Oidhreacht an cheoil

Tá Foras na Gaeilge agus Bord na hUltaise ag reáchtáil léachtaí "Ceiliúradh ar ár nOidhreacht Cheoil Chomónta" san oíche anocht…

Tá Foras na Gaeilge agus Bord na hUltaise ag reáchtáil léachtaí "Ceiliúradh ar ár nOidhreacht Cheoil Chomónta" san oíche anocht i mBéal Feirste agus san oíche amárach i mBaile Átha Cliath.

Beidh an fliúiteadóir, an tUrramach Gary Hastings, agus an t-amhránaí agus craoltóir, Brian Mullen, páirteach sna cainteanna. Cuirfidh siad in iúl don lucht féachana nach mbíonn baint ar bith ag an cheol leis an pholaitíocht ná le páirtí ar bith agus gurb é an ceol oidhreacht chomónta phobal na hÉireann.

Dúirt ceannaire an Fhorais, Seosamh Mac Donncha: "Bainfidh duine ar bith a bhfuil dúil acu i gceol na hÉireann an-sult agus tairbhe as na léachtaí seo."

Is i Leabharlann Halla an Línéadaigh, Béal Feirste, ag 8pm a bheidh ócáid na hoíche anocht agus beidh caint an lae amáraigh in Ionad Ealaíon Bhanc na hÉireann, Plás Foster, Baile Átha Cliath, ag 8pm.