Beatha dhuine a thoil

Beocheist: Dá ndéanfaí pobalbhreith sa Deisceart faoin toghchán sa Tuaisceart, tá gach seans ann go bhfaighfí amach gur beag…

Beocheist: Dá ndéanfaí pobalbhreith sa Deisceart faoin toghchán sa Tuaisceart, tá gach seans ann go bhfaighfí amach gur beag eolas atá ag daoine faoi agus gur lú spéis atá acu ann.

Níl aon tuiscint fhorleathan faoin "bpráinn" a bhí le toghchán ag an am seo nuair atá na páirtithe atá ar son Chomhaontú Aoine an Chéasta easaontaithe faoin mbealach ina gcuirfear i bhfeidhm é. Dáiríre, ní thuigeann siad cinneadh rialtas na Breataine dáta toghcháin a fhógairt sula raibh gach rud aontaithe idir Sinn Féin agus Páirtí Aontachtaithe Uladh.

Ach tá an tromluí scaoilte orainn agus ní féidir ach luí siar agus cur suas leis. Go hiondúil, is spéis leithleach a chuireann muintir an Deiscirt i gcúrsaí an Tuaiscirt anois. Mheas siad go ndearna siad a ndualgas socrú buan a chur ar fáil nuair a vótáil siad ar son Chomhaontú Aoine an Chéasta. Go fírinneach, ní chailleann siad néal codlata faoin sórt rialtais atá i réim sa Tuaisceart má tá cothrom na Féinne le fáil faoi agus "fad is go gcoinníonn sé ciúin iad". An chúis imní ba mhó a bheadh acu ná go dtosófaí arís ar an gcogaíocht. Cuirfeadh sé sin as don tír ar fad, má thuigeann sibh leat mé. Íomhá na tíre thar lear agus a leithéid!

Agus má tá náisiúnaithe an Tuaiscirt an-oibrithe faoi na codanna sin den gComhaontú a thugann cumhacht teoranta d'eagrais thras-teorann, is beag duine sa Deisceart a bheadh in ann ceann amháin acu a ainmniú.

READ MORE

Is trua gur mar sin atá mar d'fhéadfadh an toghchán seo bheith an-tábhachtach ó thaobh leagan amach polaitiúil an Tuaiscirt de sna blianta atá le teacht.

An cheist is mó atá le réiteach ná cé a labhraíonn ar son thromlach an phobail náisiúnaigh agus cé a labhraíonn ar son thromlach na n-aontachtaithe.

Má éiríonn le Sinn Féin tromlach an vóta náisiúnaigh a fháil, is deacair aon todhchaí dóchasach a fheiscint don SDLP. Bheadh an vóta an-láidir meánaicmeach ag an SDLP go fóill ach bheadh siad sa dara háit ó thaobh cumhachta agus próifíl de agus bheadh íomhá Shinn Féin níos láidre dá réir. Is deacair filleadh ar ais ar an sleamhnán má thosaíonn tú síos air. An t-am seo, níl John Hume acu mar cheannaire aitheanta idirnáisiúnta agus ní raibh siad fiú páirteach sna cainteanna a thug an toghchán seo ar an saol.

Dála an scéil, b'fhéidir go mbeadh sé le rá faoi Hume amach anseo go ndearna sé íobairt da pháirtí féin chun síocháin a fháil sa Tuaisceart. Rud amháin atá cinnte, gan eisean, bheadh sé deacair teacht chun cinn Shinn Féin sa bpolaitíocht a shamhlú.

Beidh a lán daoine sa Rialtas anseo agus sa mBreatain ag súil nach gcaillfidh an SDLP go tubaisteach de bharr na hoibre tábhachtaí a dhéanann siad mar idirghabhálaithe agus mar réiteoirí idir Sinn Féin agus na haontachtaithe.

Ar an taobh eile den scáthán, d'fhéadfadh an DUP teacht amach as an toghchán seo mar phríomhghuth an phobail Phrotastúnaigh. Arís, bheadh céim in ísle tugtha do Pháirtí Aontachtaithe Uladh agus thosnódh siadsan ar an sleamhnán céanna. Cad é an líne filíochta sin faoi "old moulds breaking in the North"?

Ar ndóigh, ní holc an rud é seanmhúnlaí a bhriseadh má bhíonn múnlaí nua agat. Ach is í sin an fhadhb má thiteann cúrsaí amach i bhfábhar an DUP agus Shinn Féin. Maíonn Sinn Féin agus an SDLP go gcaithfí cloí le múnla Chomhaontú Aoine an Chéasta in aon chainteanna nua. Deir an DUP go bhfuil siad chun an Comhaontú céanna a sracadh as a chéile agus comhaontú nua a chur ina áit.

Creideann daoine áirithe gur buaileam sciath é seo atá dírithe ar an bpobal aontachtach i gcomhar an toghcháin ach a ligfear i ndearmad nuair a bheas an toghchán thart. Ach, fad is a bhíonn aon tionchar fós ag Ian Paisley ar an bpáirtí sin, ní fhéadfadh siad dul siar ar gheallúint chomh bunúsach sin.

Is faoin toghlach sa Tuaisceart atá an rogha lom shimplí seo. Ní féidir leo a mhaíomh nach raibh a fhios acu nó nár thuig siad. Is é atá i gceist sa toghchán seo dáiríre ná Comhaontú Aoine an Chéasta é féin. Má thagann an DUP chun cinn mar phríomhpháirtí na n-aontachtaithe, is féidir slán a fhágáil leis an gComhaontú go ceann tamaill fhada. Agus, ar an drochuair, má fhaigheann an DUP an vóta mór sin, beidh ar gach duine glacadh leis go bhfuil tromlach an phobail Phrotastúnaigh ó thuaidh ag diúltú don gComhaontú.

An dóigh le duine ar bith gur féidir le Sinn Féin agus an DUP aon mhargadh a dhéanamh ar an mbunús sin?