Airgead breise agus deis athnuachana Forais

Rinne an Rialtas ardú 18 faoin gcéad ar mhaoiniú an Fhoras Teanga sna Meastacháin an tseachtain seo caite. €12

Rinne an Rialtas ardú 18 faoin gcéad ar mhaoiniú an Fhoras Teanga sna Meastacháin an tseachtain seo caite. €12.416 milliún a cuireadh ar fáil don bhliain 2003 agus €14.633 milliún a chuirfear ar fáil don bhliain seo chugainn.

Tá feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge ag dul i dteagmháil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le fáil amach cad é an sciar den airgead a bheidh ag dul dóibh. (Is é an Foras Teanga an 'scáth' faoina bhfeidhmíonn Foras na Gaeilge agus Boord o' Ulster-Scotch).

Chuir Foras na Gaeilge fáilte roimh an ardú, á rá gur "dearbhú" a bhí ann ar thiomantas na Rialtais i leith na Gaeilge agus go dtabharfadh an t-ardú seans dóibh leanstan ar aghaidh le hobair "thábhachtach".

Beidh, gan amhras, a tuilleadh dea-scéil le teacht ar ball nó, de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, má chuireann an Rialtas abhus le maoiniú an Fhorais, caithfidh rialtas na Breataine sciar sa bhreis a chur leis fosta.

READ MORE

Chuir an tAire Éamon Ó Cuív fáilte roimh an ardú agus ní gan chúis - is suntasach an t-ardú é.

Bíodh sin mar atá, níl drogall ar an cholún seo ceist a chur arís ach an fiú é? Tóg, mar shampla, muintir na hUltaise. Níl an chuma ar an scéal go bhfuil deifir rómhór orthu an íomhá chúng bhuí a bhaineann leis an chanúint a dhíbirt agus deimhniú gur le gach duine sa Tuaisceart í.

Chomh fada agus a bhaineann sé le Foras na Gaeilge de, níl eolas beacht cuimsitheach le fáil go poiblí faoin dóigh a bhfuil a gcuid airgid caite go dtí seo.

Déarfadh lucht an Fhorais go bhfuil siad ag forbairt pleananna agus ag déanamh cúraim mar is ceart dá maoiniú ach go dtí go bhfoilsítear plean straitéiseach agus cuntais, is doiligh don chuid eile againn a dhéanamh amach cad é atá ar siúl ar leibhéal fadtéarmach acu.

Beidh a thuairim féin ag gach duine cad é mar a ba cheart an t-airgead seo a chaitheamh. Beidh cuimhne ag léitheoirí gur chaith an Foras beagnach trí cheathrú milliúin euro ar chúrsaí comhairleachta go dtí seo. Tá an colún seo sásta comhairle a thabhairt ar phraghas an-réasúnta - €1.45.

Ar bhonn an-ghinearálta, níor mhiste don Fhoras cluas le héisteacht a thabhairt do na heagais dheonacha. Tá droch-chaidreamh idir iad agus an Foras ó bunaíodh an t-eagras trasteorann. Ní hionann sin agus a rá nach féidir páirtnéireacht mhacánta a bhunú as an úr.

Is iad na heagrais is mó atá gníomhach i measc an phobail. Tá sin fíor i gcás na n-eagras sa Stát seo ach go háirithe, áit a thugann os cionn 1.5 milliún duine go bhfuil Gaeilge acu.

Níor mhiste féacháil leis an acmhainn cheart a chur ar fáil dóibh le gur féidir leo athnuachan a dhéanamh orthu féin agus ar a gcuid cuspóirí.

Má mheasann an Foras nach féidir leo a leithéid a dhéanamh, deireadh siad sin agus cuireadh siad a bpleananna féin i láthair an phobail.

Tá fiontair eile i mbéal an phobail arbh fhiú go mór tacaíocht a thabhairt dóibh láithreach: infheistíocht a dhéanamh le hollscolaíocht Ghaeltachta agus Ghaeilge a fhorbairt agus ciste léiriúcháin teilifíse a bhunú.

Tá obair mhór déanta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i réimse na hollscolaíochta Gaeltachta cheana féin ach ní hiad amháin atá gníomhach sa réimse seo. Ní bheadh le déanamh ag an Fhoras ach tacaíocht phraiticiúil - airgead! - a chur ar fáil dóibh agus cuidiú leo a gcuid oibre a chur i gcrích.

Tá daoine cumasacha ag plé leis an earnáil seo agus b'fhiú tacaíocht éifeachtach a thabhairt dea gcuid iarrachtaí aos léinn Gaeltachta a chothú. Is astu sin a thiocfaidh aos ceannasaíochta nua amach anseo.

Déanann Foras na Gaeilge urraíocht fhial ar Ros na Rún ar TG4. Nárbh fhéidir ciste léiriúcháin a bhunú agus airgead a thabhairt do chomhlachtaí eile teilifíse?

Tá TG4 le neamhspleáchas a fháil ó RTÉ luath nó mall agus, in ainneoin an mhórtais agus na nduaiseanna, is léir don dall go bhfuil fadhbanna suntasacha go fóill ag an stáisiún cláir mhaithe a aimsiú ar bhonn leanúnach.

Go minic, is cláir dhátheangacha iad na cláir "Ghaeilge" féin agus bíodh is go mbíonn muintir an stáisiúin an-bhródúil as a gcuid earraí, bhí sé de mhí-ádh ar an cholúnaí seo athchraoladh de Kaisleán Klaus a fheiceáil ar an scáileán an tseachtain seo caite. (Nein, danke! Nie mehr!)

Clár 'grinn' atá in ainm is a bheith ann. Is greannmhaire adhmad an tábla ná é agus is cur i gcuimhne míthaitneamhach é de na cláir de chaighdeán íseal a chraol TG4 ó thús aimsire.

Má tá an stáisiún i dtuilleamaí athchraoladh den chineál seo, ní fada go dtitfidh an tóin as an sceideal ar fad.

Ach gníomhú go gasta, d'fhéadfaí an Foras leas mór a dhéanamh sna hearnálacha seo agus eile nach iad.