapall sin agus nárbh aon mhaith dóibh é gan crúite.

"Shíl muintir Thiobraid Árann Theas nach raibh i gcuid de bhéasa an Chontae seo againne ach piseoga ... Bhí fios a mhalairt ag na sléibhteánaigh mar daoine tuisceanacha ba ea iad," a deir Ó Caoimh.