A Hector, a chara

Dá nglacfaí leis an dréachtchonradh bunreachta bheadh an tAontas Eorpach lánoscailte do thrádáil agus do ghluaiseacht daoine …

Dá nglacfaí leis an dréachtchonradh bunreachta bheadh an tAontas Eorpach lánoscailte do thrádáil agus do ghluaiseacht daoine an domhain uile. Fíor nó bréagach?"

Is iomaí polaiteoir a mbeadh deacracht aige nó aici labhairt ar an ábhar ach léirigh na ceithre fhoireann a bhí páirteach sa bhabhta ceannais den chomórtas óráidíochta a bhí ar siúl do lucht na hidirbhliana i gceanncheathrú an Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh, Déardaoin seo caite, go raibh eolas nach beag acu ar an dréachtchonradh agus ar a impleachtaí, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Scoil as gach toghcheantar do phairlimint na hEorpa a bhí páirteach ann agus is iad foireann an Chlochair Bhrigitigh, Maighean Rátha, Co Laois, a rug leo an bua don dara bliain as a chéile.

Tabharfar an fhoireann agus 30 dalta eile ar cuairt go pairlimint na hEorpa i Strasbourg agus in éineacht leo beidh foireann Scoil Chaitríona, Baile Átha Cliath, a tháinig sa dara háit. Sa tríú háit bhí Ardscoil na nDéise, Dún Garbháin, Co Phort Láirge, agus Scoil Naomh Iosaef, Caisleán an Bharraigh, Co Mhaigh Eo.

READ MORE

Is iad cailíní Scoil Chaitríona - Aoife Ní Neachtain, Sadhbh Ní Dhochartaigh agus Luíseach Nic Eoin - an t-aon fhoireann a labhair faoin ábhar i nGaeilge agus fuair siad moladh ar leith ó Hector Ó hEochagáin, TG4, a bhí ann chun na duaiseanna a bhronnadh.

Litir chuig Hector a bhí sa chéad chéim den chomórtas, litir bunaithe ar fhístéip a rinne sé faoin Aontas Eorpach. Rinneadh gearrliosta de na litreacha is fearr a cuireadh isteach agus iarradh ar na scoileanna, as ar tháinig siad, foireann a chur ar fáil do chomórtas óráidíochta sna cheithre thoghcheantar. Is iad buaiteoirí na gcomórtas reigiúnda a bhí sa bhabhta ceannais.

Is í an Breitheamh Catherine McGuinness a labhair thar ceann an triúr moltóirí ag deireadh an chomórtais agus cé gur mhol sí cumas óráidíochta na gcainteoirí agus a dhíograis i leith na hEorpa. B'ionadh léi gan aon cháineadh nó cheistiú ag aon duine acu faoina bhfuil sa dréachtchonradh.