An Nollaig sa tSiria

Beocheist: Chan guth "Alaa akbar alaaa akbar" amach, go glórmhar coitianta, ag fógairt do na fearaibh chun imeacht go dtí an…

Beocheist:Chan guth "Alaa akbar alaaa akbar" amach, go glórmhar coitianta, ag fógairt do na fearaibh chun imeacht go dtí an mosc. Ghabh mná áirithe tharainn, cuid acu gléasta le seál dubh, ag clúdach coirp agus aghaidh. Uaireanta chífeá scoilt do na súile sa seál le spéaclaí ag borradh amach as.

Níor thóg na leanaí aon aird ar a máthair mar seo. Bhíodar beag beann ar lá na Nollag leis, sinne, mionlach Críostaithe i measc na Moslamach. Chaitheamar seal sa tSiria, don Nollaig, chun cuairt a thabhairt ar mo dheirfiúr a bhí ag staidéar Araibise thall ar feadh bliana.

Leath slí síos bóithrín caol i nDamaisc, an chathair is críonna ar domhan, bhí boladh breá i mo thimpeallú. Taobh thiar d'fhuinneog bheag, bhí fear ag ullmhú sicphiseánach le híle i bpota domhain donn. Ghlaoigh sé "Wilkomm, please, marhaba". Gan mo dheirfiúr, níor éirigh liom an-chuid a rá, seachas an cúpla focal Araibise. Chloisfeá an abairt "al humdallala". D'úsáideas é, mé ciontach ag tagairt do Ala, ar lá na Nollag...

Leag sé spúnóg mór adhmaid isteach sa phota agus shocraigh sé an hummus úr tiubh i mála plaisteach dom, le costas deich lira nó fiche cent air. Dúireas "Shukran" cúpla babhta eile ag mothú ait, mar eachtrannach róshaibhir i dtír bhocht. Bhailíos liom le boladh spíosraí an Mheánoirthir do mo leanúint ag dul síos an tsráid.

READ MORE

I siopa bróg, tháinig grúpa ban isteach clúdaithe ó bhun go barr, cé nach mbíonn gach duine ag caitheamh seáil. Bhain bean amháin a seál síoda di, chun a gcuid buataisí nua a thriail uirthi. Bhí sí chomh dathúil, gléasta in éadaí áille, i bhfad níos faiseanta ná mo chuidse.

Faraor, ní chífeadh éinne iad seachas a mhuintir agus na fearaibh sna siopaí. Ní raibh bean le feiscint ag obair, in aon ghnó, cuma cén ceann, ó siopa lingerie go poitigéir, go bialann. Thiománamar i ngluaisteán le treoraí, Mohamad, le linn na laethanta saoire.

Bhíomar faoi gheasa áilleacht Phalmera. Stopamar ag Krak de Chevaliers. Daingean cumhachtach maorga uasal is ea é atá 2,300 troigh os cionn na mara a tógadh sa Mheánaois agus ar ghlac muintir na Crosáide seilbh air.

Ghabhamar tríd an ghaineamhlach agus bhí cairde, dream Beidiúnach, ag an tiománaí a bhí ina gcónaí i bpuball (le satailít don teilifís). D'ofráil siad hummus agus caoirfheoil dúinn agus ghlacamar lena gcuid spiorad fial. Gan sceanra in úsáid, bhíomar ag iarraidh bheith chomh néata leosan. Chífeá an tatú henna nuair a shínfeadh na mná a lámha amach chun tuilleadh aráin a thabhairt duit. Bhí henna ar aghaidh na mban san áit seo chomh maith.

Ar ais sa chathair, aon uair a chuamar thairis tithe, bheidís ag glaoch orainn teacht isteach. Bhí am acu. Ní fhéadfaimis a rá nach raibh an t-am againn. Suite i seomra lom ar chúisiní ar cairpéad dearg agus fala bán, tháinig an tae milis amach ar trádaire agus bhí mo dheirfiúr cráite ag déanamh aistriúcháin don deichniúr againn.

I bhfuinneog siopa, chonaiceamar gach aon saghas éadach a d'fhéadfá a shamhlú. Tháinig fear chugainn ag cur fáilte romhainn. Leanamar é, go cúl an tsiopa, amach seandoras, suas staighre eile, go dtí seomra ollmhór clúdaithe le héadach de gach dearadh ar domhan. Sa chúlra, bhí an ceol Arabach báite ag torann adharcanna na dtacsaithe a bhí á bhrú gan sos.

Roghnaigh beirt fhear dearadh dochreidte le dathanna órga an Mheánoirthir dom. Faraor, ba siopa é seo a bhí ar son úinéirí Mercedes is ór. Baineadh an costas geit asam agus tar éis an tae milis a ól suas, ní mó ná sásta a bhí na fir leis na heachtrannaigh nár cheannaigh. Thángamar ar mhargadh beag le gúna dearg le dearadh éagsúil a bhí foirfe. Thógas é sin, le bróga lonracha dearga mar bhronntanas Nollag dom féin.

Maloula is ea an áit ina labhraítear an teanga, Aramais, a bhí ag Íosa Críost. Ar lá Nollag, rinneamar malairt paidir le bean dúchasach. Dúirt sí paidir in Aramais agus dúramar Ár nAthair di. Chuaigh an chlann i gcóir dhinnéar lá na Nollag go Bob Tuama, ceathrú na gCríostaithe i nDamaisc. Bhailigh an slua beag Críostaithe le chéile. Thriallamar amach an turcaí le rís bán ann. Cheannaigh m'athair clog alairm le "Allah-al-akbar" ag scréachadh amach, mar bhronntanas Nollag dom. Dúisím gach maidin á chlos.

I mbliana beimid fada ón Meán-Oirthear ach beimid ag cuimhneamh ar na daoine séimhe ar bhuaileamar leo an seal sin sa tSiria.