Meachan rudai

An Peann Coitianta: Mo mheáchan i do bhaclainn sa phictiúr dínn beirt i Fitzgerald's Park, is mise in aois a trí

An Peann Coitianta: Mo mheáchan i do bhaclainn sa phictiúr dínn beirt i Fitzgerald's Park, is mise in aois a trí. Ár meáchan araon. Ár gcómheáchan.Meáchan do hata anuas ar do gháirí. Mo mheáchan is tú dom iompar ar feadh naoi mí.

Meáchan suí agus luí agus éirí. Do mheáchan féin nár ardaíos riamh ó thalamh ach chun tú a chur i dtalamh.

Do mheáchan beo. Do mheáchan marbh. Meáchan na bhfocal ag éirí is ag titim eadrainn mar a bheadh sciatháin scuaine ealaí. Trom-mheáchan urnaí. Cleitemheáchan di-diddle-dí. Meáchanlár fáinne fí na gcuimhní.

Meáchan cheol do ghutha ón tuath sa chathair. Meáchan do bheoldatha ag luí ar do liopaí ag aeráil ghutaí.

READ MORE

"He's full of teaspy" agus an "y" a rá chomh leathan le "aí". "What's it all for" agus "all" a rá ar nós "ál". "Isn't he the right cadet" agus "cadet" a rá ar nós "cad é".

Do mheáchan sa chóta bán ag seasamh i lár an urláir ag rá Kevin Barry. Meáchan na héisteachta leat. Meáchan mála na mná cabhartha ag iompar naíonáin eile isteach ón sráid.

Meáchan do chumhrachta i seomra na hiarbhreithe. Meáchan do thuirse máthartha á rá liom bheith amuigh go cneasta.

Meáchan na bhfód is tú ag adú na tine sa tigh tuaithe. Meáchan nár chuaigh riamh as. Meáchan an oighinn ar an gcroch. Meáchan na gcaorán dearg ar an gclúdach ar an mbarr.

Meáchan na bácála. Meáchan an bholaidh. Meáchan an aráin á ardú amach as. Meáchan na n-éadaí leapan agus na seanchasóg ag luí anuas orm teolaí. Meáchan nár mhian liom éirí amach go deo as. Meáchan cnis. Meáchan phíóg úll a chuiris chugam tríd an bpost.

Meáchan do ghaolta. Meáchan muinteartha. Meáchan sinseartha. Meáchan comharsan. Meáchan seanchais. Meáchan an tsaoil mhóir. Meáchan sagart. Meáchan bráithre. Meáchan óil. Meáchan staire.

Meáchan do ghrinn. Meáchan na ndaoine a thug na cosa leo. Meáchan an tsaoil eile. Meáchan do chreidimh. Meáchan duairc do chuid sceoin. Meáchan do náire.

Ár meáchan araon ag bualadh le chéile sa chathair chun lóin. Meáchan m'fhoighne ag fanacht leat ag doras séipéil. Meáchan d'fhoighnese ag fanacht liom chun teacht isteach.

Meáchan do chuid paidreoireachta. Meáchan chrosa an tsaoil. Meáchan do ghoile. Meáchan do chuid moille i mbun bia. Meáchan do thráchtaireacht leanúnach ar an saol.

Meáchan aerach an chailín á thabhairt do na boinn chuig rincí. Meáchan an bhosca ceoil ar do ghuailní. Meáchan do dhá ghlúin ag coimeád tionlacan le rincí.

Meáchan na málaí siopadóireachta agus tú ag siúl in aghaidh an chnoic ón gcathair. Meáchan an liú a ligteá uait dá dtiocfainn ort i gan fhios aníos ón gcúl.

Meáchan na málaí im lámha ag siúl aníos id theannta. Meáchan mo mhálaí féin ag triall ón ollmhargadh faoi mar a bheinn ag siúl ar aon choiscéim id theannta.

Meáchan an sceimhle i do shúile agus iad ag glaoch ort ón taobh thall. Meáchan an diúltaithe dul ann. Meáchan an ancaire agus é ag greamú go docht ionat ón mbruach thall.

MEÁCHAN na rún nach raibh aon cheilt orthu níos mó. Meáchan an ghrá gan rá a d'fhuascail glaoch an bháis ionat.

Meáchan an mhearbhaill a d'fhág do cheann ina roithleagán ró. Meáchan na beatha ag dul as. Meáchan mo chuairt dheireanach ort.

Do mheáchan coirp agus tú ag luí os cionn cláir trí oíche agus trí lá. Meáchan an tí. Meáchan mhuintir na tuaithe ag triall ar an dtigh cathrach. Meáchan a monabhair. Meáchan do chomhrá linn féin ón dtaobh thall. Meáchan na rudaí a bhíodh á rá agat led bheo agus a bhí fós led mharbh.

"That monkey tree is blocking the view and should be cut down". "He who loves the danger shall perish therein".

Fós do mheáchan teanga.Meáchan an cheatha nár lig dúinn seasamh fada a dhéanamh ag béal na huaighe.

Éadroime d'anama a luigh orainn ar nós braillín síoda i do leaba tar éis tú adhlacadh.