Trá

Dán le Ciara Ní Phiotáin, 13 bliana d’aois, An Spidéal, Co na Gaillimhe

Bhí mé ag siúl cois trá

An ghrian do mo chaochadh

An gaineamh géar ar mo chosa

Bhí an ghrian ag dul a’ luí

Agus na réalta ag teacht ar ais

Bhí an spéir imithe sórt corcra

Ghuigh mé chuig gach réalt

A bhí caillte agam