Athmheas na staire

BEOCHEIST: De ghnáth, tógann sé tamall áirithe ar aos acadúil chun tosú ar athmheas na staire

BEOCHEIST:De ghnáth, tógann sé tamall áirithe ar aos acadúil chun tosú ar athmheas na staire. I gcás eachtraí ar nós 1916, is beag nár bunaíodh tionscal ar a leithéid sna 1970í agus sna 1980í.

Caithfear athmheas a dhéanamh de réir mar a thagann fianaise nua chun tosaigh agus tá sé folláin go n-aimseofaí an fhírinne faoi rudaí a d'athraigh cúrsaí na tíre go bunúsach. Féach an fiosrú faoi Dhomhnach na Fola atá le breithiúnas a eisiúint go fóill.

Bhuel, ní haon 1916 é an chéad mháirseáil ar son Cearta Sibhialta i nDoire i mí Dheireadh Fómhair 1968. Dá mba rud é nár ionsaigh póilíní an RUC é, cá bhfios nach mbeadh cuimhne dá laghad uirthi. Dá mba rud é nach raibh Gay O'Brien, an fear cróga ceamara ó RTÉ, i láthair, an mbeadh aon trácht ar "5 October" anois? Ach is tábhachtach an eachtra í mar thús leis an bhfeachtas a chuir deireadh le réimeas Stormont agus le hollchumhacht na n-aontachtaithe sa Tuaisceart.

Le déanaí, nochtadh leac i dTaobh an Bhogaigh mar chomóradh ar an ócáid agus tá cur is cúiteamh tosaithe cheana féin faoi chúlra na máirseála. I dtuairim an Dochtúra Simon Prince, údar agus scoláire taighde in Ollscoil Oxford, níor ghá do lucht cearta sibhialta sráideanna Dhoire a thabhairt orthu féin chun jabanna agus tithe a fháil. D'fhógair sé an méid seo ag 20ú Scoil Samhraidh Desmond Greaves i Lárionad na bPiarsach de réir tuairisce sa nuachtán seo.

READ MORE

Deir Prince go léiríonn an taighde atá déanta aige ar bhunfhoinsí cartlainne, ón bpreas agus ó fhoinsí eile, go raibh sé socraithe cheana féin ag an réimeas aontachtach i Stormont go gcaithfí tithe agus tionscail a chur ar fáil i gceantar an iar-thuaiscirt chun trioblóid a sheachaint. Bhí pleananna déanta ag Stormont chun é seo a dhéanamh le súil is go gcoinneodh sé aontachtaithe i gcumhacht sa gcathair.

Ag an bpointe seo, caithfidh mé mo spéis ar leith san ábhar seo a fhógairt, ghlac mé féin páirt sa máirseáil sin. Ba léir do dhuine ar bith a bhí i Sráid an Diúic an lá sin gur meascán mór daoine a bhí páirteach ann agus a gcúiseanna féin acu go léir.

Bhí speictream iomlán na polaitíochta i láthair ón mheánaicme náisiúnach ann lena gceannairí Éamonn Mac an tSaoir agus Gerry Fitt go dtí lucht cumannach agus sóisialach a leanadh Eamonn McCann agus, ar ndóigh, bhí na poblachtaigh ann.

Seanphoblachtóir, Seán Ó Gallchóir, a ceapadh ina phríomhmhaor ar an máirseáil agus is rud a dúirt seisean liom an oíche roimh ré a chinntigh go mbeinn ann. Chomhairligh sé dom clogad gluaisrothair a chaitheamh dá nglacfainn páirt inti mar go n-ionsódh an RUC muid.

Níor chreid mé féin go bhféadfadh na húdaráis i Stormont ná póilíní an RUC a bheith chomh bómánta. Ach mar dhéagóir, ní raibh mé chun aon chraic a chailliúint agus, mar a tharla ar an lá, níor chaill.

Beidh suim agam taighde Prince ina iomlán a fheiceáil agus a mheas nuair a fhoilseofar é. Ach tá roinnt rudaí gur féidir a rá faoi láithreach agus más cuidiú leis léargas ón am, tá fáilte roimhe.

Tháinig an mháirseáil sin tar éis na mblianta den bhfaillí a ba mheasa dá ndearna aon rialtas ar cheantar a bhí faoina chúram. Ba léir don dall go raibh polasaí á leanúint ag rialtas Stormont chun infheistiú a dhíriú ar cheantracha eile seachas ar iarthar na Banna, áit a raibh tromlach Caitliceach.

Cuireadh deireadh le líne iarnróid an Great Northern. Taobh amuigh de na monarchana léinte ina mbíodh mná fostaithe, ba bheag tionscal a cuireadh i nDoire sna 1960í chun fir a choinneáil sa bhaile. Nuair a dúnadh an comhlacht leicreonach BSR, cailleadh an t-uafás jabanna sa bpobal Caitliceach agus ní dearnadh tada ina dhiaidh sin chun an bhearna sin a líonadh.

Cé go raibh Doire ar an dara cathair is mó sa Tuaisceart, shocraigh Stormont go dtógfaí 'cathair nua' Craigavon. Sa tuarascáil a mhol an 'chathair nua' measadh go mbeadh daonra 180,000 ann faoi dheireadh an 20ú haois agus gur bunáit mhealltach chun infheistíocht nua thionsclaíoch a lonnú a bheadh ann.

Níor ghá do mhuintir Dhoire aon áis teagaisc chun an teachtaireacht a léamh agus nuair a cinneadh ar Ollscoil Nua Uladh a lonnú i gCúil Raithin, thuig fiú aontachtaithe na cathrach go raibh a port seinnte ag Doire mar chathair muna dtarlódh rud éigin go tapa.

Caithfidh muid fanacht le fianaise iomlán Prince ach tógfaidh sé a lán chun aon dea-thoil ó Stormont, fiú dea-thoil straitéiseach, i leith Dhoire a léiriú d'einne a bhí ann. Agus mar eolas, bhí an oiread sin feirge i nDoire gur bhreathnaigh dreamanna áirithe ar an mháirseáil sin, ní mar chríochsprioc inti féin ach mar thús leis an bhfíorthroid.