Bas agus athfhas

Nuair a d'fhoilsigh Roddy Doyle a chéad úrscéal The Commitments b'é féin a chuir amach

Nuair a d'fhoilsigh Roddy Doyle a chéad úrscéal The Commitments b'é féin a chuir amach. Faoi chló comhlucht foilsitheoireachta dar teideal 'King Farouk' a nochtadh é, nach raibh de bhunús leis an ainm ach go ndéanann sé rím le 'book' i mbéarlagair Bhaile Átha Cliath.

Is amhlaidh go bhfuil dearmad glan déanta ar an rí é féin ("an bolg úd a raibh cloigeann air") um an dtráth seo cé gur thugas cuairt ar a phálás i gCaireo uair amháin.

Sconnaí óir sa bhfolcadán is cuimhin liom, cé nach leomhfainn mé féin a thumadh ann ar eagla a dtolgfaí ó rí. Bhí sé ar dhuine de ghiollaí ríoga impireacht na Breataine a dhein a riar sular chuaigh an ghrian síos uirthi, mar dhea. B'shin é an fáth a raibh an dearg-ghráin acu ar Gamel Abdel Nasar nuair a dhíbir sé an fear bolg sa bhliain 1952, agus a raibh siad chomh toilteanach sin ionsaí a dhéanamh ar an Éigipt tá leathchéad bliain an tseachtain seo ó shin ann.

Bhí an dearg-ghráin ag na Francaigh air mar dhein sé náisiúnú ar an gcanáil Suez, agus ba dhuine díobh féin, Ferdinand de Lesseps a thóg é. Voil, le fírinne ba sclábhaithe Arabacha a thóg an chánáil agus ní bhfuair ach 120,000 díobh bás le linn a déanta. Ach cé a éisteann le Bertolt Brecht níos mó agus a dhán iomráiteach Ceisteanna ón bhfear oibre a léann: "Cé a thóg Téibe na seacht ngeata?/Sna leabhair gheobhaidh tú ainmneacha na ríthe/Arbh iad a d'ardaigh na bolláin carraige?...Tá an Róimh breac le stuanna na mbua/Cé a thóg iad?..."

READ MORE

Is míbhéasach iad na mionsonraí sin, gan amhras.

Seans go bhfuil Brecht faoi smál anois - cé go bhfuil aistriúcháin dá chuid filíochta le hAindrias Ó Cathasaigh go díreach foilsithe ag Coiscéim - agus má tá, ní foláir nó tá baint ag a chuid cumannachais leis. Dá réir sin, samhlaítear cúrán a chuid ealaíne arna chumasc le lámhach gunnaí tréan.

Cumannach ceartchreidmheach go héag ba ea Brecht, agus go díreach nuair a dhein fórsaí impireacht na Breataine agus na Fraince ionsaí ar an Éigipt, dhein impireacht na Rúise a gcuid casúr a bhualadh go trom ar shaoránaigh na hUngáire.

Ní féidir aon siar ná aniar a bheith ann ar cheist mar seo. Níl aon fhearann comónta idir an té a shíleann gurb é ceart gach pobail iad féin a rialú, agus an duine a mhaíonn go bhfuil sé inchosanta ionradh a dhéanamh ar thír eile, a muintir a mharú, macrialtas le macalla a chur i gcoróin, agus a gcuid maoine a ghoid.

Béist í gach impireacht a áitíonn orainn gurb é boladh na sailchuaiche cumhra atá inár srón in áit bréantas na gcorpán ag lobhadh sa teas lárnach.

Na daoine a bhí buíoch don Sóivéad Aontaithe ar son bagairt na Naitsithe a chur ar gcúl agus a chonaic lóchrann na saoirse agus an idéalachais ar lasadh san oirthear bhí siad faoi shuathadh intinne agus neamhshuaimhneas aigne. Iad siúd a mheas gur chumachtaí domhanda fós iad an Bhreatain agus an Fhrainc baineadh stangadh astu.

Fuaireamar teifigh anoir ón Ungáir, agus ar feadh tamaill bhig bhíomar fáilteach, carthanúil. Na tairní a bualadh isteach i muintir na hUngáire, tógadh anuas den chrois iad 16 bliain ó shin. Cé go bhfuil impireacht na Rúise fós ann ní móide gur ag síneadh siar a bheidh sí arís. Is ar na himeallbhoird ó dheas agus soir ó dheas atá an fáscadh á dhéanamh agus is fada uainn a dheireadh sin.

Ina choinne sin, dhealraigh sé go raibh impireacht na Breataine dulta i gcaitheamh leathchéad bliain ó shin. Náiríodh iad, agus i leataoibh ó ghlothar an bháis i bhfad i gcéin i mbaill nár shroich nuachtóirí chucu, déarfá go raibh a gcaiscín meilte agus a bport seinnte agus iad i bhfad suas i gcaolas an chamra gan mhaide rámha, gan stiúir.

Níor mar sin a tharla, áfach. Ar nós víreas ghalra a dtagann claochlú air nuair a chaitheann sé teacht slán léim dreancaid na Breataine ar mhadra na Stát Aontaithe agus tá siad ag marcaíocht air ó shin. Ní dreancaid róbheag í ach oiread, mar is é an dara stát is mó caiteachas ar armlón dúnmharaithe ar domhan é. Agus is é Tony an Blár Cogaidh an príomh-aire de chuid na Breataine is mó feachtas míleata thar lear ó Winston Churchill.

Má chuaigh an ghrian síos ar an impireacht tar éis eachtra uafáis Suez tá leathchéad bliain ó shin ann, is amhlaidh gur tháinig sí aníos arís gléasta ina ceirteacha nua. Réaltaí agus stríocaí air, ceart go leor, ach an dath dearg céanna i gcónaí.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar