BEOCHEIST: THART AR 1870 bhí an Gleann Láir i gCalifornia, 400 míle ar fad, ina cheantar neimhe. Deacair cur síos a dhéanamh ar shaibhreas nádúrtha an ghleanna, éagsúlacht bláthanna á bpailniú ag na beacha meala fiáine.
Dúirt scríbhneoir amháin, John Muir, go raibh an gleann is an machaire láir ina “one smooth continuous bed of honey-bloom” ó Mhárta go Bealtaine.
Inniu sa ghleann céanna tá mótarbhealaí, tithe galánta, siopalanna, ionaid tionscalaíochta.
Ach tá spás ann fós do thrátaí, piobair, pónairí, sú talún is leitís, iad faoi chúram oibrithe ó Mheicsiceo, dianúsáid á baint as lotnaidicídí, luibhicídí is fungaicídí.
Cad a déarfadh John Muir?
Cad a déarfadh sé go deimhin dá bhfeicfeadh sé an 700,000 acra atá faoi chrainn almóinne? Táirgíonn an ceantar seo 80 faoin gcéad d’almóinní an domhain.
Deineann stát California luach billiún dollar de na cnónna seo a easpórtáil gach aon bhliain, biaiste atá dhá uair níos luachmhaire ná táirge an fhíona sa stát céanna.
Inniu tá na beacha meala curtha ar fán ag dul chun cinn na linne seo.
Níl go leor beacha fiáine fágtha chun pailniú a dhéanamh ar na halmóinní. Gan bheacha ní bheidh cnónna almóine ann.
Mar sin caithfear coirceoga beach a fháil ar cíos ó bheachairí ar fud na Stát Aontaithe, $200 ar gach coirceog agus bíonn gá le dhá mhilliún coirceog le freastal ar na crainn almóinne.
Tá airgead sa ghnó seo, níos mó ná mar atá le fáil ó thionscal na meala féin.
Agus a gcuid oibre déanta ag na beacha, cuirtear na coirceoga ar ais sna leoraithe móra agus as go brách leo trasna SAM.
Ó thuaidh chuig na fraocháin ghorma is na puimcíní nó b’fhéidir soir trasna na tíre go Florida mar a bhfuil plandaí an phiobair ag fanacht leo. Is geall le spailpíní fánacha na beacha.
Díreach cúpla bliain ó shin i stát Pennsylvania bhuail galar mistéireach mórán coirceog. Tugadh “colony collapse disorder” (CCD) ar an tubaist seo a scaip go tapaidh ar fud na tíre agus ag an am céanna tháinig cóilíneachtaí beacha faoi ionsaí san Astráil, i gCeanada, sa Bhrasaíl, sa tSín agus san Eoraip. Cinnte, tá géarchéim ann.
Scéal difriúil abhus. Níl gá le pailniú ar scála SAM ag barraí na hÉireann, tá barraí difriúla ar fad ag an dá thír, is leor ár mbeacha dúchasacha, dar le Michael Gleeson ó Chomhnascadh Chumann Beachairí na hÉireann.
Is fear é Michael a bhfuil sáreolas aige ar stair na beachaireachta i bhfad siar go dtí na manaigh agus ar aghaidh go dtí na 1800í déanacha nuair a dhein na Sasanaigh iarracht an bheachaireacht a chur chun cinn go háirithe san iarthar.
Bunaíodh an comhnascadh i 1881. Inniu tá 1,700 beachaire mar bhaill, beagnach 50 craobh áitiúil, an ceann is mó i gcontae Átha Cliath. Tá thart ar dheich gcoirceog ag gach aon bhall.
I ndeisceart na tíre, ó Loch Garman go Corcaigh, tá daoine ag gabháil don bheachaireacht ar bhonn tráchtála. Thart ar chéad go leith coirceog an duine ag an dream seo.
Deir Gleeson go bhfuil suim sa bheachaireacht ag méadú i gcónaí. Agus rud eile – dar leis an gcomhnascadh tá suas le 300 tonna méadrach meala á tháirgeadh in Éirinn in aghaidh na bliana agus deir an Phríomh-Oifig Staidrimh go n-allmhairítear beagnach 2,000 tonna gach bliain. Cinnte tá scóip ansin le tionscal na meala a chur chun cinn agus cúpla pingin brabúis a dhéanamh ag an am céanna.
“Cinnte,” arsa Michael Gleeson, “tá scóip ann – dá mbeadh an aimsir againn.”
Le trí bliana anuas chuir an aimsir fhliuch isteach go mór ar na beacha. Ní fhágann siad an choirceog le linn báistí, rud a chuireann isteach ar dhaonra na gcoirceog mar is le linn dóibh bheith ag eitilt a dheineann siad cúpláil.
Tá na beacha faoi bhagairt eile ón bhfíneog ar a dtugtar verroa mite a shrois an tír seo i 1998. Tá an-damáiste déanta ag an bhfeithid seo sa tslí gur ar éigin atá beach mheala fhiáin fágtha sa tír anois.
Bíodh seo maith nó olc, anois is sna coirceoga a mhaireann na beacha meala ar fad, áit gur féidir leis an mbeachaire a saol a rialú. Sa choirceog leis tá an bheach slán a bheag nó a mhór ón bhfíneog verroa.
Inniu tá eolaithe ar fud an domhain ag déanamh mionstaidéir domhain ar gach gné de shaol na beiche. Ní miste sin mar gach tríú greim bia a chuirimid inár mbéal, deineadh pailniú air ag na beacha broidiúla.