Imram linn

Tá an fhéile litríochta Imram chugainn arís an tseachtain seo agus sraith d'imeachtaí fíorshuimiúla ar siúl i mBaile Átha Cliath…

Tá an fhéile litríochta Imram chugainn arís an tseachtain seo agus sraith d'imeachtaí fíorshuimiúla ar siúl i mBaile Átha Cliath ón lá inniu go dtí an Domhnach, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tabharfaidh na himeachtaí seo deis do phobal na hardchathrach cuid de na scríbhneoirí is iomráití - atá ag cur saothair ar fáil i nGaeilge faoi láthair - a fheiceáil ina steilleabheatha i suímh éagsúla ar fud na cathrach.

Cuirfear tús leis tráthnóna inniu in Áras Chonradh na Gaeilge ag 6pm le seoladh cnuasach gearrscéalta Ingne Dearga Dhaideo le Pádraic Breathnach, duine de na gearrscéalaithe is bisiúla sa Ghaeilge.

Ní fada an turas ó Shráid Fhearchair go dtí The Sugar Club i Sráid Liosáin Íochtarach mar a mbeidh glór na mban le cluinstin agus ina measc beidh Dairíne Ní Chinnéide, ag léamh as a cnuasach filíochta, An Trodaí, atá le foilsiú an bhliain seo chugainn.

READ MORE

Tá lucht eagraithe Imram le moladh as cuid mhór de na himeachtaí a chur ar siúl in ionaid nach mbíonn imeachtaí Gaeilge iontu de ghnáth, ar nós FILMBASE i mBarra an Teampaill mar a mbeidh Mór-Aonach Leabhar ar siúl Dé hAoine agus Dé Sathairn agus deis ag an phobal léargas a fháil ar shaibhreas foilsitheoireachta na Gaeilge.

eidh an tUltach Philip Cummings ag léamh dánta óna chéad chnuasach Néalta agus an ceardaí próis, Seán Mac Mathúna, ag léamh as bailiúchán dá chuid gearrscéalta Úlla i gCearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, ag 6pm Dé hAoine.

Ar ais sa FILMBASE Dé Sathairn ag 2.30pm beidh triúr scríbhneoirí Ultacha i mbun léitheoireachta: beidh an craoltóir agus léiritheoir raidió, Cathal Póirtéir, a bhfuil filíocht agus gearrscéalta foilsithe aige; an gearrscéalaí, Fionntán de Brún agus eagarthóir an cholúin seo, Pól Ó Muirí, a bheidh ag léamh a chuid filíochta.

Ba dhoiligh féile litríochta a shamhailt gan an file Nuala Ní Dhomhnaill páirteach ann agus beidh sí féin agus an scríbhneoir agus criticeoir, Alan Titley, le cluinstin in The Hub i mBarra an Teampaill oíche Shathairn ag 8pm.

Agus níl ansin ach cuid de na himeachtaí a bheidh ann chun blaiseadh a thabhairt ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus ar an cheol. Cuirfear clabhsúr leis an fhéile sa Halfpenny Bridge Inn ag meán lae Dé Domhnaigh. Eolas: liamog62@eircom.net nó 087-2912797.