Rangannaar fud na cruinne

Tá beagnach 40 ollscoil agus coláiste tríú leibhéal ó Bheirlín go Bostún anois i mbun ranganna Gaeilge - a bhuíochas sin ar dheontais…

Tá beagnach 40 ollscoil agus coláiste tríú leibhéal ó Bheirlín go Bostún anois i mbun ranganna Gaeilge - a bhuíochas sin ar dheontais ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tugann an Roinn deontais as Ciste na Gaeilge, ciste speisialta a bhfuil €300,000 ann, le teagasc na Gaeilge a chur chun cinn i bhforais tríú leibhéal thar lear. Agus tá iarraidh mhór ar an airgead céanna. Tá institiúidí léinn sa Ghearmáin, sa Pholainn, san Ungáir, sa Fhrainc, sa Bhreatain Bhig, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe ag tarraingt as an tobar.

Dúirt an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, gur chuir sé iontas air fáil amach an meas a bhí ag na hinsititiúidí ar an airgead. Bhí "an-luach" acu ar an mhaoiniú mar gur "eochair" a bhí ann le hairgead a fháil óna n-institiúidí féin. Ba mhór an chabhair acu an t-airgead a fháil ón Rialtas dá bharr sin. Ba cheart don Stát an Ghaeilge a chur chun cinn ar an choigríoch ar an ábhar go raibh cuid mhór daoine thar lear ag cur spéis sa Ghaeilge agus tháinig siad go hÉirinn le staidéar a dhéanamh uirthi, a dúirt sé. Lena chois sin, bhí deis ag Éireannaigh óga taisteal go hollscoileanna thar sáile agus taithí a fháil orthu.

Ó thaobh theagasc na Gaeilge sna Stáit Aontaithe de, tá páirtnéireacht bunaithe ag Roinn na Gaeltachta leis an choimisiún Fulbright le cúntóirí teagaisc Ghaeilge a chur ar fáil. Beidh cúntóirí Gaeilge ag obair ar ollscoil Notre Dame (Indiana), ollscoil Southern Illinois, ollscoil Thómais (Minnesota) agus ar ollscoileanna i Nua-Eabhrac le linn na bliana acadúla 2007/08.

READ MORE

Tá Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag teagasc Gaeilge sa Bronx, Nua-Eabhrac: "Is léir go bhfuil an Ghaeilge i Meiriceá ag méadú ach ní Gael-Mheiriceánaigh amháin atá á foghlaim. Tá Coláiste Lehman suite i gceantar Easpáinneach agus tá ag éirí leis an bhfoireann ansin daoine a mhealladh ó gach saghas cúlra i dtreo na Gaeilge. Bíonn teileachomhdháil ar siúl idir Lehman agus Queens, áit a bhfuil deichniúr ag freastal ar ranganna Gaeilge."